Ní bheidh comhaontú síochána bunaithe ar mhalartú talún san Úcráin

B’fhéidir go bhféadfadh Zelensky malartú críocha a dhíol lena mhuintir dá mbeadh an Úcráin ag fáil ar ais i bhfad níos mó ná mar a bheadh á ghéilleadh aici ach ní hin a bheidh ar a intinn ag Putin

Ní bheidh comhaontú síochána bunaithe ar mhalartú talún san Úcráin

Is beag seans go mbeidh aon dea-thoradh ar chruinniú Donald Trump le Vladamir Putin in Alasca mar go bhfuil sé bunaithe ar nóisean nach bhfuil bunús ar bith leis – go n-aontódh an Úcráin le ‘malartú talún’ mar chuid de shocrú síochána. Éinne atá ag tabhairt aird ar bith ar pholaitíocht na hÚcráine nó a chaitheann am ar bith ag caint le hÚcránaigh, beidh a fhios acu ní hamháin nach ndéanfaidh Volodymyr Zelensky é sin ach nach bhfuil sé ar a chumas é a dhéanamh. Nílim ag caint fiú faoin gcosc bunreachtúil a bheadh ar Zelensky aontú lena leithéid de phlean ach ar an bhfíric shimplí nach féidir leis é a dhéanamh mar nach nglacfaidh muintir na hÚcráine leis.

Is rud amháin é go nglacfadh muintir na hÚcráine le socrú ina ‘reofaí ‘ na línte tosaigh agus ina bhfágfaí na críocha atá gafa ag an Rúis faoi smacht de facto na Rúise. Tuigeann siad nach bhfuil ar chumas na hÚcráine na tailte sin a ghabháil ar ais agus ní chuirfear an milleán ar Zelensky faoi sin. Ach ní féidir le hUachtarán na hÚcráine a rá le pobal stráicí móra den Úcráin:

‘Tá brón orm ach tá cinneadh déanta agam bhur gcathracha agus bhur mbailte agus sráidbhailte dúchais a thabhairt don Rúis.’ Agus ní féidir leis a rá le muintir na saighdiúirí a rinne íobairt dá mbeatha ag cosaint na gcathracha agus na mbailte agus na sráidbhailte sin go bhfuil cinneadh déanta aige ar mhaithe le leas na tíre gur gá iad a thabhairt don Rúis – fiú má tá tailte eile den mhéid céanna le fáil ar ais.

B’fhéidir go ndéarfá mar argóint i mo choinne go bhfuil tacaíocht mhór ag Zelensky agus go mbeadh sé ábalta an comhréiteach pianmhar seo a dhíol lena mhuintir. Léiríonn na pobalbhreitheanna is déanaí go bhfuil muinín fós ag 67% den phobal ann. Ach is míthuiscint a bheadh ansin ar nádúr na tacaíochta atá á thabhairt ag pobal na hÚcráine do Zelensky. Is tacaíocht choinníollach atá inti do cheannaire in aimsir chogaidh. Nuair a labhraíonn tú le hÚcránaigh, deir formhór acu ar dtús go dtacaíonn siad le Zelensky. Ach má fhiafraíonn tú díobh an vótálfadh siad do Zelensky i dtoghchán tar éis an chogaidh ní thugann Úcránach ar bith a bhfuil aithne agam orthu freagra díreach ar an gceist sin. ‘Bhuel feicfimid…..’.

Tá conradh neamhscríofa idir Zelensky agus pobal na hÚcráine. Is é go bunúsach atá sa chonradh sin ná go bhfuil an ghnáthpholaitíocht curtha ar athló, go dtabharfaidh an pobal a dtacaíocht ‘ar iasacht’ dó a fhaid is go gcloíonn sé le coinníollacha áirithe. An príomhchoinníoll dar ndóigh ná gach rud atá ar a chumas a dhéanamh chun flaitheas, críocha agus saoirse na tíre a chosaint.

Ach tá coinníollacha neamhscríofa eile freisin – gan tada a dhéanamh chun cur as do dhul chun cinn na hÚcráine i gcoinne na caimiléireachta, i dtreo an daonlathais agus i dtreo an Aontas Eorpaigh. Fuair Zelensky é sin amach le déanaí nuair a rinne sé iarracht deireadh a chur le neamhspleáchas na bhforas a dhéanann iniúchadh ar chaimiléireacht. Bhí sé ina raic, chuaigh daoine ag léirsiú ar na sráideanna, agus b’éigean do Zelensky U-chasadh a dhéanamh.

Mar sin níl an caipiteal polaitiúil ag Zelensky chomh láidir is a thugann a fhigiúirí tacaíochta sna pobalbhreitheanna le fios. Dá ndéanfadh sé aon iarracht aontú le margadh ina ngéillfí críocha ar theip ar an Rúis a ghabháil ar pháirc an chatha, gheobhadh muid ar fad é sin amach go han-tapa.

Go teoiriciúil tá bealach amháin go bhféadfadh Zelensky malartú críocha a dhíol lena mhuintir agus sin dá mbeadh an Úcráin ag fáil ar ais i bhfad níos mó ná mar a bheadh á géilleadh aici – abair dá bhfaigheadh an Úcráin ar ais an cuid is mó de chúigí Kherson agus Zaporizhia atá gafa ag an Rúis agus ina bhfuil tromlach mór pro-Úcránach mar mhalartú ar 25% de Donetsk atá i seilbh na hÚcráine.

Tá Donetsk ar cheann den dá chúige sa Donbas – tá an cúige eile Luhansk gafa go hiomlán ag an Rúis. Ach níl slí ar bith go n-aontódh Putin le socrú a bheadh chomh fabhrach don Úcráin. Go deimhin is dócha gurbh é a bheidh ar intinn ag Putin le malartú talún ná a mhalairt – socrú ina ngéillfeadh an Úcráin i bhfad níos mó talún don Rúis ná a mhalairt. Tá a fhios againn go bhfuil Putin ag éileamh an tuairim is 25% de Luhansk, Zaporizhia agus Kherson atá i seilbh na hÚcráine, trí chúige a mhaíonn seisean a bheith ina gcuid den Rúis. Ní bheadh le fáil ar ais ag an Úcráin ach paistí bídeacha atá gafa ag an Rúis lasmuigh de na cúigí seo i Sumy agus Kharkiv.

Déantar comparáidí róshimplí uaireanta idir cás na hÚcráine agus stair na hÉireann. Ach tá ceacht áirithe le foghlaim ó phraiseach Choimisiún na Teorann sa tír seo. Shíl formhór phobal náisiúnach na hÉireann gur smaoineamh iontach a bhí ann nuair a síleadh go bhfaigheadh an saorstát sciar suntasach de na críocha cois teorann sna sé chontae ina raibh tromlach náisiúnach ina gcónaí. Nuair a tháinig sé chun solais nach mar sin a bheadh agus go mbeadh malartú talún sa dá threo ní raibh rogha ar bith ag na polaiteoirí ach an rud ar fad a chaitheamh i dtraipisí agus glacadh leis an teorainn mar a bhí.

Mar sin seachas malartuithe beaga bídeacha nach mbeadh tionchar acu ar aon phobal suntasach – cúpla sráidbhaile scriosta mar shampla – níl sé réalaíoch a bheith ag súil le malartú críocha san Úcráin. Cén fáth go bhfuil Trump agus na Meiriceánaigh ag caint faoi mar sin? Níl ach dhá mhíniú agam ar an scéal.

Ar an gcéad dul síos, is sampla eile é seo den easpa tuisceana agus an dearcadh míréalaíoch atá léirithe ag Trump ina iarrachtaí deireadh a chur leis an gcogadh ar thosaigh sé a uachtaránacht le geallúint go gcuirfeadh sé deireadh leis i 24 uair an chloig.

An míniú eile ná go dtuigeann Trump agus na Meiriceánaigh go maith nach féidir le Zelensky glacadh leis an bplean seo agus go bhfuil siad ag ullmhú chun an milleán a chur ar an Úcráin as ucht diúltú do phlean chun deireadh a chur leis an gcogadh.

Táim claonta i dtreo an chéad mhínithe ach ní féidir liom an dara ceann a chur as an áireamh.

Fág freagra ar 'Ní bheidh comhaontú síochána bunaithe ar mhalartú talún san Úcráin'

  • Eoghan Ó Néill

    Bhí deis socrú chun an cogadh a stopadh in Aibreán 2022 ach ghlac Selenski comhairle Boris Johnston gan síochán a dhéanamh agus …..

  • Máire

    An sean victim blaming céanna ar bun ag Ó Néill. Ní cháineann sé an té a rinne cinneadh tosú ag marú daoine, ag fuadach páistí agus ag scriosadh bailte agus cathracha – díreach an dream atá á gcosaint fhéin i gcoinne na gcoireanna sin.

  • Gearoid O Raghallaigh

    Máthair an oilc a thugtar ar an chúis, nó ar an ábhar, nó ar an rud faoi deara an t-olc.
    Mura thuigtear an coincheap simplí seo ní bheidh réiteach ar bith ann.
    Is cuir i gcéill é go bhfuil an choimhlint seo idir an Ucráin agus an Rúis. Is uirlis í an Ucráin (proxy) ag an comhghuaillíocht SAM/NATO/Israel chun an Rúis a scriosadh.
    Ní ghá tomhais a chur faoin rud atá ar intinn Putin, ní ghá ach éisteacht lena bhuil sé ag rá faoi fréamhchúiseanna na coimhlinte seo agus an réiteach.
    Deireadh le méadú NATO, ní bheidh an Ucráin ina bhall de NATO.
    Beidh an Ucráin ina tír neodrach amhail an Ostair.