Ná lig don choróinvíreas plota do scéil a chur as a riocht

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Tiocfaidh an lá go mbeidh blas nuacht an lae inné ar scéal ar bith a chuirfí ‘in oiriúint’ don ‘mhargadh léitheoireachta iar-choróinvíris’

Ná lig don choróinvíreas plota do scéil a chur as a riocht

Nach mise atá sásta nach bhfuil mórshaothar litríochta idir lámha agam i láthair na huaire.

Ní hiad na dúshláin phraiticiúla a bhaineann lena bheith ag scríobh agus chuile dhuine sáinnithe sa bhaile is mó a bheadh ag déanamh imní dom.

Bheadh eagla an domhain orm go millfeadh an phaindéim atá ar siúl faoi láthair pé saothar a bheinn ag iarraidh a scríobh.

Táimid ar fad faoi gheasa ag an gcoróinvíreas. Tá creathadh á bhaint as an domhan agus is iomaí fáidh amuigh ansin ag fógairt nach mbeidh aon rud mar a bhí feasta.

Luíonn sé le réasún, mar sin, go gceapfadh scríbhneoirí gur cheart dóibh pé saothar a bheadh idir lámha acu a chur in oiriúint ar an bpointe boise don saol nua iar-phaindéime. Nach mbeidh scéal nach mbeadh tagairt ann don choróinvíreas go hiomlán as dáta? Cé a léifidh saothar ficsin comhaimseartha amach anseo nach mbeadh ról lárnach ann ag an bhfrídín uilechumhachtach uileláithreach?

‘Tóg go réidh é agus scríobh an scéal a bhí beartaithe agat a scríobh’ an chomhairle a bheadh agam d’aon scríbhneoir a cheapfadh go mbeadh sé chomh maith aige saothar a bheadh idir lámha aige le blianta a chaitheamh sa bhruscar toisc nach bhfuil spás sa scéal don víreas du jour.

Tiocfaidh an lá, agus tá súil agam gur gearr uainn é, go mbeimid ag caint faoin gcoróinvíreas san aimsir chaite agus go mbeidh blas nuacht an lae inné ar scéal ar bith a chuirfí ‘in oiriúint’ don léitheoireacht iar-phaindéime inniu.

Ceann de bhunfhíricí shaol na litríochta ná go ngluaiseann earnáil na foilsitheoireachta ar luas oighearshrutha (nó ar an luas ba ghnáth a bheith faoi oighearshruthanna roimh an athrú aeráide, pé scéal é.)

Ní ag fáil lochta ar eagarthóirí, ceartaitheoirí profaí agus dearthóirí atáim; tógann sé go leor ama leabhar a réiteach don mhargadh. Ach ar an gcúis sin, níl sé inmholta saothar ficsin a scríobh a bheadh ag brath go rómhór ar chúrsaí reatha.

Ní hé sin le rá, ar ndóigh, gur cheart do scríbhneoirí fanacht glan amach ó scéal an choróinvíris. Tá mé ag ceapadh go spreagfaidh an frídín seo leabhair den scoth fós (cé gur den chríonnacht é, cheapfainn, fanacht lena scríobh go dtí go mbeidh an ráig seo thart agus tuiscint againn ar an tionchar a bhí aici ar ár saol dáiríre.) Ach ní mholfainn d’éinne ligean don choróinvíreas scéal a bhí á scríobh cheana féin a chur as a riocht.

Fág freagra ar 'Ná lig don choróinvíreas plota do scéil a chur as a riocht'