MIONLÉIRMHEAS: ‘Ba é mo mhac é!’ arsa Feng Li go bródúil faoin mbanbh

MIONLÉIRMHEAS: Sa tsraith mionléirmheasanna seo moltar foilseacháin neamhghnácha. An babhta seo, ceantar na n-imirceach i nGlaschú agus peata muice sa tSín

MIONLÉIRMHEAS: ‘Ba é mo mhac é!’ arsa Feng Li go bródúil faoin mbanbh
Govanhill
Eagrán teoranta
Luach: €73.95
Foilsithe i mbliana ag Gomma Publishing Ltd: https://gomma.works/pages/about-gomma

Cá bhfuil Govanhill? Má tá teideal an mhionléirmheasa seo léite agat, beidh a fhios agat gur i nGlaschú

atá sé. Tá baint ag an bhfocal ‘Govan’ le ‘gabha’ nó gobhainn i nGaeilge na hAlban.

Ceantar na n-imirceach é Govanhill. Ní nach ionadh, labhraítear breis is trí scór teanga ann.

 

Peata Muice

Tháinig Feng Li ar bhanbh tréigthe i gceann d’aerfoirt mhóra na Síne agus thug sé leis abhaile é.

Bhí an cat a bhí aige sa bhaile níos mó ná an banbh ag an am!

Tá clúdach an leabhair seo Pig le Feng Li ar cheann de na clúdaigh is fearr atá feicthe agam i mbliana.

‘Ba é mo mhac é!’ arsa Feng Li go bródúil faoin mbanbh. Taifead ar eachtraí an bhainbh agus é ag fás aníos atá sa leabhar neamhghnách seo.

Itheann na Sínigh go leor muiceola. Cad faoi Feng Li?

‘Ithimse muiceoil. Ní íosfainn mo mhac, áfach . . .’

Ar mhaith leat súil ghasta a chaitheamh ar an leabhar gleoite seo?

Tugann an nasc seo an deis sin duit agus gach eolas faoin leabhar:

I ré seo na bhfón cliste (earra nach raibh riamh agam féin) nach mbeadh sé go deas a bheith

in ann pictiúrleabhair a scimeáil mar seo, go háirithe pictiúrleabhair do dhaoine óga?

Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: ‘Ba é mo mhac é!’ arsa Feng Li go bródúil faoin mbanbh'

  • WTF

    “Chomh sona leis an té a chodail le muc.” (Seanfhocal)
    Níor thriáil mé féin fós é, áfach.