Bhí grianghrafadóir Tuairisc.ie, Seán Ó Mainnín cúig lá ag Féile an Oireachtais i gCill Airne. Tá blaiseadh anseo den atmaisféar speisialta a bhaineann le príomhfhéíle na Gaeilge
Dé Luain, Samhain 7 2016 ag 5:48 pm
Buaiteoirí duaiseanna liteartha an Oireachtais
Ceoltóir ón ngrúpa ‘Ceoltóirí na Búille’ a bhí páirteach i gComórtas BEO
Ceoltóírí na Búille agus Siobhán ag éisteacht leis na moltóirí
Baineann ceamaradóir amháin geit as ceamaradóir eile
Tá lúcháir ar lucht ‘Tine’ nuair a fhógraítear gurb iad a bhuaigh Comórtas BEO
Na buaiteoirí ‘Tine’ ó Chlár Chlainne Mhuiris, Co Mhaigh Eo le hUachtarán an Oireachtais Ray Mac Mánais. Sa phictiúr chomh maith tá Julian de Spáinn, Conradh na Gaeilge agus Anna Davitt, Foras na Gaeilge
‘Sonas’, Co Mhaigh Eo, a bhain an tríú háit sa chomórtas Beo
Ceoltóirí na Búille a bhain an dara háit
Uachtarán an Oireachtais ag coinneáil a chinn faoi ag dul thar sheastán lucht na gCoimisinéiri Ioncaim. Ag fanacht air tá Shane Ó Súilleabháin agus Ailbhe Ó Raghallaigh
T-léine le hainmneacha daoine a bhí páirteach i gcomórtais ar díol ar an Aonach
Michael “Toose” Mac Gearailt agus a chairde ag Maidin Chaife, Déardaoin
Tae nó caife le ‘Toose’?Na mná seo breá sásta ag an ócáid
Darach Ó Tuairisg, Fíbín, ag plé ‘Todhchaí na Drámaíochta Gaeilge’ ag Fóram an Oireachtais
Is maol droim gan deirfiúr! Córa Ní Shlatara ag déanamh bord de dhroim Shaidhbh lena n-ainmneacha a scríobh
An Garda Michelle Ní Chonaola ag cuidiú leis an leaid óg seo
Is iontach an áit é an tAonach seo le haghaidh bronntanas
Brian Ó Baoill a insealbhaíodh mar Uachtarán nua Oireachtas Cheanada
Aela Ní Ghaoithín, Caiseal na gCorr, Gorta Choirce. An chéad áit san Aithriseoireacht aici
Eibhlín Uí Iarlaithe ag síniú a leabhair ‘Orla Uan ar Scoil’ do léitheoir óg
Cuairteoirí ó Cheanada ag an insealbhú le Máirín de Brún: Yolanta Kruik, Pat Coutsos agus Allyson Reid
Seoirse Ó Luasa, úinéir An Caifé Liteartha sa Daingean, ag seoladh an leabhair ‘Óglaigh Chill Airne’
Micheál de Mórdha ag caint ag seoladh an leabhair ‘Ceiliúradh an Bhlascaoid’
Tomás Ó Lúing, Máire Ní Dhálaigh agus Micheál De Mórdha ag an seoladh
Proinsias Mac A’ Bhaird, Celia de Fréine agus Liam Mac Amhlaigh ag seoladh “Portráidí”
Sean-nós na mBan: Clár Nic Ruairí, a fuair an dara háit, Máire Ní Choilm, an buaiteoir, in éineacht le Máirín Mhic Dhonnchadha, an tOireachtas, Ray Mac Mánais agus Pádraig Ó Sé, RnaG
Máíre Ní Choilm, buaiteoir chomórtas sean-nós na mban le Corn Phádraig Mhic an Rí
Tomás Ó Mainnín RTÉ, ag cur agallamh ar Noirín Ní Ghrádaigh, Breacadh
Ellen de Búrca, Cill na Martra, Co Chorcaí, a tháinig sa dara háit in amhránaíocht faoi 12, lena máthair Bridie
Údair ‘Solas ar na Dumhchannaí’, Siún Ní Dhuinn agus Ailbhe N Ghearbhuigh le Áine Ní Bhreisleáin, sa lár, a sheol an leabhar
Solas ar na Dumhchannaí’
Muintir Mhuiris Uí Mheara leis an leabhar. Ó chlé, Tomás Ó Séaghdha, a uncail; Sorcha, a dheirfiúr; Maureen agus Thomas O’Meara, tuismitheoirí agus Mary O’ Shea, aintín
Lillis Ó Laoire ag canadh “Níl sé ina Lá” i gcuimhne Mhuiris
Seosaimhín Uí Chuilleanáin agus Eilís Uí Thuama, Baile Bhuirne
Spéaclaí Rónáin Mhic Aodha Bhuí i mbaol le linn chraoladh a sheó ‘Rónán Beo’
Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge Ferdie Mac an Fhailigh ag seoladh na huirlise, an Draoi Gramadaí
Rinceoir óg ag damhsa ar an stáitse i ngan fhios do lucht an raidió!
Is maith leo ‘Micil’. Poitín á ól ar Ronán Beo ar RnaG
Máírtín Tom Sheáinín faoi agallamh ar Rónán Beo
Uachtarán agus íochtarán
Joe Ó Domhnaill ag caint faoi na scileanna uachtarántachta nach bhfuarthas sa cheapachán deiridh!
Tomás Seoighe, Cinn Mhara, ag ól blogam poitín ‘Micil’ ag seoladh an chláir ‘Poitín Mhicil’
“Is maith an stuif é!’
Pádraig Ó Griallais, ar chlé, a dhéanann an poitín ‘Micil’ agus custaiméir sásta eile aige
Micheál Ó Máille ag cur braon poitín ‘Micil’ i ngloine sú oráiste Rónáin Uí Dhubhthaigh
Mícheál Mac Giolla Easbuic ag ligint a scíthe
Seosamh Ó Grifín agus Ciarán Ó Fátharta
Seán Ó Sé i lár an aonaigh
Seosamh Ó Ceallaigh, Cúil Aodha agus Sarah MacNamara, An Tulach, Co an Chláir
Na meáin ag an Oireachtas, Raidió Fáilte ag cur agallamh ar Uachtarán an Oireachtais
Colm (Jimmy) Ó Curraoin, Cnocallach, Na Minna, Indreabhán, Co. na Gaillimhe a bhuaigh comórtas sean-nós na bhfear le Corn Cuimhneacháin Chiaráin Uí Chon Ceanainn
Colm (Jimmy) Ó Curraoin lena chlann agus an corn
Cabaret Craiceáilte
Cabaret Craiceáilte
Ag ceol cois tine go moch ar maidin
Ar bís ag fanacht leis an maisiú ag cóisir Cúla4
Micheál Ó Ciaraidh agus daoine óga ag ceiliúradh
Pádraig Ó Sé
Conall Ó Corra, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ag díospóireacht Gael Linn.
Míde Ní Ghríofa ag caint ag an díospóireacht
Áine Ní hAilíosa agus Cárthach Ó Faoláin, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh agus Corn Gael Linn/The Irish Times bronnta orthu ag Comórtas Díospóireachta Gael Linn. Sa phictiúr chomh maith tá, ar chlé, Maria Schaler, Comhordaitheoir na Mac Léinn, Conradh na Gaeilge; Seán Ó Coinn, Foras na Gaeilge, Antoine Ó Coileáin, Priomhfheidhmeannach Gael Linn agus an t-aoichanteoir Gearóid Ó Murchú.
An cór mór a mheall na sluaite chuig forhalla an óstáin Dé Sathairn
Joe Steve Ó Neachtain ag siúl chun stáitse lena Ghradam RTÉ Raidió na Gaeltachta a ghlacadh
Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta Edel Ní Chuireáin ag bronnadh an saothar ealaíne deiridh a rinne a sheanchomrádaí, Diarmuid Mac an Adhastair, ar Joe Steve
Máirín Uí Chéidigh le linn chomórtas Chorn Uí Riada, mar a bhfuair sí an tríú háit
Páidí Mhárthain Mac Geaarailt ag canadh i gcomórtas Chorn Uí Riada
Caitlín Ní Chualáin, buaiteoir Chorn Uí Riada 2016 le Máirín de Brún, Cathaoirleach, agus Ray Mac Mánais, Uachtarán an Oireachtais
Ag Club na Féile, oíche Dé Sathairn
An slua ollmhór ag Club na Féile
Pádraig Ó Sé agus a chomhghleacaí ag Club na Féile
Steipeanna: Colm Ó Coistealbha ag baint torann as an urlár