Tá na comharthaí ‘ar ais ar scoil’ crochta suas i bhfuinneoga na siopaí, ach tá an ollimirce ar a dtugtar saoire an tsamhraidh fós faoi lán seoil. Mura mbíonn tú féin ar an mbóthar, is cuid thú den dearadh stáitse – mionpháirt agat i saoire na sluaite turasóirí.
Nuair a bhí mé i mo ghasúr óg soineanta, bhí an nóisean agam gur aisteoirí a bhí sna daoine ar fad a casadh orainn agus a bhíodh ag dul an bealach sna háiteanna sin ar fad a dtugadh mo mhuintir ag campáil muid: Críoch Lochlann, Albain, Éire. An ról a bhí ag na haisteoirí sin ná a bheith ina nIoruaigh, ina Sualannaigh, ina nAlbanaigh agus ina nÉireannaigh, agus ní raibh mé céad faoin gcéad cinnte de an raibh na daoine sin ‘ann’ ar chor ar bith nuair nach mbíodh muidne, muintir Hijmans, ar saoire ina measc.
Dhá scór bliain níos déanaí, agus cónaí orm arís i mo bhaile dúchais san Ísiltír, tháinig an nóisean sin ar ais chugam, ach le casadh tábhachtach sa scéal.
Ar chúiseanna éagsúla – ceapach ghlasraí, máthair thinn – níl mé féin ag dul ar saoire an samhradh seo. Ag fanacht san áit a bhfuilim atáim, rud a chiallaíonn gur cuid mé den seit, ní hea, den chliar thánaisteach, agus ní mór dom mo dhícheall a dhéanamh i mo mhionpháirt mar Ísiltíreach dúchasach ionas go bhfillfidh na Gearmánaigh, na Beilgigh agus na Francaigh ar fad a bhfeicim a gcuid uimhirphlátaí ar fud an bhaill an chéad bhliain eile.
Laethanta áirithe, glacaim chugam an ról sin go fonnmhar agus téim go dtí an t-ollmhargadh agus mo chuid bróga adhmaid á gcaitheamh agam; ealaín ar leith í an rothaíocht agus bróga adhmaid á gcaitheamh agat, ach tá sé indéanta. ‘Féach, a dheaide!’ a scairtfidh gasúr éigin as Frankfurt agus veain champála a mhuintire stoptha ag na soilse tráchta agus mise ag trasnú an bhóthair, ‘Fíorísiltíreach!’
Laethanta eile, áfach, bíonn drochspionn orm. An lá cheana, mar shampla, bhí orm dul go lár chathair Amsterdam chun dinnéar a chaitheamh in árasán mo nia agus a chéile. Díreach roimhe sin, bhí mé tar éis cuairt a thabhairt ar mo mháthair, a bhfuil cónaí uirthi in ionad cúraim do dhaoine a bhfuil galar Alzheimer orthu; ní raibh cúrsaí go maith agus chuir mé díom an t-aistear go hAmsterdam nach mór i ngan fhios dom féin – turas traenach, sciuird ar an meitreo agus cúig nóiméad ar an tram ar deireadh.
Ach nuair a bhí mé ag iarraidh dul den tram ag an stad in aice le hárasán mo nia, bhí slua turasóirí sa bhealach orm. Anois, tá tramanna Amsterdam leagtha amach sa chaoi is nach féidir dul isteach ach tríd an doras tosaigh agus tríd an gceann leathdheireanach; tá geataí beaga sna doirse eile nach n-osclaíonn ach san aon treo amháin: amach. Ach fós féin, bhí na turasóirí sin ag iarraidh teacht isteach tríd an doras a raibh mise ag iarraidh dul amach as, beag beann ormsa agus ar na geataí.
Ghlac mé chugam ról an duine áitiúil chantalaigh. Focal níor labhair mé ach shín mo mhéar i dtreo an doras tosaigh, agus ghuailleáil mo bhealach tríd an slua.
Agus mé ag siúl chuig árasán mo nia, tháinig mé ar thuiscint (is fearr go mall ná go brách.)
Na ‘haisteoirí’ sin ar fad sna tíortha sin a dtéadh mise agus mo mhuintir ar saoire iontu fadó nuair a bhí mé i mo ghasúr, bhí scéal-línte dá gcuid féin acu agus ní mór go raibh cuid acu sách drámatúil; má tháinig cantal ar dhuine áitiúil ar bith liomsa riamh as a bheith ag stánadh orthu nó as rialacha neamhscríofa a dtíre a bhriseadh, maithim sin dóibh.
Fág freagra ar 'Mura dtéann tú ar saoire, is cuid thú den dearadh stáitse'