Meas madra an phobail ar pháirtithe tradisiúnta

Fear gan dídean in éag. Gníomh rialtais á iarraidh, cé gur lú ná riamh ár meas ar an rialtas.

Coinnle á lasadh do Jonathan Corrie aréir. Pictiúr: Photocall Ireland
Coinnle á lasadh do Jonathan Corrie aréir. Pictiúr: Photocall Ireland

Bhí coinnle á lasadh mar ómós do Jonathan Corrie taobh amuigh de Theach Laighean tráthnóna Dé Máirt.

Chruinnigh breis agus céad duine, daoine a bhfuil cónaí orthu ar na sráideanna ina measc, gar don chéim ar ar luigh sé síos den uair dheireanach.

Cuid acu ina dtost, an chuid eile ag cur síos ar shaol crua Jonathan agus a chairde.

A haon faoin gcéad os cionn an reophointe atá an teocht agus an colún seo á scríobh oíche Dé Máirt; tá leoithe fheanntach anoir ag séideadh, agus tá sioc roimh mhaidin á thuar ag Met Éireann.

Measann na cumainn a thagann i gcabhair ar dhaoine gan dídean go mbíonn thart ar 160 duine ina gcodladh i mBaile Átha Cliath gach oíche, gan trácht ar dhaoine gan foscadh atá sínte lasmuigh i mbailte eile ar fud na tíre.

Ní cóir breithiúnas róluath a thabhairt ar an bhfáth gur céim i mbéal dorais a bhí mar leaba a bháis ag Jonathan Corrie.

Ach ba léir do gach duine i dTeach Laighean agus lasmuigh de an “náire naisiúnta”, mar a dúirt Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath Christy Burke, a bhain lena bhás (féach ‘An Fhírinne Lom’ thíos).

Laistigh de 24 uair an chloig, bhí fóram práinneach chun easpa dídine a phlé á mholadh ag an Ard-Easpag Diarmuid Martin ar Morning Ireland, tacaíocht tugtha dá smaoineamh ag an Ard-Mhéara, agus ráiteas eisithe ag an Aire Comhshaoil Alan Kelly go reáchtálfaí a leithéid Déardaoin.

Cibé toradh a bheas ar an gcruinnú sin, tarraingeoidh sé aird ar a laghad ar laige aisteach sa Straitéis Tithíochta Sóisialta a d’fhógair Alan Kelly seachtain ó shin inar gealladh go dtógfaí 35,000 aonad tithíochta sóisialta idir seo agus 2020.

Dá fheabhas í an straitéis – cuimhnigh go bhfuil 90,000 duine ar liostaí feithimh tithíochta faoi láthair – ní léir aon réiteach ann ar fhadhbanna tithíochta a rachaidh i dtreise ar feadh trí bliana ar a laghad.

Is ó shin i leith a d’fhógair an rialtas leath – ‘U-chasadh’ agus athbhreithniu ar shochair chíosa (€950 ar a mhéid i gcás lánúine a bhfuil páiste acu i mBÁC).

Go dtí seo, diúltaíodh glan d’aon athrú, cé gur léir le dhá bhliain anuas ar a laghad go raibh cíos ag ardú beag beann ar na sochair chíosa.

Léironn pobalbhreitheanna nach bhfuil fiú vótóir as gach beirt ag tacú faoi láthair leis na páirtithe móra traidisiúnta (FG, an Lucht Oibre agus FF) a ghnóthaigh 73% de na vótaí in olltoghchán 2011.

Níl ach 48% ag tacú leo anois, dar le suirbhé Red C sa Sunday Business Post an mhí seo caite.

Más meas madra atá ag an bpobal (nó móramh den phobal) ar na páirtithe ‘tradisiúnta’, tá an traidisiún i dtrioblóid.

Léiríonn an laghdú tacaíochta seo go bhfuil deis ann do pháirtí ar bith a cheapfadh réiteach dáiríre ar an ngéarchéim dídine, agus a bheadh ábalta a chur ina luí ar vótóirí gur chóir é a chur i bhfeidhm.


AN FHÍRINNE LOM:

“An adequate supply of housing is fundamental to a healthy society and a vibrant economy.”

Cé a dúirt? Enda Kenny agus Joan Burton sa chomhráiteas ar phríomhaidhmeanna an Rialtais a d’fhoilsigh siad ar 11 Iúil.


 

 

Is láithreoir é Cathal Mac Coille ar ‘Morning Ireland’ ar RTE.

 

Fág freagra ar 'Meas madra an phobail ar pháirtithe tradisiúnta'