Mo shean-leabhairín beag dubh agus scéal an Executive Babe

Agus é 25 bliain i mbun chúram an iriseora ba bheag nár tháinig lagar ar ár gcolúnaí lá dár iarr iriseoir óg air cead breathnú ina leabhairín beag uimhreacha

Mo shean-leabhairín beag dubh agus scéal an Executive Babe

Executive Babe agus a mharcach Colm Ó Muireagáin chun cinn ar thrasnú an líne dóibh i nDún Phádraig i mí na Samhna 1997

Is minic caidéis déanta ag bean an tí agus ag an gcuid eile de mo mhuintir go bhfuil aithne agam ar an iomarca daoine. Théis dóibh a bheith ag fanacht liom taobh amuigh de pháirc imeartha nó de shiopa is minice a tharlaíonn a leithéid agus scaití nuair a chasann seanchomrádaí liom ar shráideanna na Gaillimhe.

Aisteach go leor ní cáilíocht í a bhfaightear locht ar bith uirthi nuair a bhíonn tóraíocht ar thicéid Pháirc an Chrócaigh, nó tuairisc á cur cá bhfaigheadh duine pluiméara, nó an té a bhainfeadh tairne as roth cairr. Ach sin scéal eile.

Is é nádúr an iriseora a bheith fiosrach – ar thóir eolais atá i gceist anois agam seachas a bheith ag santú geabaireachta agus biadáin.

Inniu tá go leor dá mbíonn uathu le fáil ar an ríomhaire, ach i dtús mo linne-se bhí a leabhairín beag teagmhála féin ag chuile dhuine a chleacht an ghairm – an tábhacht chéanna leis agus a bhí leis an mbraon fola a bhí ag rith trí do chuisle. Dá mhéid dá mbeadh inti ab fhearr do sheans ar scéal.

Agus é i gcomhluadar níor oscail aon iriseoir arbh fhiú a chuid é an leabhairín sin aon bhlas níos leithne ná a d’osclaíodh na seanmhná a sparán lá an phinsin fadó. Bhí aithne agam ar dhuine acu nach dtabharfadh uimhir theileafóin as an leabhar sin dá dheartháir féin.

Agus mé 25 bliain i mbun an chúraim ba bheag nach dtáinig lagar orm lá dár iarr iriseoir óg orm an bhféadfadh sé breathnú i mo leabhairín agus cúpla uimhir a chóipeáil as.
B’in fáth amháin ar shantaigh mo leithéid-se tobar domhain faisnéiseoirí.

Ar an lámh eile, deir an seanfhocal gur fánach an áit a bhfaighfeá gliomach agus go cinnte ní mba as an leabhairín a thagadh chuile scéal. Ba mhór an cúnamh freisin an fhiosracht mar go minic nach faoin gcloch ba mhó ná sa lochán is doimhne a bhíonn an crústach i bhfolach i gcónaí.

Maidin fhuar gheimhriúil i ndeireadh na Samhna 1997 bhí leathanaigh spórt an nuachtáin léite agam ar fad go dtáinig ceann na rásaíochta capall. Bhíodarsan ar siúl i gceithre ionad an lá sin, Chester, Hexham, Windsor agus Dún Pádraig. Bhí míonna caite ó ritheadh aon rás tábhachtach sa tír, agus ní raibh aon cheann eile ar na bacáin go dtiocfadh an Nollaig. Fós, ar chúis éicint, chaith mé leathshúil ar liosta Dhún Pádraig, áit nach raibh as an rás ba luachmhaire ach duaischiste £4,000.

Trí rás eatarthu a bhí buaite ag na 50 capall a bhí sna cúig rás ba thúisce a bhí ar an gcárta agus níos minice ná a chéile is beag staidéar a dhéanfá orthu.

Go dtí an lá atá inniu ann ní thuigim céard a d’fhág ionam fanacht ag léamh go dtáinig mé ar cheann deireanach an lae: 3.45. The Seán P. Graham Shane Broderick INH Flat Race £2,500, 2m 1f, 172 slat.

Amaitéaraigh amháin a bhíodh sa diallait sna ‘Bumpers’ an uair sin agus bhí Mr. R. Walsh luaite leis an gcapall ab íochtaraí The Red Side.

Ach trí líne os a chionn sin ar an liosta thug mé faoi deara dhá mharc bheaga a tharraing m’aird – dhá shíneadh fada. Sa diallait ar uimhir 10 Executive Babe bhí Mr. C. Ó Muireagáin.

Chuir mé líne dhearg faoi agus dhírigh ar an gcuid eile d’obair an lae – réiteach do bhabhta den tSraith Náisiúnta Peile an deireadh seachtaine sin agus bagairt a bhí déanta ag peileadóirí Cheatharlach nach dtiocfadh siad chun páirce ann mar gheall ar an íde a bhí tugtha ag Coiste an Chontae dá mbainisteoir Bobby Miller.

Fós bhí Executive Babe i gcúl m’intinne feadh an lae. Ní hé go raibh pingin rua agam air ach bhí ainm a mharcaigh ag déanamh tinnis dom. Níos measa ná sin níor chuala aon iriseoir rásaíochta ar chuir mé tuairisc le linn an lae aon trácht ariamh ar Mr. C. Ó Muireagáin.

Ag an am ní raibh fáil ar thráchtaireacht ar na rásaí in aon áit ach amháin i siopa an
gheallghlacadóra agus nuair a tháinig 3.45 ghlaoigh mé ar chara de mo chuid a bhí ag obair i gceann (an leabhairín dubh arís!) agus leag seisean an fón ar an gcuntar go mbeadh deis éisteachta agam.

Bhí capall darbh ainm Barrington mar rogha láidir sa rás (7/4) ach bhí seisean i bhfad siar nuair a d’éirigh le Executive Babe a cloigeann a chur chun cinn ag trasnú na líne, gan a fhad sin féin idir í agus an dara capall – Ruby a chríochnaigh sa 3ú háit.

Glaoch eile – an babhta seo ar an oifig ar thraic Dhún Phádraig agus a bhuíochas de rúnaí an chúrsa ansiúd chuir sé an marcach ar cheann na líne.

Is ar éigean a d’fhéadfadh an scéal a bheith níos suimiúla.

Tréidlia i Sligeach ab ea Colm Ó Muireagáin agus ar chuid de na hainmhithe a bhí faoina chúram bhí na capaill a bhí i stábla John T. McLoughlin i nDroim Seanbhó, an t-aon traenálaí i gContae Liatroma.

Marcach cumasach ab ea an Muireagánach agus cé nach raibh a leithéid déanta ariamh aige ba é a mhian i gcónaí a dhul san iomaíocht i rás. Lá amháin agus a ghnaithí déanta sna stáblaí aige d’inis sé a scéal do Mhac Lochlainn a thug an seans dó ar Executive Babe. Rás amháin eile a bhí rite acu nuair a thugadar an lá leo i nDún Pádraig.
Más buan mo chuimhne níor bhuaigh ceachtar acu rás ar bith eile.

An tseachtain seo agus mé ag tochailt tríd an leabhairín arís a d’aimsigh mé uimhir an Mhuireagánaigh. Tá sé ag saothrú leis i gcónaí sa taobh sin tíre agus tá mé buíoch dó as an bpictiúr a thugann deis daoibhse agus domsa léargas a fháil ar cheann de laethanta móra a shaoil.

Toradh an rása

Fág freagra ar 'Mo shean-leabhairín beag dubh agus scéal an Executive Babe'