Na socruithe do chluichí ceathrú ceannais peile na hÉireann fógartha

Ar maidin a rinneadh an tarraingt do na babhtaí ceathrú ceannais agus ocht bhfoireann fágtha sa gcraobh shinsir peile

Na socruithe do chluichí ceathrú ceannais peile na hÉireann fógartha

Dún na nGall agus Muineachán a bheidh ag dul chun páirce sa gcéad cheann de chluichí ceathrú ceannais peile na hÉireann Dé Sathairn seo chugainn agus na socruithe do chluichí an deireadh seachtaine seo chugainn i bPáirc an Chrócaigh fógartha ag Cumann Lúthchleas Gael.

Imreofar an cluiche idir Dún na nGall agus Muineachán ag 4.00in tráthnóna Dé Sathairn agus ag 6.15in a bheidh an cluiche eile á imirt, idir Áth Cliath agus Tír Eoghain. Beidh an dá chluiche sin le feiceáil ar GAA+.

Is ar an Domhnach a imreofar an dá chluiche eile agus An Mhí le haghaidh a thabhairt ar Ghaillimh ag 1.45in agus Ciarraí le casadh ar Ard Mhacha sa gceathrú ceann de na cluichí ceathrú ceannais ag 4.00in. Craolfar cluichí an Domhnaigh ar RTÉ.

Ar maidin a rinneadh an tarraingt do na babhtaí ceathrú ceannais.

Chas Dún na nGall agus Muineachán ar a chéile i mbabhtaí ceathrú ceannais Uladh níos luaithe i mbliana agus bua dhá phointe ag Dún na nGall ach d’éirigh le Muineachán críochnú ar bharr a ngrúpa i mbabhta na ngrúpaí agus trí chluiche as trí cinn buaite acu.

Bhí bua cuimsitheach ag foireann Jim McGuinness ar chontae Lú inné agus iad anois ag iarraidh na babhtaí leathcheannais a bhaint amach don dara bliain as a chéile. In 2023 go deireanach a bhí Muineachán i gcluiche leathcheannais.

Imreoidh Tír Eoghain agus Áth Cliath i gcoinne a chéile sa gcluiche ceathrú ceannais eile Dé Sathairn, an chéad chluiche craoibhe idir na foirne ó 2019. Tháinig fir na príomhchathrach slán ó choimhlint chrua in aghaidh Chorcaí tráthnóna Dé Sathairn chun an chéad bhabhta eile a bhaint amach.

D’fhág buanna in aghaidh Dhún na nGall agus an Chabháin gur chríochnaigh Tír Eoghain ar bharr Ghrúpa 1 agus iad anois ag iarraidh cluiche leathcheannais a bhaint amach den chéad uair ó 2021, nuair a chuaigh siad ar aghaidh chun Craobh na hÉireann a bhuachan.

Bhain Gaillimh áit amach sa gcéad chuid eile den chraobh tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar an Dún i sárchoimhlint Dé Domhnaigh. Tabharfaidh siad aghaidh anois ar chontae na Mí, a bhuaigh ar Chiarraí ina gcluiche deireanach chun críochnú ar bharr a ngrúpa. Is é seo an chéad chluiche craoibhe a bheidh eatarthu ó 2011. Bhí bainisteoir na Gaillimhe Pádraic Joyce ina laoch na himeartha nuair a bhuaigh na Gaillimhigh cluiche ceannais na hÉireann i gcoinne na Mí in 2001.

Bhí sé socraithe roimh an tarraingt inniu go mbeadh Ard Mhacha agus Ciarraí ag tabhairt aghaidh ar a chéile. Ní raibh Ard Mhacha in ann Gaillimh, Áth Cliath nó Dún na nGall a imirt sna babhtaí ceathrú ceannais toisc go raibh na foirne sin imeartha acu cheana féin sa gcraobh.

Bhuaigh Ciarraí go neafaiseach ar an gCabhán tráthnóna Dé Sathairn chun na babhtaí ceathrú ceannais a bhaint amach ach bhain gortú do Dhiarmuid O’Connor an-luath sa gcluiche agus an chuma ar an scéal anois nach mbeidh sé ar fáil do chluiche an Domhnaigh. D’fhill Paudie Clifford ar pháirc na himeartha in aghaidh an Chabháin ach tá roinnt eile d’imreoirí Jack O’Connor gortaithe faoi láthair agus an fhoireann ag réiteach le haghaidh a thabhairt ar sheaimpíní na hÉireann.

Dé Sathairn, 28 Meitheamh

Muineachán v Dún na nGall – Páirc an Chrócaigh, 16:00in (Beo ar GAA+)
Tír Eoghain v Áth Cliath – Páirc an Chrócaigh, 18:15in (Beo ar GAA+)

Dé Domhnaigh, 29 Meitheamh

An Mhí v Gaillimh – Páirc an Chrócaigh, 13:45in (Beo ar RTÉ)
Ard Mhacha v Ciarraí – Páirc an Chrócaigh, 16:00in (Beo ar RTÉ)

Fág freagra ar 'Na socruithe do chluichí ceathrú ceannais peile na hÉireann fógartha'