Ní lia tiománaí tacsaí ná tuairim – Muhammad agus an bia ‘gasta’

Bhí Muhammad do mo thabhairt ó Stáisiún Heuston go dtí an Charraig Dhubh - neart ama le scéal an bhia ghasta a chíoradh leis

Ní lia tiománaí tacsaí ná tuairim – Muhammad agus an bia ‘gasta’

Ní lia tiománaí tacsaí ná tuairim. Ní shin le rá gur fiú éisteacht leo i gcónaí, gan trácht ar a bheith ag brath orthu le haghaidh na fírinne. Ach anois is arís, cloisim scéal uathu a spreagann mo shuim.

Bhí Muhammad as Tamhlacht ar dhuine acu sin.

‘Tá tú ag dul go dtí Ascaill Dhúin Carúin?’ a dúirt sé. ‘Tá aithne mhaith agam ar an gceantar sin ó bhíodh mé ag seachadadh bia gasta thart sna bólaí sin.’ Bia gasta? Thug mé cluas ghéar dó ar an bpointe.

Thosaigh mé ag cur suime i scéal an bhia ghasta le gairid nuair a d’fhógair Domino’s Pizzas go rabhadar le 1,000 post breise a chruthú in Éirinn go luath. Is é an chaoi go bhfuil siad ag tnúth le hardú mór sa ghnó sin acu féin – go háirithe an seachadadh bia ag baile, nuair a thosóidh Corn Sacair an Domhain agus ina dhiaidh sin, séasúr na Nollag.

Luaigh siad figiúr de 700,000 píotsa a dhíolfaidh siad idir seo agus an Nollaig.

Bhí Muhammad do mo thabhairt ó Stáisiún Heuston go dtí an Charraig Dhubh agus thabharfadh sé sin neart ama dom an scéal maidir leis an mbia gasta a chíoradh leis.

An lá roimhe sin, agus mé ar mo bhealach chuig an stáisiún, casadh ceithre cinn de rothaithe le boscaí ‘Deliveroo’ ar a ndroim acu, ag rothaíocht ar an bpíosa bóthair céanna ar bhruach Abhainn na Life. An bhfuil muintir na hÉireann imithe craiceáilte i ndiaidh an bhia ghasta? a d’fhiafraigh mé díom féin.

D’inis Muhammad dom gur sa gcarr a dhéanadh seisean an seachadadh píotsa. B’fhada leis go bhfaigheadh sé seans dul isteach i ngnó an tacsaí.

Bhí a chárta crochta lena phictiúr agus a ainm faoi, amach ar a aghaidh. D’inis sé dom gur as An Afganastáin dó agus go raibh sé féin, a bhean agus a cheathrar páistí ina gcónaí i dTamhlacht. Thug mé suntas don chaoi ar litrigh sé ‘Muhammad’ agus thaispeáin seisean an ‘z’ ina shloinne dom – ‘sin é an chaoi a n-aithneoidh tú gur as an Afganastáin mé.’

Tá sé thar a bheith sásta lena shaol i dTamhlacht – tá an ceathrar páiste ag dul ar scoil agus na buachaillí atá sa mheánscoil ina mbaill den fhoireann peile Gaelaí.

‘Agus an mbeidh tú ag súil go ngabhfaidh na cailíní amach ag obair?’ d’fhiafraigh mé féin de. Ní raibh mé ach th’éis a bheith ag léamh faoin drochshaol atá ag cailíní san Afganastáin féin. ‘Bí cinnte de,’ dúirt sé. ‘Oibreoidh siad tar éis oideachas a fháil.’

Thaitin an obair thacsaí go mór leis ach rinne mé suntas nach raibh sé ag clamhsán faoi na coinníollacha oibre a bhí aige nuair a bhíodh sé ag seachadadh bia. Is dócha go gcuireann na coinníollacha isteach níos mó ar an dream a bhíonn ag brath ar na rothair. Bíonn orthu líon áirithe ‘béilí’ a sheachadadh taobh istigh d’uair an chloig le pá réasúnta maith a fháil. Go minic nuair a bhíonn siad gar don tríú ordú agus seans réasúnta acu an pá maith a fháil, faigheann siad amach go bhfuil turas fada le déanamh acu leis an mbéile áirithe sin. Agus níl siad i dteideal íocaíochta go mbeidh an bia seachadta ag an seoladh sin.

Má thug tú faoi deara riamh go raibh rothaithe le boscaí bia ag dul sa seans, nó ag tógáil aicearra aisteach, bí cinnte de go raibh siad ar a mbionda ag iarraidh an bunphá is fearr a fháil ag an am sin.

Agus mise ag cur suime i saol na ndaoine a raibh na boscaí bia ar a ndroim acu, ba mhó suim a bhí ag Muhammad i nósanna mhuintir na hÉireann chomh fada agus a bhaineann le cúrsaí bia.

Ar ith sé féin an bia gasta? Chuir an cheist ionadh air. ‘Ní íosfainn é – is cócaire iontach í mo bhean chéile.’

Ach is mó ionadh a bhí air maidir le bealaí maireachtála mhuintir na hÉireann. ‘Is cuimhin liom a bheith ag seachadadh bia ag doras an tí, nó an árasáin, agus thiocfadh fear eile le bia gasta ag an seoladh céanna, ag an nóiméad céanna. An é nach labhraíonn daoine lena chéile?’ a d’fhiafraigh sé díom.

D’inis sé dom faoin gcaoi a mb’éigean dó an bia a thabhairt suas cúpla urlár in árasán toisc nach dtiocfadh daoine anuas fhad leis an doras chuige. Níor dhúirt sé go raibh aon locht orthu, ná leisce, ach b’éigean dó-san dul in airde san ardaitheoir nó suas an staighre, toisc nach mbeadh sé i dteideal íocaíochta go dtí go raibh an bia seachadta.

Beimid ag brath ar scata mór Muhammadachaí sna míonna atá amach romhainn, is cosúil. Ní shiúlfaidh an 700,000 píotsa sin amach ag na tithe as a stuaim féin. Ní mórán Éireannach a fheicfeas tú i mbun na hoibre sin ach an oiread.

Cé go raibh ionsaithe gránna, timpistí bóthair agus agóidíocht faoi choinníollacha oibre ag na seachadóirí bia gasta le cúpla bliain anuas, níl aon chosúlacht ann go bhfuil stad ag teacht ar líon na ndaoine a thabharfas faoin obair. Eachtrannaigh den chuid is mó iad.

Tá muintir na hÉireann sásta an píotsa a ithe ach níl aon fhonn orthu dul i gleic leis an trácht, le tiománaithe, leis an aimsir ná leis an mbrú chun pá réasúnta a shaothrú.

Mar aguisín le mo scéal, chonaic mé ar Twitter an lá cheana go raibh mála fágtha ag an gceoltóir iomráiteach Conor Byrne i dtacsaí ar a bhealach ón aerfort agus go raibh cúig cinn d’fheadóga móra sa mhála. Bhí an fear bocht trína chéile agus é ag iarraidh ar dhaoine an scéal a scaipeadh ar Twitter.

Scaip go leor daoine an scéal le cabhair na meán sóisialta agus chonaic mé an dea-scéala aréir go raibh na feadóga agus an mála aimsithe agus tugtha ar ais dó. Ghabh sé buíochas le chuile dhuine a thug cúnamh dó, ach go speisialta, a dúirt sé, an tiománaí tacsaí Muhammad.

Fág freagra ar 'Ní lia tiománaí tacsaí ná tuairim – Muhammad agus an bia ‘gasta’'