MIONLÉIRMHEAS: Grianghraif a fágadh i dtaisce sa gharáiste ar feadh dhá scór bliain…

Sa tsraith mionléirmheasanna seo moltar foilseacháin neamhghnácha. An babhta seo, Kali, grianghrafadóir mistéireach, An Íoslainn agus an tAos Sí

MIONLÉIRMHEAS: Grianghraif a fágadh i dtaisce sa gharáiste ar feadh dhá scór bliain…
Kali: Artographer
le Matt Tyrnauer agus Len Prince
foilsithe ag powerHouse Books
Clúdach crua,  8.25 x 10.75″
224 lch
ISBN: 978-1-64823-021-9
Luach i ndollair: $50.00 US[/infobox]
Joan Archibald ab ainm di, bean tí as Long Island, bean tí nach raibh sásta a bheith ina bean tí. Theith sí. Athshaolaíodh í, mar a déarfá, in Palm Springs agus chuaigh i mbun grianghrafadóireachta.
Thug sí Kali uirthi féin (ainm ar bhandia Indiach) agus dhein grianghraif shícideileacha a réaladh san fholcadán aici agus ansin iad a dhathú le péint spraeála, agus fiú le feithidí agus salachar.
Ní raibh sí i gceart, an créatúr. I ndeireadh na 1970idí, chuir sí na grianghraif i dtaisce i gcásanna agus bhíodar sa gharáiste aici ar feadh dhá scór bliain, go dtí gur cailleadh í. Tháinig iníon léi orthu ansin, chomh maith le dialanna léi a léirigh scéal uafásach.
An créatúr, bhí sí gafa sa teach, eagla uirthi dul amach. Bhí sí cinnte go raibh neacha ó phláinéid eile ag iarraidh breith uirthi.

An Íoslainn agus an tAos Sí

Huldufólk
Michel Eisenlohr (grianghraif) & Christophe Pons (téacs)
Foilsithe ag Arnaud Bizalion
Toisí: 24 x 16.5
64 leathanach daite
Teangacha: Fraincis & Béarla
ISBN 978-2-36980-134-4
Luach: 28€
Dúshlán a bheadh ann grianghraf a ghlacadh de na daoine maithe. Nach dofheicthe an dream iad? ‘An dream ceilte’ is brí le teideal an leabhair dhiamhair seo,  grianghraif de na háiteanna sin a shamhlaítear leis an aos sí. Géilleann a lán Íoslannach dóibh i gcónaí.
Ní faoin tuath amháin é an feiniméan seo. Má tá carraig laibhe ann, áit ar bith, seans maith gur baile don aos sí atá inti.

Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: Grianghraif a fágadh i dtaisce sa gharáiste ar feadh dhá scór bliain…'