MEASCÁN MEARAÍ: Rólghlacadh!

GAEILGE NA hARDTEISTE: Meascán mearaí de ghníomhaíochtaí difriúla: pictiúir aisteacha, comhráite le bearnaí, scéalta bleachtaireachta srl. Déanta go speisialta don fhoghlaimeoir. Ábhar spraoi agus oideachais in éineacht

MEASCÁN MEARAÍ: Rólghlacadh!

Gníomhaíocht 1

Ag obair le do pháirtí ligigí oraibh gur sibhse an bheirt sa phictiúr. Scríobhaigí an comhrá atá ar siúl eatarthu.

Ábhar machnaimh:

  1. Cén chaoi a mothaíonn siad?
  2. Céard faoi a bhfuil siad ag caint?
  3. Ar tharla eachtra éigin roimhe seo?
  4. Céard atá siad a bheartú a dhéanamh?

Gníomhaíocht 2

Nuair a bheidh an comhrá scríofa agaibh déanaigí é a aithris. Ansin bog ar aghaidh go dtí duine eile agus déan do chomhrá féin agus a c(h)omhrá siúd, a aithris.

Fág freagra ar 'MEASCÁN MEARAÍ: Rólghlacadh!'