Clinton ar thairseach na staire agus uair na cinniúna tagtha i SAM

I ndiaidh feachtas achrannach a scoilt an pobal is inniu a bheidh deis ag pobal Stáit Aontaithe Mheiriceá bean nó fear a chur go dtí an Teach Bán mar an 45ú hUachtarán

Clinton ar thairseach na staire agus uair na cinniúna tagtha i SAM

Inniu a rachaidh muintir Stáit Aontaithe Mheiriceá chuig na botháin vótála chun an 45ú hUachtarán ar an tír sin a roghnú.

I ndiaidh feachtas achrannach a scoilt an pobal cuid mhaith, tá an chuma ar an scéal ar maidin gur ag an iarrthóir Daonlathach, Hillary Clinton, atá an buntáiste i gcónaí, cé gur éirigh leis an bPoblachtánach Donald Trump teacht aniar a dhéanamh athuair i dtreo dheireadh an fheachtais.

Tá Clinton, a bheidh ar an gcéad bhean riamh le hUachtaránacht Mheirceá a bhuachan má éiríonn inniu léi, chun tosaigh i bhformhór na bpobalbhreitheanna náisiúnta is déanaí agus meastar buntáiste a bheith aici i dtaobh vótaí na gcoláistí toghcháin chomh maith.

Teastaíonn ar a laghad 270 vóta coláiste toghcháin, as 538 vóta ar fad, chun an Uachtaránacht a bhuachan.

Chun go mbeadh an lá le Trump inniu, meastar go gcaithfeadh sé gach stát a bhuaigh an Poblachtánach Mitt Romney in 2012 a thabhairt leis chomh maith le Ohio (18), Pennsylvania (20) agus Florida (29).

De réir an tsuímh pobalbhreithe fivethirtyeight.com, bhí seans 70% aréir ag Clinton an toghchán a bhuachan i gcomparáid le 30% do Donald Trump.

Bhí tuar Nate Silver, an té ar leis fivethirtyeight.com, cruinn i dtaobh gach stát i dtoghchán 2012 tráth ar thuar sé go mbeadh bua réasúnta bog ag Barack Obama in ainneoin mórán saineolaithe eile a bheith ag maíomh go raibh Obama agus Romney gob ar ghob agus é ródheacair dá bharr a rá cé acu a thabharfadh an lá leis. Deir Silver nach bhfuil an chinnteacht chéanna ann i gcás an Daonlathaigh an turas seo toisc nach bhfuil ag éirí chomh maith le Hillary Clinton is a bhí ag éirí le Obama roimh thoghchán 2012 i stáit chinniúnacha ar nós Ohio.

Ach má éiríonn le Clinton na stáit ar fad a bhuann na Daonlathaigh de ghnáth a thabhairt léi ní theastódh uaithi ach ceann amháin as Florida, Ohio agus Virginia a bhuachan. Dá n-éireodh léi i gColarado agus Nevada bheadh an lá léi d’uireasa Florida nó Ohio.

Meastar gur mó seans gur ó Florida seachas aon stát eile a thiocfaidh vóta na cinniúna inniu.

Má chailleann Trump i Florida is ar éigean go mbeadh aon seans ar an Uachtaránacht aige. Tá Clinton go mór chun tosaigh sa stát sin i measc vótóirí ó phobail mhionlaigh agus tá Trump ag cruthú níos fearr i measc daoine geala den aicme oibre.


POBALBHREITH TUAIRISC.IE: Éire ‘aontaithe’ faoi Donald Trump de réir pobalbhreith Thuaidh/Theas


 

Dúirt Hillary Clinton aréir go raibh níos mó i gceist leis an toghchán ná vóta a chaitheamh di féin nó do Trump agus go raibh a bhfuil i ndán do Stáit Aontaithe Mheiriceá ag brath ar thoradh an lae inniu.

“An bhfuil Meiriceá doicheallach agus deighilte mar thír, nó an bhfuil sí lán dóchais agus ag cur gach duine san áireamh,” a d’fhiafraigh Clinton tráthnóna inné ina teachtaireacht físe dheireanach roimh vótáil.

Sheas Trump inné lena líomhaintí go bhfuil an córas vótála rigeáilte agus nár cheart cead a bheith ag Clinton seasamh don uachtaránacht.

“Is mór an náire a bhfuil ag tarlú…an méid atá ag tarlú don cheart sa tír seo atá ina ceap magaidh ar fud an domhain. Tá siad ag gáire,” a dúirt an t-iarrthóir Poblachtánach.

Mhol sé do dhaoine dul amach ag vótáil mar gurb é sin an tslí, dar leis, leis an gcamastaíl a chloí.

Ní hionann na hamanna vótála i ngach stát ach idir 11am agus meán lae inniu, am na hÉireann, a chuirfear tús leis an vótáil agus beidh deireadh déanta idir meán oíche agus a haon a chlog maidin amárach. Meastar go bhféadfadh toradh a bheith ann timpeall 4am maidin amárach nó go gairid ina dhiaidh.

Beidh toghcháin chomh maith ann inniu, i measc rudaí eile, do 34 suíochán Seanaid agus do 435 suíochán i dTeach na nIonadaithe.

Fág freagra ar 'Clinton ar thairseach na staire agus uair na cinniúna tagtha i SAM'