Más sci-fi Gaeilge a chuireann corraíl sa bhléin ort, seo é an boc duit

Sa mhír seo moltar leabhair Ghaeilge ar son do leasa agus d’aimhleasa

Más sci-fi Gaeilge a chuireann corraíl sa bhléin ort, seo é an boc duit

Scríbhneoir é Panu Petteri Höglund a bhfuil níos mó breactha aige ná an gnáthscribleálaí pinn. Gearrscéalta, úrscéalta agus aistriúcháin is mó atá scríte aige, agus is dócha gur leor sin d’aon duine amháin le go dtabharfaí aird cheart air.

B’fhéidir gurb é cúis nach bhfuil oiread sin iomrá air ná nach aon cheann de na foilsitheoirí móra aitheanta a chuireann a chuid ábhair ar fáil. Is faoi chló Evertype a thagann a shaothar chugainn, comhlacht foilsitheoireachta a dhéanann cúram d’ábhar neamhghnách agus a dhíríonn ar theangacha neamhfhorleathana, agus ar chanúintí de na teangacha neamhfhorleathana, agus ar fhochanúintí de na canúintí neamhfhorleathana sin.

Don té a bhfuil spéis aige iontu seo agus iad arna gcur amach go slachtmhar ealaíonta ní fearr rud a dhéanfadh sé ná triall ar shuíomh idirlín an chomhlachta a bhfuil, mar a dúirt an file, ‘iontaisí an tsaoil’ ann, go leor leabhar Gaeilge ar a fhud. Ina measc siúd tá saothar Höglund, Sciorrfhocail, gearrscéalta bunaidh dá chuid féin; An Fhondúireacht, aistriúchán ar mhórúrscéal SF Isaac Asimov, agus is gann le fáil iad scéalta fáistineacha sa Ghaeilge (Sea, tá’s agam gur ‘ficsean eolaíochta’ an téarma oifigiúil, ach is fearr liom SF, ós mé a chum is a cheap ‘scéal fáistineach’ chuige); Tine sa Chacóin, úrscéal bleachtaireachta nó scéinséir; An Leabhar Craicinn, ar leabhar craicneach é nuair a bhaineann tú an clúdach anuas de; An tSlaivéin, úrscéal atá suite i dtír shamhailteach, áit éigin in oirthear na hEorpa; agus an ceann áirithe seo An Leabhar Nimhe, scéalta dá chuid féin móide le haistriúchán ón bhFionlainnis ar ábhar de réir stíle agus faisin an bhiogóid H.P. Lovecraft a shíl gur dream barbartha iad cine Gael agus nach raibh saoirse ná rialtas dá gcuid féin tuillte acu.

Ní fhágann sin, gan amhras, nár cheart é a léamh, go háirithe más mian leat go mbainfí geit asat, nó go dtaitníonn leat go gcuirfí sceimhle ort. Tar éis an tsaoil, nó tar éis an tsaoil eile, is den ghinealach céanna iad seo agus go leor de na scéalta béaloideasa. Baineann sé a leas féin as an suth seo le dáine nuair a mhaíonn gur tháinig ar phíosa caillte de Chín Lae Amhlaoibh Uí Shúilleabháin, agus ní mór ná go gcreidfeá é mura mbeadh a mhalairt de chéill agat. Seanchreideamh caillte de chuid an domhain is ábhar dá chuid scéalta féin, seanchreideamh atá i bhfolach ach a phéacann aníos dár n-ainneoin, agus in ainneoin cuid de na pearsana mí-ámharacha a ghabhann gafa ann.

Ach is é ‘Péist an Mheán Oíche’ croí an leabhair, scéal a d’aistrigh sé ón údar Fionlainnise S. Albert Kivinen agus aithris á déanamh aige siúd ar shaol diamhair Lovecraft. Tá na ‘támhchodanna’ nó an comhábhar anseo ar fad, mar a déarfá: oileán ar loch i mball uaigneach, gan éanlaith ag eitilt os a chionn, imeachtaí mistéireacha ag tarlú ann, eagla ar an bpobal máguaird, taighdeoir a théann as a mheabhair sa ransú dó, dán mistéireach i lámhscríbhinn, ráflaí um arrachtach, rúnchumann nach eol do dhaoine cad tá ann, criostal draíochta. Más é seo an t-ábhar a chuireann corraíl sa bhléin ort, seo é an boc duit.

Níl aon amhras ná go ngluaiseann ar aghaidh go bríomhar, agus mura bhfuil cleachtadh cheana agat ar an nós scéalaíochta seo tá corra go leor ann chun tú a choimeád id shuí. Údar é Höglund a leanann a bhealach féin go smior agus soláthraíonn lón léitheoireachta fíor-neamhchoitianta dúinn gach turas.

Fág freagra ar 'Más sci-fi Gaeilge a chuireann corraíl sa bhléin ort, seo é an boc duit'

  • Colin Ryan

    Is breá an rud é go bhfuil aitheantas tugtha anseo don scríbhneoir neamhchoitianta seo – Fionlannach ilteangach a roghnaigh an Ghaeilge mar theanga chumadóireachta. Tá breis eolais le fáil air ag https://ga.wikipedia.org/wiki/Panu_Petteri_H%C3%B6glund. Duine a théann a bhealach féin, go deimhin.