Ná habair le haon duine é, ach tá mé ar mo theitheadh ón Bhabaí

Chaithfeá a rá go bhfuil rudaí go dona i do shaol nuair atá tú ag iarraidh iasacht ar leaidín sna Naíonáin Mhóra

Ná habair le haon duine é, ach tá mé ar mo theitheadh ón Bhabaí

Ná habair le haon duine é, ach tá mé ar mo theitheadh ón úsaire. Níl d’ainm air ach An Babaí is níl aon éalú uaidh.

Fuair mé trí phíosa dhá euro agus ochtó cent ar iasacht uaidh am éicint i lár mhí Iúil agus níl aon lá a chuaigh tharam ó shin nár lean sé timpeall an tí mé á mheabhrú dom.

Ná fiafraigh díom cén fáth nach bhfuil sé íoctha fós agam, íocfaidh mé é, lá ar bith anois. Tá sé agam, dháiríre. Níl ann ach go gcaithfidh mé a ghabháil go dtí an siopa ag iarraidh sóinseála. Nach bhfuil a fhios agat go bhfuil an tsóinseáil gann ar na saolta seo, laethanta an ‘tap’?

Is dóigh go gcaithfeá a rá go bhfuil rudaí go dona i do shaol nuair atá tú ag iarraidh iasacht ar leaidín atá sna Naíonáin Mhóra. B’fhéidir go ndéarfá cén chaoi sa diabhal go bhfuil a dhóthain airgid aige le bheith á thabhairt amach ar iasacht?

Thosaigh sé uilig anuraidh nuair a thit a chéad fhiacail amach. Creid uaimse é, tá rátaí íocaíochta shióg na bhfiacla ardaithe go mór ó 1983 idir ús, an boilsciú agus dearmaid stairiúla a bhunaigh fasach íocaíochta.

Neach flaithiúil croíúil atá sa tsióg nach bhfágfadh aon pháiste ar an ngannchuid. Má bhí fiacail amháin ag corraí le bliain anuas ag an mBabaí bhí deich gcinn acu aige agus na pinginí á gcarnadh.

Níl mé in ann cuimhneamh cé mhéad fiacail atá ag páiste agus iad ag tosú amach ach tá barúil agam go raibh a dhá oiread sin ag an mBabaí. É sin nó tá ‘racket’ eicínt ar bun idir é fhéin is an tsíog is na fiacla céanna á gcur faoin bpiliúr faoi dhó is faoi thrí acu.

Chuala tú amhrán John Beag is é ag casadh faoi phócaí folmha is cloigeann tinn? Is é a mhalairt atá againne sa teach, pócaí lána is draidín mantach.

Cé gur mhaith liom a mhaíomh gur duine ardmhorálta mé nach rithfeadh sé liom airgead a fháil ar iasacht ó ghasúirín sna naíonáin mhóra, is deacair dom é a mhaíomh nuair nach bhfuil mo chaint is mo chosúlacht ag teacht le chéile.

Scaití, bíonn dúil sa gcaife buailte ort sula gcuimhníonn tú gur fhág tú an teach gan tap i do phóca. Faraor, tá fadhbanna le banc ‘An Babaí’ nár chuimhnigh mé orthu is mo chaife á shlogadh siar agam. An fhadhb is mó acu ná go bhfuil mé i mo chónaí sa teach céanna le m’iasachtóir.

Is rud amháin é iasacht a fháil ón mbanc agus gan é a íoc. Céard é an rud is measa a tharlódh duit? Go bhfaighfeá litir dlíodóra, go dtarraingeofaí trí na cúirteanna thú is go gcuirfí fíneáil nó príosún ort, nó an dá rud?

Chuimhnigh mé ar phlean maith aréir. Séard a dhéanfaidh mé ná mo chuid iasachtaí ar fad a tharraingt le chéile agus iasacht mhór amháin a fháil. Íocfaidh mé an t-airgead leis an mBabaí, tá cúpla euro ag dul agam d’Fhear an Tí, cent nó dhó leis an gCailín Mór Beag…

Ní bheidh le n-íoc agam ansin ach iasacht amháin. Chuala mé go bhfuil rátaí maithe ag Beainín na Naíonáin Bheaga, agus cúpla euro fágtha aici ó airgead an Chéad Chomaoineach.

Fág freagra ar 'Ná habair le haon duine é, ach tá mé ar mo theitheadh ón Bhabaí'

  • Colin Ryan

    An-phíosa eile. An saibhir agus an daibhir ann i gcónaí.