Mianadóirí as Ceanada éirithe as an dtochailt i nGaeltacht Chonamara

Tá an tionscnamh ‘Moly Chonamara’ caite in aer ag MOAG as Toronto Cheanada ach d’fhéadfadh dream eile a dhul sa tóir ar an mianra molybdenum i gCarna

Mianadóirí as Ceanada éirithe as an dtochailt i nGaeltacht Chonamara

Tá an comhlacht as Ceanada a bhí sa tóir ar an mianra molaibdéineam (molybdenum) sa Más i gCarna i gConamara le cúig bliana éirithe as an iarracht agus ag cur na gceadúnas taiscéalaíochta mianraí a bhí acu ar an margadh. ‘Irish Moly’ an teideal a bhí acu ar an iarracht seo ina gcáipéisí oifigiúla agus meastar gur chaitheadar cuid mhaith de $2 milliún ar obair Chonamara.

Tá dream MOAG as Toronto éirithe as an iarracht seo mar go bhfuil an comhlacht féin i dtrioblóid. Baineadh MOAG de chlár na gcomhlachtaí tóraíochta mianraí i gCeanada agus dúirt a mbainisteoir, Peter Cooper, nach bhféadfaidís coinneáil leis an iarracht i gConamara. Tá an comhlacht sin díliostaithe  i gCeanada faoi láthair agus dúirt Peter Cooper go bhfuil fiacha le glanadh acu. “Tá muid sa riocht anois agus go bhfuil muid ag iarraidh ár gcuid fiacha a ghlanadh,” a deir Peter Cooper.

Beidh díol na gceadúnas tóraíochta mianraí atá acu i gConamara, bhí taighde ar siúl freisin acu i Muirbheach i gCloch na Rón, ar cheann de na bealaí a bheidh acu le cur le ciste an chomhlachta agus an cruachás tráchtála seo á láimhsiú acu.

Dúirt Peter Cooper in Toronto go bhfuil siad i dteagmháil le grúpa amháin, ar a laghad, a bhfuil suim acu ceadúnais Chonamara a cheannach. Ní fhéadfadh sé, a dúirt sé, a rá cén praghas a bheadh ar na ceadúnais ach tá an taighde agus an t-eolas atá faighte ó tosaíodh an staidéar seo ag cur le luach na gceadúnas. Thug foinse sa gcomhlacht le fios anuraidh go bhféadfadh luach $3 billiún den mholaibdéineam a bheith i gceantar an Mhása dá n-éireodh go maith leis an togra.

Bheadh ceadúnais phleanála agus oibre ag teastáil agus bheadh ceist na timpeallachta le láimhsiú. Sin ceisteanna a bheidh a roimh dhream ar bith eile a thabharfaidh iarracht eile faoi mhianadóireacht molaibdéinim sa Mhás.

Bhí caint ann ó na caogaidí sa gcéad seo caite go bhfuil lorg suntasach den mhianra sin i gceantar an Mhása i gCarna. Baintear leas as molaibdéineam le cruas agus buanseasmhacht a chur in ábhair ar nós cruach agus tá buntáistí móra ag baint leis sa mhéid agus nach gcuireann fuacht ná teas mór as dó. 

Rinneadh roinnt eile taighde ar cheantar an Mhása i ndeireadh na 1960idí agus deimhníodh an uair sin chomh maith go raibh an molaibdéineam le tabhairt faoi deara ansin. Ach is é an staidéar a rinne MOAG as Toronto le blianta beaga anuas an iarraidh is mó a tugadh faoin taighde sa Más.

Chuireadar comhlacht SLR, dream a bhfuil saineolas acu i dtóraíocht mianraí, ag obair dóibh i gCarna. Tá monarcha de chuid Údarás na Gaeltachta ar léas acu ar an Eastát Tionsclaíochta ansin. Rinneadh tolladh go leor sa Más, cuid de ag dul 150 méadar faoi thalamh. Tugadh aníos samplaí agus tá go leor acu sin coinnithe i gCarna i gcónaí.

Tar éis tuilleadh tástálacha a dhéanamh ar na samplaí sin bhí na comhairleoirí gairmiúla i gcomhlacht SLR sásta a rá in 2016 nárbh aon áibhéil a rá go bhféadfadh bunús gnó a bheith leis an molaibdéineam sa Más. Réimse talún 4 chiliméadar cearnach atá i gceist. Ina dhiaidh sin a dúirt foinsí i MOAG gur dóigh go mbeadh luach $3 billiún den mhianra seo ann ach cuireadh aguisín leis an gcaint sin: theastódh tuilleadh taighde.

I mí Lúnasa 2018 tugadh scéala do chomhlacht MOAG go raibh an tAire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil sásta athnuachan a dhéanamh ar an gceadúnas tóraíochta a bhí ag an gcomhlacht. Ach bhí dhá rud ag déanamh tinnis dóibh in Toronto faoin am seo: theastódh na milliúin eile leis an mionscrúdú a theastaigh sa Más faoin tráth sin a dhéanamh. Sa mhullach air sin bhí cás dlí inmheánach sa gcomhlacht a chosain go leor airgid orthu.

Dúirt Peter Cooper, go raibh sé an-deacair a theacht ar infheisteoirí a bheadh sásta airgead a chaitheamh ar thaighde breise. Bhí titim ar luach an mholaibdéinim ar na margaí idirnáisiúnta; níl an lagan ar eacnamaíocht na Síne ag cuidiú leis an scéal mar go raibh go leor éilimh sa tír sin ar an mianra seo. Lena chois sin, a deir Cooper, rinne an t-aighneas inmheánach go leor dochair do chomhlacht MOAG.

Fág freagra ar 'Mianadóirí as Ceanada éirithe as an dtochailt i nGaeltacht Chonamara'