NACH DEAS É? Ní dhéanfadh sé deoch do mhíoltóg…

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

NACH DEAS É? Ní dhéanfadh sé deoch do mhíoltóg…

Sibhse nach bhfuil cead bóthair agaibh ó tháinig an aicíd thar tír isteach, is deacair daoibh a chreidiúint go bhfuil Conamara na gcéadta loch loiscthe scallta cheal deoir bháistí le stáir.

Ní fhaca tú a shamhail beo ach tailte sabhána na dtrópaicí agus an féar rua triomaithe stálaithe agus tarracóirí ag tarraing gabháltracha féar tirim is tancanna uisce clóirínithe ag beithígh i lár an tsamhraidh.

Agus mé ag fáil caidéis do bhraon beag a bhí i mbéal na gaoithe maidin, ba é an freagra a fuair mé ‘ní dhéanfadh sé deoch don mhíoltóg’.

Ní mór mo scil sa mbeithíoch sin ach déarfainn gurbh éasca a dóthain le n-ól a thabhairt di agus an súlach a bhaineann sí as bualtrach. 

Cheap mé riamh  gurbh iontach an léargas ar mheon an dreoilín a bhí le léamh ar an nath ‘Is mór an slacht sin ort, a deir an dreoilín a mhúin sa bhfarraige’, ach mar léargas ar shabhánaí Chonamara 2020, níl meitéareolaí ar domhan a sháródh an ceann seo.

Ní dhéanfadh sé deoch do mhíoltóg. Nach deas é?

Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Ní dhéanfadh sé deoch do mhíoltóg…'