Neart Gaeilgeoirí tofa ar chomhairle Fhear Manach agus na hÓmaí

Seisear Gaeilgeoirí, as 40 comhairleoir san iomlán, atá ar Chomhairle Ceantair Fhear Manach agus na hÓmaí i ndiaidh na dtoghchán áitiúil

Neart Gaeilgeoirí tofa ar chomhairle Fhear Manach agus na hÓmaí

Bhí ceathrar Gaeilgeoirí i measc na gcomhairleoirí nua a toghadh ar Chomhairle Ceantair Fhear Manach agus na hÓmaí sna toghcháin ó thuaidh. 

Barra Mac Giolla Dhuibh, ar toghadh é ar Bhaile na hÓmaí, ó Shinn Féin an duine is fearr aithne den cheathrar. Iarchomhalta tionóil agus iarfheisire Westminster é a d’éirigh as de bharr conspóid a bhain le físeán a chuir sé amach ar na meáin shóisialta a ghoill ar ghaolta na ndaoine a maraíodh i sléacht Kingsmills in 1976. Scaip sé físeán de féin agus builín aráin de dhéantús Kingsmill leagtha ar a cheann aige, cothrom an lae 42 bliain i ndiaidh na heachtra inar maraíodh deichniúr oibrithe as monarcha teicstíle agus iad ar a slí abhaile ón obair.

Fuair Mac Giolla Dhuibh an dara vóta ab airde ar an chéad comhaireamh i dtoghchán na seachtaine seo caite. Cainteoir líofa Gaeilge é Mac Giolla Dhuibh a bhíodh ina chathaoirleach ar choiste na Roinne Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta. Thuill sé meas as a chuid oibre sa ról sin agus dar lena lán gurb eisean an cathaoirleach ba chumasaí a bhí ag Sinn Féin ar choiste roinne sa tionól

Toghadh Gaeilgeoir eile do Shinn Féin ar an gcomhairle freisin, Criostóir Mac Gafraidh. Ba do cheantar na hÉirne Thiar a toghadh an comhairleoir as Cill Náile i ndeisceart Fhear Manach. Ba sa cheantar mar a bhfuil sé ina chomhairleoir a bhí an Ghaeltacht dheireanach i bhFear Manach, fán gCaiseal ar an teorainn le contae Liatroma.

Tá Gaeilge ag Emmet Mac Giolla Uidhir, a toghadh mar comhairleoir neamhspleách atá in éadan mianadóireachta óir i Lár Thír Eoghain. Bhí Gaeilge ó dhúchas ag a shin-seanathair Barney Carolan, arbh as dúiche Mhuintir Luinigh sna Speirín dó, duine de na cainteoirí dúchais deireanacha sa chontae.

Ba é Dónal Ó Cofaigh ó Labour Alternative an ceathrú Gaeilgeoir a toghadh. Is feidhmeannach é leis an cheardchumann Unite. Ba é seo an tríú babhta ag an sóisialach a bheith san iomaíocht in Inis Ceithleann. Roimhe sin chaith sé seal ina chomhairleoir ag Sinn Féin.

Fágann seo gur seisear Gaeilgeoirí, as 40 comhairleoir san iomlán, atá ar an gcomhairle. Bhí beirt Ghaeilgeoirí ar an gcomhaire cheana féin ag Sinn Féin, Tomaí Mag Uidhir, Inis Ceithleann, agus Glenn Mac Cathmhaoil, Tír Eoghain Thiar.

Ba chúlú a tharla ó thaobh líon na nGaeilgeoirí ar Chomhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Bháin. Chaill beirt Ghaeilgeoirí aitheanta a suíocháin ansin, Brian Mac Mathúna agus Maolíosa Mac Aodha, ar chomhairleoirí de chuid Shinn Féin iad beirt.

Ach is olc an ghaoth nach séideann maith do dhuine éigin. Chomhthogh Sinn Féin Maolíosa Mac Aodha ina chomhalta tionóil do Thír Eoghain Thiar. Mar sin, beidh an Ghaeilge neartaithe in Stormont má dhéantar an tionól a athbhunú.

Is as Caisleán na Deirge i dTír Eoghain do Mhac Aodha. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Naíscoil na Deirge agus Bunscoil na Deirge, fiontar a druideadh cheal maoinithe. Tá ceangal pearsanta aige le ceann de na ceantair Ghaeltachta dhearmadta, Gaeltacht Achadh Uí Áráin. Agus é ag fás aníos sna 1960idí, d’insíodh a sheanathair dó faoina bheith ag fás aníos in Achadh Uí Áráin thart ar 1900 agus faoi aintín a bhí leis sa teach nach raibh aici ach Gaeilge. 

Fág freagra ar 'Neart Gaeilgeoirí tofa ar chomhairle Fhear Manach agus na hÓmaí'

  • Éamonn

    RABHADH!
    Ná bí ag súil le haon duine acu leas a bhaint as an Ghaeilge, agus iad i mbun gnóthaí i seomra na Comhairle!