Nach cuma cé chomh maith is a bhí Tom Humphries mar iriseoir?

An bhfuil cuid againn fós róghéilliúil do phiardaí móra na sochaí agus don ‘stádas’ atá acu?

Nach cuma cé chomh maith is a bhí Tom Humphries mar iriseoir?

Ní thuigim mar a oibríonn an stát seo babhtaí. Ní móide go dtuigim meon chuid de mhuintir na tíre seo ach chomh beag. Tarlaíonn eachtra, agus dá dhonas a bhíonn sí mar eachtra, bíonn daoine ann a dhéanann an scéal seacht n-uaire níos measa, fé mar a bheadh sclábhaí feirme ag píceáil aoiligh ar ualaí.

A leithéid sin de scéal is ea cás Tom Humphries, an péidifileach gur gearradh dhá bhliain go leith príosúin air an tseachtain seo as cailín leochaileach a mhealladh agus a ionsaí go mígheanasach. Bhain Humphries leas as an stádas a bhí aige i gclub camógaíochta chun mí-úsáid ghnéis a dhéanamh uirthi; bhí sé mhíle dhéag teachtaireacht téacs soir siar eatarthu i dtréimhse trí mhí, sarar dhein sé a chéad ionsaí uirthi.

Seo í an choir is measa gur féidir le duine a dhéanamh, dar liom; tabhairt fé dhuine atá níos laige nó níos leochailí ná tú féin, chun mian éigin atá agat féin a shásamh. Cuimhnigh ar chás Grace, an bhean a raibh riachtanais speisialta aici a fágadh i dtigh altrama cé go raibh líomhaintí coitianta déanta go raibh mí-úsáid á déanamh uirthi ar bhonn leanúnach, nó ar na buíonta a díríonn ar sheandaoine a robáil díreach toisc go bhfuilid fuirist le hionsaí. Faraor, tá taithí fachta againn sa tír seo ar dhaoine údarásacha- sagairt, easpaig, tuismitheoirí, traenálaithe – ag baint aimhleas as a n-údarás chun dochar agus díobháil a dhéanamh dóibh siúd a bhí féna gcúram.

Ba cheart go mbeadh ceachtanna foghlamtha againn óna leithéid seo de chás, ach ní léir go bhfuil. Ní bhfuair Humphries ach dhá bhliain go leith príosúin as óige agus saol an ghearrchaile a lot. Tá an phianbhreith sin cáinte ag grúpaí cosanta leanaí, agus ag an bpobal toisc chomh héadrom is atá sí, agus mórán daoine á cur i gcomparáid leis na sé bliana príosúin a gearradh ar an bhfear gnó Paul Begley in 2012 as úlla a tabhairt ar ghairleog, chun cánacha arda iompórtála a sheachaint. Dúirt an Breitheamh Karen O’Connor, agus an phianbhreith á gearradh aici ar Humphries, gur chiorraigh sí ocht mí dhéag an pionós ar roinnt cúiseanna, ina measc toisc go raibh “próifíl ard” aige roimhis an gcás agus go raibh “titim níos mó” ná mar a bheadh i gceist le gnáthdhuine fulaingthe aige mar gheall ar an bpróifíl úd a bhí aige tráth.

“It would be difficult not to have some sympathy for him. I say that not to excuse in any way the behaviour but in relation to his current station. It is something of a truism to say that the higher the profile and success of a member of our society, the greater the fall,” arsa an Breitheamh O’Connor.

Anois, ní haon saineolaí dlí an Mórdhach seo, ach ní deacair in aon chor gan trua a bheith agat do Humphries, óir is é siúd an t-ionsaitheoir. Bheadh trua agus taise agat don íospartach sa chás seo, ach conas a d’fhéadfadh éinne trua a bheith acu do phéidifileach? An bhfuil an choir níos lú toisc gur iriseoir spóirt cáiliúil ab ea é? A mhalairt ar fad, dar liom.

Ní thuigim leis, an t-ómós a léirigh iarfhostóirí Humphries, an Irish Times, dó, san alt a d’fhoilsíodar ar líne ag cur síos ar a chumas mar scríbhneoir. Ní hamháin gur foilsíodh é seo ar an lá ar gearradh an phianbhreith air, beag beann ar fhulaingt an chailín sa chás, ach ba bheag trácht a deineadh ar an gcoir inar ciontaíodh é (tá an t-alt leasaithe ó shin). Ba dhóigh leat gur marbhna a bhí do sheansaighdiúir scríbhneoireachta a bhí tar éis bháis, seachas cur síos ar ionsaitheoir gnéis a bhí curtha don phríosún. Nach cuma cé chomh maith is a bhí a chuid iriseoireachta?

Bhí leabhar Humphries ar an gcoimhlint idir peileadóirí Chiarraí agus Átha Cliath, Dublin vs. Kerry, ar cheann de na leabhair is fearr dá léigheas riamh. Ach chaitheas don bhruscar é nuair a thuigeas go raibh an méid a bhí curtha i leith an údair fíor.

Ní thuigfead riamh cad a chuir i gceann an iriseora David Walsh nó an iománaí Dónal Óg Cusack, teistiméireachtaí a scríobh do Humphries. Deir Walsh gur scríobh sé a litir chun tacú lena chara, toisc go raibh sé mar chara aige le 30 bliain agus gur cheart do chairde seasamh lena chéile bídis in airde láin nó in umar na haimléise. Ghabh Cusack leithscéal as an litir a scríobh, ach dúirt go raibh sé ag iarraidh cabhrú le duine a bhí in ‘áit dhorcha’. Ghéill sé gur botún a bhí ann an litir a chur ar fáil agus d’éirigh sé as cuid de na cúraimí poiblí a bhí air. Dúirt Walsh agus Cusack gur cháin siad go hiomlán an méid a dhein Humphries.

Thuigfinn, b’fhéidir, do sheasamh na beirte dá mba rud é go raibh Humphries cúisithe as rud éigin eile – abair gur thug sé a chaideáil d’fhear éigin de bharr aighnis, nó dá mbeadh ualach cairte asail de phúdar bán curtha suas ina chaincín aige – ach bhí sé cúisithe, fé mar a deirim, i gceann de na cúiseanna is tromchúisí dá bhfuil ann.

Ach conas go bhféadfaí litreacha Walsh agus Cusack a chosaint, go háirithe nuair a luaigh an Breitheamh na teistiméireachtaí sin agus an pionós á ghearradh aici?

An é go bhfuil cuid den phobal anseo chomh géilliúil do phiardaí móra na sochaí, chomh coilínithe ina n-intinn, go dtuigtear dóibh, go fochoinsiasach b’fhéidir, go dtugann tigh mór, collar bán, culaith éadaigh nó cáil éigin eile, cosaint dóibh ar chúiseanna tromchúiseacha? Go dtugann ‘dea-cháil’, pé brí atá leis sin ar na saolta seo, díolúine éigin do dhuine as droch-thionchar a n-iompair?

Tá súil agam nach bhfuil anso ach an speach dheiridh ón Éirinn sin a thugadh cosaint i gcónaí don choirpeach a raibh cumhacht aige.

 

Fág freagra ar 'Nach cuma cé chomh maith is a bhí Tom Humphries mar iriseoir?'

  • Hiy

    An ceart ar fad agat. Stadas agus an seasamh ata agat sa tsochai is ea e..

  • Lonán Ó Lorgnáin

    Is trua mhillteanach é an scéal seo do phobal an Chumainn Lúthchleas Gael agus ar ndóigh, don bhean óg chróga seo ach go háirithe.

  • Eamonn

    Ní dhearna Donal Óg rud ar bith mí-cheart. Is léir go bhfuil mí-thuiscint faoin bhfeidhm atá ag litreacha mar seo nuair atá breith a thabhairt do choirpeach. Ní hionainn litir a scríobh agus leithscéal a thabhairt do choirpeach, nó masla a thabhairt do íobartach. Tá litreacha den tsaghas seo coitianta i ngach saghas cás. Má tá coirpeach tar éis rudaí maithe a dhéanamh ina s(h)aol chomh maith le coir uafásach is ceart go gcuirfear an t-eolas sin fé bhráid an bhreithimh. Ar an tslí céanna, má tá an coirpeach tar éis coireanna uafásacha eile a dhéanamh, ba choir go mbeadh an t-eolas sin ag an breitheamh chomh maith. Is dócha go mbeidh eagla ar a lán daoine anois tuairisc cáilíochta a thabhairt as seo amach, rud nach bhfuil go maith don ghiúistís.

  • Mise Áine

    Níl a fhios agam faoi sin, a Éamoinn. Shíl mé (bíodh mé céart nó mícheart) nach gceadaítear coireanna a rinneadh roimhe a lua sa chúirt, mar sin cén fáth a mbeadh ar ghiúistís aon cheo eile a chloisteáil, ach an fhianaise atá ós a c(h)omhair amach ar an lá i.e. an coir a rinneadh, agus an damáiste a rinneadh de thoradh na coire sin?

    B’fhiú éisteacht le scéal Louise O’Keefe ar chlár Joe Duffy inné (‘Abuse’ ag 24.30 nóiméad Podchraoladh) le tuiscint a fháil ar an gcaoi a gcuireann litreacha mar as don íospartach bocht.

    An-alt, a Dhaithí!

  • Eamonn

    A Áine, ceadaítear coireanna a rinneadh roimhe a lua sa chúirt nuair atá breithiúnas ciontachta déanta ach roimh a dhéanann an breitheamh cinneadh faoin bpionós. Tuigim go maith go gcuireann na litreacha seo as do dhaoine atá tar éis fulaingt ach mar a dúirt mé ceapaim go bhfuil mí-thuiscint faoin bhfeidhm atá ag na litreacha seo. Tá daoine ann a dhéanann aon choir uafásach amháin ina saol agus tá daoine eile ann a dhéanann coireanna uafásacha arís agus arís eile. Níl sé ceart deileáil leis an dá dream ar an gcaoi chéanna.