Moladh á scrúdú go mbeadh sé ina choir feasta fuath a spreagadh do lucht labhartha na Gaeilge

Tá athbhreithniú ar bun ag an Roinn Dlí agus Cirt ar an reachtaíocht a bhaineann le gríosú fuatha, athbhreithniú a thógfaidh san áireamh tuairisc ina moltar go mbeadh sé ina choir feasta fuath a spreagadh do dhuine bunaithe ar a theanga

Moladh á scrúdú go mbeadh sé ina choir feasta fuath a spreagadh do lucht labhartha na Gaeilge

D’fhéadfadh go mbeidh sé ina choir feasta fuath a spreagadh i leith lucht labhartha na Gaeilge.

Dúirt urlabhraí ón Roinn Dlí agus Cirt le Tuairisc.ie go gcuirfear san áireamh i leasuithe atá á mbeartú ar an Acht fuatha 1989 tuairisc ina moltar go mbeidh sé ina choir feasta fuath a spreagadh do dhuine bunaithe ar a theanga.

Dúirt an t-urlabhraí go raibh athbhreithniú á dhéanamh ar “gach gné” den Acht um Thoirmeasc ar Ghríosú chun Fuatha, “ina measc cibé ar chóir an sainmhíniú atá ar fhuath san acht a leathnú”.

Dúirt sé chomh maith go gcuirfear san áireamh san athbhreithniú taighde nua sa réimse seo, ar a n-áirítear an tuairisc faoi shaolré coireanna fuatha a d’fhoilsigh an Chomhairle um Chearta an Duine i mbliana, tuairisc ina moltar go mbeadh sé ina choir fuath a spreagadh do dhuine de bharr an teanga a labhraíonn sé.

Faoin sainmhíniú ar fhuath san Acht um Thoirmeasc ar Ghríosú chun Fuatha, an t-acht a bhfuil beartaithe é a leasú, deirtear gurb é atá i gceist ná ‘fuath do ghrúpa daoine sa Stát nó in áit eile mar gheall ar a gcine, a ndath, a náisiúntacht, a gcreideamh, a mbunadh eitneach nó náisiúnta, toisc gur den lucht siúil iad nó mar gheall ar a gclaonadh gnéasach’.

Moltar sa tuairisc faoi shaolré coireanna fuatha a d’fhoilsigh an Chomhairle um Chearta an Duine go gcuirfí an ‘teanga’ atá ag duine leis an liosta sin.

Aithnítear sa taighde sin chomh maith go bhfuil cosaint ar bhonn teanga “i measc na dtréithe a bhfuil cosaint tugtha dóibh” faoi Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine.

Agus athbhreithniú ar an reachtaíocht fuatha ar bun ag an Roinn Dlí agus Cirt faoi láthair, tá éileamh á dhéanamh ag Conradh na Gaeilge chomh maith go gcuirfí an focal ‘Gaeilge’ nó ‘teanga’ san áireamh sna leasuithe atá á mbeartú.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, gur chóir go mbeadh ‘cosaint’ do dhaoine a labhraíonn Gaeilge nó teangacha eile san áireamh in aon athbhreithniú a dhéanfaí ar an reachtaíocht a bhaineann le gríosú fuatha.

“Tharla go leor ionsaithe fuatha mar gheall ar Ghaeilge nó teanga eile a bheith á labhairt ag daoine agus ní raibh aon chosaint acu faoin acht. Ba cheart go n-athrófaí sin,” a dúirt de Spáinn.

Mura nglacann an Roinn Dlí agus Cirt le moladh na Comhairle um Chearta an Duine go gcuirfí cúrsaí teanga leis an sainmhíniú ar fhuath san acht, tá i gceist ag Conradh na Gaeilge a leasú féin a chur faoi bhráid an fhreasúra má thagann reachtaíocht nua chun cinn mar gheall ar an athbhreithniú atá á dhéanamh ar acht 1989.

Fág freagra ar 'Moladh á scrúdú go mbeadh sé ina choir feasta fuath a spreagadh do lucht labhartha na Gaeilge'