Ní chuirfidh aos óg na tíre seo suas go deo le síorsheachaint na géarchéime tithíochta

Ní féidir fíorleigheas ar an ngéarchéim tithíochta a chur ar an méar fhada go deo

Ní chuirfidh aos óg na tíre seo suas go deo le síorsheachaint na géarchéime tithíochta

Pictiúr: RollingNews.ie

Tarraingíodh aird ar riachtanas a sheachain gach rialtas le scór bliain ar a laghad i dtuairisc a foilsíodh Déardaoin. I mbeagán focal, léirigh an tuairisc bearna mhór idir líon na dtithe agus na n-árasán nua a mheastar a thógfar sa tír sna blianta atá romhainn agus líon na dtithe agus na n-árasán a theastaíonn.

Tá sé mar aidhm ag an rialtas go dtógfar 25,000 áit chónaithe ar a laghad gach bliain idir seo agus 2040. Ach measann na taighdeoirí san Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ESRI) a scríobh an tuairisc nua go mbeidh gá le 28,000 teach nó árasán nua ar a laghad in aghaidh na bliana sa tréimhse chéanna.

Ar an gcéad amharc níl cuma ródhona ar an mbearna idir an dá mheastachán. Ach fiú má fhágtar i leataobh na deacrachtaí, nach gá a lua, a chuir isteach ar thógáil tithe i mbliana (meastar gur 17,000 ar a mhéid a bheidh tógtha faoi dheireadh na míosa), is léir an chúis imní.

Níor tógadh ach 19,000 teach nó árasán nua anuraidh, nuair a bhí an geilleagar faoi bhláth agus éileamh ard ar thithe ar fud na tíre. Mar sin mura dtagann feabhas suntasach ar an ráta tógála idir 2021 agus 2024 (an bhliain iomlán deireanach sula gcaithfear an chéad olltoghchán iomlán a ghairm) beidh suas le 36,000 duine nó lánúin fós ag iarraidh ionad cónaithe a aimsiú.

Má bhíonn rath ar an ngeilleagar san idirlinn, agus méadú dá réir ar an ráta inimirce, deir údair na tuairisce linn nach 28,000 teach nua ach 33,000 a bheidh de dhíth ar an tír gach bliain.

Measann na taighdeoirí Adele Bergin agus Abián García-Rodríguez gur i mBaile Átha Cliath agus i gcathair Chorcaí agus sna réigiún máguaird a bheidh an t-éileamh is mó ar thithe. Ach tá anailís déanta acu ar an éileamh a d’fheicfí dá rachfaí i mbun forbartha mar atá leagtha amach sa Chreat Náisiúnta Pleanála.

Dá dtiocfadh méadú níos leithne agus níos cothroime ar leagan amach an daonra (‘dá’ ar fiú go mór é a phlé dáiríre), bheadh, a deir na húdair, éileamh níos mó ar thithíocht i Luimneach, i gcontae agus cathair na Gaillimhe, i gcontae Chorcaí agus i gcathair Phort Láirge.

Ní foláir a rá láithreach nach gcuirfidh na meastacháin seo iontas ar aire rialtais ná ar Theachta Dála ar bith. Ní foláir a rá freisin gur íoc an Roinn Tithíochta agus Rialtais Áitiúil as an taighde.

Tá a fhios ag gach ionadaí tofa sa tír beagnach go mbíonn achar fada ama idir riachtanas nó fadhb a thuiscint agus tabhairt faoina réiteach. Is fusa go mór cur síos a dhéanamh ar riachtanas tithíochta ná na hacmhainní agus na tógálaithe agus na suíomhanna a theastaíonn a aimsiú, gan trácht ar a chur ina luí ar an bpobal áitiúil gur chóir dul chun cinn le scéim tithíochta.

Tá scata Teachtaí Dála ar an dá thaobh de Theach Laighean a dúirt go minic go raibh tithe breise ag teastáil go géar ach a thug tacaíocht do dhaoine a dúirt nach raibh forbairtí a bhí beartaithe “oiriúnach”. Nó rómhór, nó ró-ard, nó róchostasach agus mar sin de.

“Tá a fhios againn go léir cad ba chóir a dhéanamh,” a dúirt Jean-Claude Juncker le linn a thréimhse mar Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh idir 2014 agus 2019, “ach ní heol dúinn cé mar a atoghfar muid má dhéanaimid é”.

Is deacair ráiteas Juncker a shárú mar chur síos ar dhúshlán mór polaitiúil de chineál ar bith. Leithéid an dúshláin tithíochta nár thug rialtas ar bith aghaidh i gceart air ó thosaigh ré an Tíogair Cheiltigh sna 1990idí.

Ní chuirfidh aos óg na tíre seo suas go deo leis an tsíorsheachaint dúshláin seo. Cuirfear brú as cuimse lá éigin ar pháirtí nó ar pháirtithe atá ag iarraidh dul i mbun rialtais nó fanacht i mbun rialtais cothrom na Féinne a thairiscint dóibh, agus a chur i bhfeidhm. Dá luaithe an lá sin, is ea is fearr.

Fág freagra ar 'Ní chuirfidh aos óg na tíre seo suas go deo le síorsheachaint na géarchéime tithíochta'