Ní bheidh faic idir Baile Gunnair agus Baile Héil

I gcluichí leathcheannais na gclub beidh Naomh Tomás na Gaillimhe i gcoinne sheaimpíní Aontroma, Cúchulainn Dhún Lathaí agus tabharfaidh Baile Héil Chill Chainnigh aghaidh ar churaidh na hÉireann, Baile Gunnair

Ní bheidh faic idir Baile Gunnair agus Baile Héil

Tá séasúr na Nollag linn agus cluichí tábhachtacha fós ar siúl. Dhá chluiche mhóra a bheidh ar siúl amárach sa gceanncheathrú.

Sa chéad chluiche beidh Naomh Tomás na Gaillimhe, rogha na n-údar, i gcoinne sheaimpíní Aontroma, Cúchulainn Dhún Lathaí. Tá an t-uafás taithí ag Naomh Tomás agus iad thar a bheith dírithe ar an chluiche ceannais  a shroichint, go háirithe i ndiaidh an sórt robáil a rinne Baile Héil orthu sa cluiche leathcheannais anuraidh.

Tá cúig chraobh contae i ndiaidh a chéile acu ach níl craobh na hÉireann buaite acu ó 2013. Cuireadh tástáil mhaith orthu i gcluiche ceannais na Gaillimhe agus san athimirt ach bhí an lá leis na seaimpíní sa deireadh. Cuimhnigh go bhfuil seisear de na Búrcaigh acu agus Conor Cooney mar chnámh droma acu, rud a fhágann neart agus mianach iontu, gan trácht ar thaithí.

Ach níl imreoirí Chúchulainn gan dóchas. Bhuadar ar fhoireann a bhfuil an-rath uirthi agus atá thar a bheith láidir, Sleacht Néill, i gcluiche ceannais Uladh coicís ó shin agus tá bainisteoir na foirne, Gregory O’Kane thar a bheith bródúil as a fhoireann óg. Tá Conal Gunning thar barr le tamall anois, mar atá Ryan McGarry agus Kevin Molloy sna cúlaithe agus Nigel Elliot agus Aaron Crawford chun tosaigh. Bheadh sé deacair dul i gcoinne Naomh Tomás ach ní dóigh go mbeidh mórán eatarthu.

Ach is é an dara cluiche i bPáirc an Chrócaigh atá ag mealladh na gceannlínte agus cuid mhór den díospóireacht ar na meáin.

Rinneadh cáineadh go leor toisc an cluiche seo idir na seaimpíní Bhaile Gunnair agus Baile Héil a bheith ar siúl ag an am céanna le cluiche  ceannais chorn an domhain sa sacar. Ach beidh leantóirí dílse an dá chlub i láthair agus leantóirí eile ag féachaint ar an aicsean ar TG4 agus guth aitheanta Brian Tyers (le cúnamh Dé) ag déanamh cur síos ar an gcoimhlint idir an dá chlub is láidre sa tír le tamall de bhlianta.

Caithfidh mé a admháil go bhfuilim an-tógtha le Baile Gunnair agus an stíl imeartha atá curtha le chéile acu le roinnt blianta. ‘Brilliant Ballygunner’ a bhí mar cheannteideal ag ceann de na páipéir i ndiaidh an bhua a bhí acu i gcoinne Bhaile Aodha coicís ó shin. Agus sin ceann de na haidiachtaí is coitianta a úsáidtear faoin bhfoireann speisialta seo atá thar a bheith dílis don chóras imeartha atá acu. Tuigim go maith go dtógann sé an t-uafás ama ar fhoireann amaitéarach córas a fhorbairt a oireann dóibh. Is soiléir go bhfuil lucht bainistíochta éirimiúil acu agus imreoirí a chreideann sa chóras agus atá sásta an dianobair a chur isteach ar an pháirc traenála agus cloí leis na pleananna sna cluichí.

Dar ndóigh tá plúr na n-imreoirí iománaíochta ag foireann seo Bhaile Héil freisin agus duine díobhsan é TJ Reid atá ar dhuine de na healaíontóirí is fearr a d’imir an cluiche ársa seo riamh. Mar sin féin tá ceisteanna faoi chumas na foirne seo críoch mhaith a chur le cluichí.

Anuraidh agus an cluiche ceannais eatarthu ag teannadh chuig deiridh, ní raibh ach poc amháin eatarthu agus is ionadaí le Baile Gunnair, Harry Ruddle a thug an poc sin den sliotar chríochnaigh in eangach Bhaile Héil. Leis an gcúl sin buadh agus cailleadh an cluiche. Agus sin chomh cothrom is atá cúrsaí idir an dá fhathach seo.

Bunaithe ar an bhfianaise go dtí seo i mbliana, ní dóigh liom go bhfuil mórán athraithe agus tá muinín na seaimpíní ag na ‘Champs ‘ ó Phort Láirge. Agus é sin scríte, tá sé thar a bheith deacair buaiteoir a phiocadh. Ní mór don dá fhoireann a bheith an-chúramach faoi bhuillí saora a ghéilleadh mar tá Reid agus Mahony fíorchruinn go deo le déanaí.

Tá tosaithe iontacha ag an dá fhoireann a bhfuil an cumas iontu cúil a scóráil agus an mhuinín acu an leathsheans a thapú. Tá aonad cúlaithe an dá chlub seo thar a bheith teann freisin.

Sea táim ag tarraingt pictiúir de dhá fhoireann atá an-chothrom ach níl ansin ach an fhírinne. Toisc go bhfuil Baile Gunnair níos tomhaiste agus seilbh an tsliotair acu, seans gurb iadsan a thiocfaidh tríd an gcath seo. Agus sea, nílim róchinnte in aon chor faoi sin!

Fág freagra ar 'Ní bheidh faic idir Baile Gunnair agus Baile Héil'