Méadú de bhreis agus 25% ar luach na mbradán feirme as Conamara, ach údar imní ó Washington

Tá an chaidhp bháis curtha ar an bhfeirmeoireacht bradán i Stát Washington ar chósta thiar thuaidh Mheiriceá

Méadú de bhreis agus 25% ar luach na mbradán feirme as Conamara, ach údar imní ó Washington

Bhí méadú de bhreis agus 25% ar luach na mbradán feilme a cuireadh amach as Conamara anuraidh (2017) i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin agus bhí an fhorbairt láidir chéanna uirthi i gcontaetha Gaeltachta eile ar chósta an iarthair.   Scéal maith é seo ag feilméaraí bradán na hÉireann ach, san am céanna, cuireadh teannadh le feachtais idirnáisiúnta in aghaidh an tionscail le roinnt laethanta anuas.  Tá an chaidhp bháis curtha ar an bhfeilméaracht bradán i Stát Washington ar chósta thiar thuaidh Mheiriceá.  Tá reachtaíocht a cuireadh tríd an bParlaimint Stáit ansin sínithe ag an nGobharnóir, Jay Anslee.  Glanfar na cliabháin as na cuanta ansin as seo go ceann trí bliana agus tar éis cúpla scór bliain de thionscal na mbradán feilme i Stát Washington, ní thabharfar aon cheadúnas nua amach.

Ba é an buille fill ná gur éalaigh 253,000 bradán Atlantach as cliabháin de chuid an chomhlachta, Cooke Aquaculture Pacific, i mí Lúnasa anuraidh.  Isteach i Sunda Puget a chuaigh na bradáin sin agus bhí sé ina chlampar faoi seo.  Ceaptar gur shíolraigh cuid de na bradáin seo le bradáin an Aigéin Chiúin.  Chaith an Pharlaimint Stáit i Stát Washington vóta 2:1 le gairid i bhfabhar deireadh uilig a chur le feilméaracht bradán sa Stát sin.   Bhí de rogha ag an nGobharnóir gan an bille sin a shíniú agus chuir lucht na feilméarachta bradán neart brú air.  Ach, ghlac an Gobharnóir Anslee leis an mbille agus tá buille mór faighte ag tionscal na mbradán feilme dá réir. 

Is maith an scéalaí í an aimsir agus feicfimid linn an gcuirfidh dreamanna atá in aghaidh an tionscail brú ar rialtais áitiúla agus náisiúnta i dtíortha eile de bharr an chinnidh i Stát Washington.

Ní raibh tionscal na mbradán saor ó chonspóid ariamh anall ach tá ceisteanna agus cáineadh ag teacht ina rabhartaí le gairid. Tosaíodh ar scrúdú faoi thionscal na mbradán in Albain coicís ó shin.  Tá coiste parlaiminte ansin i mbun an fhiosrúcháin agus tarlaíonn sé go bhfuil conspóidí – galar geolbhaigh, lear mór bradán a bheith ag fáil bháis agus cúiseanna timpeallachta – go leor faoin bhfeilméaracht bradán in Albain anois.

Níl a fhios cén t-achar a bheidh an tionscal in Éirinn, tionscal atá fíorthábhachtach ó thaobh fostaíochta de sna ceantair Ghaeltachta, in ann fanacht ar an bhfoscadh ó lorg na gconspóidí seo.

Go deimhin, de réir na bhfigiúirí náisiúnta, bhí bonn níos láidre faoi thionscal na feilméarachta mara – chuile  ghné di san áireamh – in Éirinn in 2017 ná a bhí le tamall de bhlianta agus 25% de mhéadú ar luach na táirgeachta.  Agus, tá sé ráite ag Bord Iascaigh Mhara freisin gur de bharr na feilméarachta bradán – den chuid is mó – atá an méadú seo tarlaithe.

Ar chóstaí Chonamara – cuid mhór de sa nGaeltacht – cuireadh 4,576 tonna bradáin feilme ar an margadh anuraidh.  Bunaithe ar an meánphraghas in aghaidh an tonna anuraidh, b’fhiú tuairim is €47 milliún an táirgeacht sin.   Cuireadh 3,100 tonna bradán amach as iarthar Mhaigh Eo agus b’fhiú os cionn €30 milliún an méid sin.

Bhí Bradán Beo Teoranta – comhlacht a bhfuil scair láidir ag Údarás na Gaeltachta ann – ar an gcomhlacht ba mhó a rinne dul chun cinn.  Sa réimse farraige idir ceantar na nOileán agus an Aird Mhóir in Iorras Aithneach i gConamara atá siadsan lonnaithe.  Cé go raibh an smugairle róin ag déanamh dochair in áiteanna eile – fiú i gCuan na Beirtrí Buí in aice láithreach – is cosúil nár theagmhaigh sé mórán leis an iasc a bhí ag Bradán Beo Teoranta.   Ba ag an gcomhlacht, Marine Harvest Ireland a bhí an táirgeacht ba láidre i Maigh Eos; tá ag éirí go maith leis an bhfeilm atá acusan gar do Oileán Chliara i gCuan Mó.

Ina dhiaidh sin uilig, tá ceist an-tromchúiseach ar leic an dorais ag tionscal na mbradán, ceist ait go maith i dtaobh tíre ina gcaitheann sé an oiread sin báistí.   

Teastaíonn soláthar fíoruisce ar mhaithe le tumadh a thabhairt do na bradáin sna cliabháin anois agus aríst.  Tá sé faighte amach go bhfuil an beart seo ar an rud is fearr a cheansaíonn míola farraige agus a thagann roimh an ngalar geolbhaigh.  Ach, tá fadhbanna pleanála ann agus tá gluaiseachtaí timpeallachta ag fáisceadh isteach ar thionscal na mbradán.  Tabharfaidh an scéal as Stát Washington tuilleadh armlóin dóibh. 

Fág freagra ar 'Méadú de bhreis agus 25% ar luach na mbradán feirme as Conamara, ach údar imní ó Washington'