‘Ná casadh do laochra’ riamh ort an moladh a thugtar do dhaoine mar is minic go gcuirfeadh na laochra sin díomá ar dhuine.
Chuaigh mé sa seans mar sin nuair a bhuail mé leis an scannánóir, Ken Loach, an tseachtain seo.
Thug scannáin an tSasanaigh an-spreagadh dom riamh: Kes, a rinneadh i 1969, na scannáin a bhain le hÉirinn, Hidden Agenda, Jimmy’s Hall agus The Wind That Shakes the Barley agus na scannáin teilifíse a bhain le daoine bochta ag streachailt gach lá in éadan an chórais, ó Cathy Come Home (1966) go dtí an ceann is déanaí uaidh, I, Daniel Blake (2016).
Do dhuine atá 81 bliain d’aois, bhí Loach lán fuinnimh agus thar a bheith sásta comhrá a bheith againn faoi na rudaí a spreagann a shuim i scannáin a dhéanamh faoin chosmhuintir. Téann an spreagadh sin siar go dtí na laethanta a chaith sé ar an ollscoil in Oxford.
“Bhí daoine ansin a raibh maoin iontach acu. Bhí an chuma orthu go raibh siad cinnte dearfa gurbh iad a bheadh ag rialú an domhain. Léirigh iompar s’acu go raibh sé sa chinniúint acu an domhan a rialú agus bhí airgead acu nach dtiocfadh liom a shamhlú.
“Bhí meon láidir teidlíochta acu. Bíonn sé greannmhar éisteacht le polaiteoirí de chuid na dTóraithe ar nós George Osborne ag cáineadh daoine bochta cionn is go bhfuil meon teidlíochta acu maidir le liúntas leasa shóisialaigh a éileamh agus é ag rá go gcuireann a leithéid déistin air. Ach ag an am céanna, tá an meon teidlíochta sin go smior ann féin agus i ndaoine den aicme chéanna leis,” arsa Loach.
Nuair a d’fhág Loach an ollscoil, tráth an-chorraitheach a bhí ann, lár na 1960í, an sóisialachas á chur chun cinn ag ‘les évènements’ sa Fhrainc agus oibrithe ag glacadh seilbh ar mhonarchana sa Bhreatain.
“Nuair a thosaigh mé ag obair leis an BBC, bhuail mé le scríbhneoirí agus le lucht déanta scannán agus d’fhoghlaim muid ‘ar an jab’ agus sinn ag iniúchadh ceisteanna éagsúla agus an tábhacht a bhí leis an pholaitíocht i saol na ndaoine.”
Rinne cuid den ghrúpa seo an tsraith drámaí ar an BBC, The Wednesday Play, a phléigh fadhbanna sóisialta na linne.
Ina measc, bhí Cathy Come Home a stiúir Loach i 1966, dráma a mheas lucht léite an Radio Times ar an scannán aonair ab fhearr dá raibh riamh ar an teilifís.
Cuireann sé síos go tochtmhar ar bhean a mbaintear a cuid páistí di cionn is go bhfuil sí gan dídean. Deir Loach gur bhféadfaí Cathy Come Home a dhéanamh arís inniu, cionn is “nár tharla a dhath” sa leathchéad bliain ó rinne sé é.
Ag an tráth sin fosta, bhuail Loach leis an scríbhneoir Jim Allen arbh as Manchain ó dhúchas dó cé gur de shliocht na hÉireann é.
“Duine den aicme oibre a bhí i Jim, Marxach a raibh teach lán leabhar aige – leabhair a bhí léite aige, chan ionann agus mé féin!”
Agus é faoi thionchar Allen, léigh Loach leabhair James Connolly agus d’fhoghlaim sé faoi Liam Mellows agus gach rud a bhain le stair na hÉireann agus measann sé fós go bhfuil dualgas ar mhuintir Shasana foghlaim faoin tír seo cionn is go bhfuil muid an-chóngarach dá chéile agus “gurbh í Éire an chéad choilíneacht riamh a bhí ag Sasana – agus an ceann deireanach, b’fhéidir”.
I 1989 rinne sé scannán gairid darbh ainm Time to Go: Is It Time For The British To Leave Ireland? inar mhol sé go n-imeodh Arm na Breataine as na Sé Chontae. Agus na trúpaí bailithe leo, an maireann a shuim in Éirinn?
“Maireann cinnte,” ar sé. “Creidim go láidir go bhfuil sé de dhualgas orainn cionn is go bhfuil freagracht ar an mBreatain as a bhfuil ag titim amach,” ar sé.
Ag searmanas a bhí ar siúl mar chuid d’Fhéile Scannán Bhéal Feirste Dé Céadaoin, bronnadh an gradam Réalta ar Ken Loach mar gheall “go dtugann sé guth dóibh siúd atá ag streachailt le go gcluinfí iad”.
“Tugann a shaothar aghaidh ar cheisteanna polaitiúla agus sóisialta an lae inniu, an easpa dídine, an bhochtaineacht agus cearta oibrithe. Tá macallaí a shaothair le mothú ar fud na cruinne.”
Buailimis lenár laochra, mar sin. Spreagann siad muid le hiarracht níos fearr a dhéanamh sa saol.
Fág freagra ar 'Ná casadh do laochra ort, a deirtear, ach droch-chomhairle í sin i gcás Ken Loach'