Ná bíodh an scáileán beag ina mháistir orainn

Mhínigh Steve Jobs go raibh srianta i bhfeidhm aige féin agus ag a bhean ar úsáid na teicneolaíochta ag a leanaí

Bhí srian le húsáid na scáileán ag Steve Jobs féin
Steve Jobs lena ipad.

Dá n-iarrfaí ort duine amháin a ainmniú atá freagrach (nó ciontach?) as ré seo na scáileán beag inár lámha, tá seans maith ann go luafá Steve Jobs, chomhbhunaitheoir Apple, an té a stiúraigh an comhlacht sin sa tréimhse thorthúil ó 1997 go 2011.

Gan amhras, d’oibrigh na sluaite daoine ar fhorbairt na teicneolaíochta, ach is é Jobs a d’oscail an doras, an lá ar sheas sé ar árdán i 2007 agus chuir an iPhone i láthair den chéad uair. Trí bliana ina dhiaidh sin, chuir sé an iPad os comhair an tsaoil.

Agus an iPad ar fáil sna siopaí den chéad uair, fiafraíodh de Jobs cad é an meas a bhí ag a pháistí ar an ngléas nua.

“Níl sé feicthe acu,” a d’fhreagair sé.

Mhínigh sé go raibh srianta i bhfeidhm aige féin agus ag a bhean, ar úsáid na teicneolaíochta ag a gcuid leanaí. Agus é ag moladh don gcuid eile againn a chuid giúirléidí a cheannach, níor mheas sé go rabhadar oiriúnach dá chlann féin.

Maidir liom féin, agus na tuismitheoirí eile lena bhfuil an cheist pléite agam, táimid ar aon intinn gur cóir teorainneacha a bheith ar úsáid na scáileán do pháistí óga.

Molann Acadamh Péidiatraice Mheiriceá nach ceart in aon chor scáileáin a thabhairt do leanaí faoi dhá bhliain, agus nach ceart do pháistí níos sine ná an aois sin níos mó ná uair nó dhó in aghaidh an lae a chaitheamh leo. Scáileáin de gach aon tsaghas atá i gceist: teilfíseáin, ríomhairí, cluichí, gléasanna beaga agus móra.

Luaitear tuirse, cancar agus deacrachtaí airde i measc na gcomharthaí a bhaineann leis an iomarca ama a chaitheamh sáite sa scáileán; comharthaí atá feicthe ag cuid mhaith againn, go háirithe le leanaí óga.

Ach aisteach go leor, ní raibh leanaí Jobs chomh hóg sin ag an am a raibh sé ag caint. Déagóirí ab ea iad, agus nach mór scór blianta ag an duine ba shine.

Tá ábhar machnaimh ann, nach bhfuil? Táimse go mór i bhfabhar bhuntáistí na teicneolaíochta do gach éinne, idir óg agus aosta, ach creidim gurb í an mheasarthacht an rud is tábhachtaí.

Ach má tá gné shainiúil ar leith ag giúirléidí na linne seo, is é seo é: cuireann siad isteach orainn. Briseann siad an suaimhneas.

Tarraingíonn siad ár n-aird.

Is maith an rud é a bheith in ann an teicneolaíocht a láimhseáil. Ach ná bíodh sí ina máistir orainn.

– Tá Conn Ó Muíneacháin ina eagarthóir ar an suíomh idirlín Technology.ie.