Ní chothóidh moilleadóireacht muinín go bhfaighidh íobartaigh na dTrioblóidí a gceart

Cé go raibh ardmheas ag íobartaigh ar Sir Declan Morgan nuair a bhí sé ina phríomhbhreitheamh i dTuaisceart Éireann, b’údar díomá ag go leor é gur ghlac se le cathaoirleacht an ICRIR

Ní chothóidh moilleadóireacht muinín go bhfaighidh íobartaigh na dTrioblóidí a gceart

Ráiteas oifigiúil ón gCoimisiún Neamhspleách um Athmhuintearas agus Faisnéise [ICRIR] an tseachtain seo lena chruthú go mbeidh sé cuntasach.

Ba léir go raibh ceannaire an Choimisiúin, Sir Declan Morgan, ag súil go gcuideodh an t-eolas go raibh íobartaigh i dteagmháil leo chun muinín a chothú. Mímhuinín sa bhforas ba mhó a bhí cloiste go dtí sin ó thug móramh ollmhór droim láimhe leis, fiú sular bunaíodh é i dtús na Bealtaine.

Ní mór an méid 85 cás as breis is míle eachtra nár fuasclaíodh. Nuair a chuirtear san áireamh áfach go raibh seans nach ndéanfadh éinne teagmháil leo is cosúil gurbh fhaoiseamh don gCoimisiún an 85 cás sin. Astu siúd tá ocht gcás á bhfiosrú, ina measc buamáil Guildford i Sasana beagnach caoga bliain ó shin.

Maraíodh cúigear san ionsaí a rinne an tIRA ar thábhairne, ceathrar saighdiúirí sna déaga, beirt bhan agus beirt fhear agus sibhialtach 22 bliain d’aois. Gortaíodh 57 agus in ionsaí eile in aice láimhe gortaíodh ochtar eile.

Tharraing an t-uafás aird na cruinne i ngeall ar an iomrall ceartais a bhain leis; ciontaíodh ‘ceathrar Guildford’ agus ‘seachtar Maguire’ san éagóir agus chaitheadar blianta i bpríosún sular cuireadh a gciontuithe ar neamhní. Níor cúisíodh na daoine a d’admhaigh an t-ionsaí, cuid de ‘Balcombe St gang’ an IRA agus ní bhfuair gaolta na marbh ná na daoine a gortaíodh freagraí ariamh.

D’eascair an Coimisiún, an ICRIR, as plean conspóideach de chuid na dTóraithe a gheall cosaint ó chúiseamh d’iarshaighdiúirí as eachtraí a tharla le linn na dTrioblóidí. Dá bharr rith rialtas na Breataine reachtaíocht chun bac a chur ar chúisimh, ionchoisní agus cásanna sibhialta ‘chun líne a tharraingt faoi na dTrioblóidí’ a dúradar. Scrúdódh Coimisiún um Athshlánú Eolais agus Athmhuintearas cásanna stairiúla in ionad iad a fhágáil faoi riar na córa – an ICRIR.

Bhí saoirse ó chúiseamh d’fhórsaí an stáit agus do pharaimíleataigh san Acht Oidhreachta agus Athmhuintearais ach rialaigh an ardchúirt i mBéal Feirste in achomharc go gcuirfí an fhoráil ar ceal toisc gur shárú ar an dlí idirnáisiúnta um chearta daonna í. Baineadh siar as lucht an achomhairc nuair a rialaigh an ardchúirt freisin go mbeadh an Coimisiún ábalta fiosruithe éifeachtacha a rith a shásódh an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine.

Cé go raibh ardmheas ag íobartaigh ar Sir Declan Morgan nuair a bhí sé ina phríomhbhreitheamh i dTuaisceart Éireann, b’údar díomá ag go leor é gur ghlac se le cathaoirleacht an Choimisiúin.

D’ainneoin rialú na hardchúirte b’fhacthas dóibh nárbh fhéidir muinín a bheith acu as an ICRIR mar gur chuid de cheilt an chirt orthu é i ngeall ar an reacht faoinar bunaíodh é. Mhaígh an t-iarBhreitheamh Morgan go gcinnteodh sé go mbeadh obair an Choimisiúin ag teacht leis an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine.

Bhí a fhios aige nach ribín réidh a bheadh ann muinín a chothú. ‘Sé an rud is tábhachtaí,’ a dúirt an Breitheamh Morgan in agallaimh Dé Luain, ‘nuair a deir sinn go gcomhlíonfar an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine sna fiosruithe seo go dtaispeánfaimid gurb é sin go díreach a dhéanfaimid – agus ar an gcaighdeán is airde ar fad.’

Dúirt sé go ndéanfadh siad a ndícheall do gach duine a iarrfaidh orthu cás a fhiosrú chun an fhírinne lom a sholáthar agus a gceisteanna a fhreagairt.

Cé is moite de bhuamáil Guilford 1974 ní raibh an Coimisiún toilteanach a rá cad iad na seacht gcás eile atá curtha faoina mbráid. Déanfaidh cás Guildford tástáil ar cé mhéad cumhachta agus éifeacht na gcumhachtaí atá ag an gCoimisiún.

Nuair a ritheadh ionchoisne Guildford dhá bhliain ó shin, ar deireadh, fiosrú an-teoranta ab ea é ar bhás na saighdiúirí Caroline Slater, 18, William Forsyth, 18, John Hunter, 17, Ann Hamilton, 19, agus an sibhialtach Paul Craig, 22. Tháinig sé chun solais go raibh tuairisc oifigiúil ar fhiosrú faoin uafás agus faoin iomrall ceartais curtha faoi ghlas go ceann 50 bliain eile – murab ionann agus formhór na gcáipéisí stáit a scaoiltear amach taobh istigh de scór bliain. An ligfear don ICRIR iad a scrúdú?

Buille tubaisteach a bheidh ann do na teaghlaigh agus do sheasamh an choimisiúin mura ligfear. Beifear ag súil le tuairisc an Choimisiúin go luath an bhliain seo chugainn.

An mbeidh stádas an ICRIR athraithe faoin am sin? Cé gur gheall an Lucht Oibre go gcuirfear reacht na dTóraithe ar ceal táthar fós ag fanacht le plean nó clár ama. Ina theannta sin tá an Státrúnaí Hilary Benn an-tugtha don ICRIR. Is cosúil go nglacfaidh sé le roinnt leasuithe – faoi bhrú ón Tánaiste – ach is údar míshuaimhnis é a chur chuige go dtí seo. Is maith ann admháil an rialtais nua sa Bhreatain go raibh an reacht do-ghlactha ach ní bheathóidh briathra na bráithre; ní chothóidh moilleadóireacht muinín.

Fág freagra ar 'Ní chothóidh moilleadóireacht muinín go bhfaighidh íobartaigh na dTrioblóidí a gceart'