Na socruithe déanta do chluichí an Daingin agus na Gaeltachta i gcraobhacha peile Chiarraí

Tá an tarraingt do chraobhacha sinsir, Idirmheánach agus sóisir Chiarraí agus fios anois ag foirne cé a bheidh rompu i mbabhta na ngrúpaí

Na socruithe déanta do chluichí an Daingin agus na Gaeltachta i gcraobhacha peile Chiarraí

Tabharfaidh Daingean Uí Chúis aghaidh ar Aibhistín de Staic sa gcéad bhabhta de Chraobh Shinsir na gClubanna i gCiarraí.

I nGrúpa 1 na craoibhe taá Daingean Uí Chúis agus Aibhistín de Staic agus iad i gcuideachta Sheamróga Neidín agus seaimpíní idirmheánacha na hÉireann, Cill Chuimín.

Chuaigh fir an Daingin chomh fada leis an gcluiche ceannais anuraidh, cluiche a chaill siad in aghaidh na gCrócach. I nGrúpa 2 atá na Crócaigh, Ó Céirín-Ó Rathaille, An Léigiún agus An Ráth Mhór.

Imreoidh cumann caide na Gaeltachta in aghaidh Bhrosnaí ina gcéad chluiche i gCraobh Idirmheánach Chiarraí 2019. I nGrúpa 3 atá Corca Dhuibhne, Brosnach, Baile an Mhuilinn-Caisleán na Mainge agus Ard Fhearta.

Tar éis dóibh titim ón ngrád sinsir anuraidh, beidh An Ghaeltacht ag iarraidh filleadh láithreach ar an ngrád sinsir. 

Tá Piarsaigh na Dromad i nGrúpa 1 le dhá fhoireann eile as Ciarraí Theas, Naomh Muire agus An Coireáin. Corra an ceathrú cumann atá leo sa ghrúpa sin. Imreoidh Piarsaigh na Dromad i gcoinne Naomh Muire sa gcéad bhabhta.

I bPríomhghrád Sóisir Ciarraí, imreoidh Lios Póil in aghaidh Chnoc na hEaglaise, na Cille agus Eimitigh Lios Tuathail i nGrúpa 3. Tá Naomh Micheál-An Fhaill Mhóir i nGrúpa 4 le Naomh Seanán, Naomh Pádraig Chathair Uí Mhóráin agus An Fosadh.

Imreofar an chéad bhabhta de na cluichí an 30 nó 31 Márta, ach má éiríonn le foireann shinsir Chiarraí cluiche ceannais na sraithe a bhaint amach, an deireadh seachtaine dár gcionn a imreofar na cluichí.

Fág freagra ar 'Na socruithe déanta do chluichí an Daingin agus na Gaeltachta i gcraobhacha peile Chiarraí'