I gcartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta a d’airíos an nath seo, ar chlár aoibhinn Ian Lee, Siúlach Scéalach. Ag Máirtín Ó Cadhain a bhí sé agus é ar phainéal an chláir ‘Na Fadhbanna Gaeilge’.
Déarfaí é le rud a d’imeodh go han-fhánach ort nó i ngan fhios duit, geall leis.
Is ionann ‘leic’ agus ‘lic’, ar nós ‘lic na fuinneoige’ nó ‘lic an tinteáin’. ‘Leac’ an litriú caighdeánach air.
Bhíodh an tríú leagan in Oileán Chléire: ‘liag’. ‘Liag slinge’ a thugtaí ansiúd ar an gcineál lice a gcuirtí arán coirce uirthi chun bácála. Cineál greideall adhmaid a bhí sa losaid, a bhfuintí arán nó cáca uirthi.
Dá n-imeodh rud ‘idir leic agus losaid ort’, is é sin, idir an áit a mbeadh sé slán – á fhuint – agus an áit a mbeadh sé ina dhiaidh sin – á bhruith – thitfeadh sé go fánach agus ghabhfadh sé amú in achar an-ghearr.
Bhí an nath cainte seo sna ceantair Ghaeltachta ar fad. Ó thaobh Chléire de, ba é an bhrí chéanna a bhíodh leis is a bheadh leis an leagan ‘is minic a bádh long lámh le cuan’, is é sin, nuair is lú a bheadh coinne agat leis.
Is minic a déarfaí le hairgead é: ‘D’imigh an t-airgead orm idir leic agus losaid’ – idir seo, siúd is eile. ‘D’imigh sé orm idir leic agus losaid’ – nach deas é?
Fág freagra ar 'Nach deas é? D’imigh sé orm idir leic agus losaid…'