Ní bhfuair treibheanna dúchais Mheiriceá bás ag Wounded Knee…

Déantar cur síos i leabhar nua ar conas a mhair cultúr dúchasach na nIndiach Meiriceánach go dtí an lá atá inniu ann ainneoin an méid a ndeachaigh sé tríd

Ní bhfuair treibheanna dúchais Mheiriceá bás ag Wounded Knee…

David Treuer

The Heartbeart of Wounded Knee: native America from 1890 to the present (Littlebrown)

An té a chuireann spéis i gcultúr dúchasach na nIndiach Meiriceánach, léann sé, luath nó mall, Bury My Heart at Wounded Knee le Dee Brown, scéal coscrach scáfar faoi shaol na nIndiach. Sa bhliain 1970 a foilsíodh Bury My Heart at Wounded Knee agus tá clú agus cáil ar an téacs ó shin.

Is cliste, mar sin, mar a thugann David Treuer The Heartbeart of Wounded Knee: native America from 1890 to the present (Littlebrown) ar a leabhar nua. Aithneoidh duine ar bith leis an eolas is lú ar chúrsaí na nIndiach na focail ‘Wounded Knee’ láithreach agus spreagann an focal ‘heartbeat’ ceisteanna eile sa chloigeann. Is é téis Treuer nach bhfuair treibheanna dúchais Mheiriceá bás ag Wounded Knee ach gur mhair siad ina ainneoin sin agus gur mhair a gcultúr, más ar éigean é, más go pianmhar nimhneach féin é, go dtí an lá atá inniu ann.

Scéal i ndiaidh an scéil is bunús le leabhar Treuer, mar sin. Cuireann sé cuireadh ar an léitheoir bheith leis ar thuras stairiúil agus ar thuras comhaimseartha. Cuireann sé síos ar stair na nIndiach dúchasach i Meiriceá Thuaidh – ar an chósta thoir, thiar agus ar gach fearann idir eatarthu; cuireann sé síos ar na cathanna fuilteacha a fearadh ar na daoine céanna, ar ar fhulaing siad agus cuireann sé síos ar an choimhlint idir treibheanna.

Seanscéal fuilteach faoin am seo atá ann ach is ceart an doirteadh míthrócaireach fola sin a chur os comhair an phobail arís eile:

In 1837 … the American Fur Company in the Blackfeet homeland knowingly sent a smaller boat with traders who had smallpox deep into Blackfeet country. Between 10,000 and 15,000 Blackfeet died of the disease, thereby ending their dominance. At that time a vaccine for smallpox had been readily available for at least 40 years, but the trading companies didn’t require their employees to be vaccinated.

Ach, mar a thugann Treuer le fios, níor éirigh leis na feachtais agus leis na coireanna in aghaidh an chine dhaonna, níor éirigh leo deireadh ar fad a chur leis na treibheanna. Is cinnte go ndearnadh scrios ar roinnt acu; tá roinnt treibheanna nach bhfuil iontu anois ach fonóta náireach i leabhair staire. Thairis sin, tháinig treibheanna eile slán ina gceantair dhúchais agus bhog an rialtas mórán eile acu dá gcuid tailte traidisiúnta le foréigean. Tugadh orthu sin cónaí a dhéanamh “in árais ó dhaoine/A leagfadh cíos/Ar an mbraon anuas”. Sea, bhí glúnta Seoiníní cama ann a bhí sásta cúpla dollar a bhaint as an Indiach agus a gcuid deontas rialtais.

Mar sin féin, a scríobhann Treuer, tá borradh faoi chultúr na nIndiach, faoin phobal, anois nach raibh ann roimhe sin, rud a thug air féin tabhairt faoin leabhar seo. Indiach é Treuer, de bhunadh an Ojibwe i dTuaisceart Minnesota. Ní raibh meas aige ar a chultúr féin agus é óg agus, murab ionann agus mórán eile dá ghlúin, chuaigh sé chun na hollscoile. Faoiseamh ní bhfuair sé sa léann ná sa tsaol taobh amuigh den tearmann. Tháinig ciall le haois agus, de réir a chéile, chonaic sé na buanna a bhain lena thógáil.

Ní hionann sin agus a rá nach n-aithníonn sé na fadhbanna atá ag a phobal. Tá cúrsaí dífhostaíochta an-ard ina measc; tá diaibéiteas ar chuid mhór acu de bharr drochbhia agus easpa aclaíochta; faigheann barraíocht fear bás go hóg; tá foréigean róchoitianta sa bhaile agus taobh amuigh de, mar aon le ciapadh gnéis agus cúrsaí ólacháin fosta.

Ach, de réir a chéile, tá na treibheanna ar fad ag aimsiú a gcuid cranna foirtil as an nua. Tá tuigse ag teacht chucu faoi ról tábhachtach a gcuid teangacha agus an cultúr trí chéile agus an cúram atá orthu féin iad a thabhairt slán:

‘When a community is whole, language grows out of the web of relationships that make that community; it is a by-product of intergenerational togetherness.’

Creideann Treuer go bhfuil athrú meoin ann i leith an tearmainn féin. Ní áit í a thuilleadh le bás a fháil ann, áit sheargtha, ach áit chun beatha a dhéanamh ann, le slí bheatha a bhaint amach. Scríobhann Treuer ar fhorbairt na gcasaíní ar thailte traidisiúnta agus na buntáistí agus, sea, na míbhuntáistí a bhaineann leo. Scríobhann sé go bhfuil roinnt treibheanna in ann cúpla dollar a dhéanamh astu agus cás a bpobail féin a fheabhsú.

Tá cásanna eile ann ina gcothaíonn an casaíne iaróg taobh istigh den treibh féin. Tá airgead le déanamh ach tá roinnt ceannairí anois ag iarraidh ballraíocht sa treibh a chúngú ionas go mbeidh ciste an óir le roinnt idir níos lú daoine. Tá roinnt treibheanna ag díbirt daoine den rolla, á gcaitheamh amach mar bhaill treibhe, á rá nach bhfuil go leor den fhuil cheart iontu.

Ní leabhar mór trom staire é The Heartbeat of Wounded Knee. Tá an-eolas staire ann, gan amhras, ach tá Treuer oilte i mbun pinn. Duine é atá ag scríobh ar dhaoine agus ag caint le daoine. Dá réir sin, tá scéal an lae inné ann, scéal an lae inniu ann agus leid faoi scéal an lae amárach.

Fág freagra ar 'Ní bhfuair treibheanna dúchais Mheiriceá bás ag Wounded Knee…'