Más é riar na córa an aidhm a bhí ag rialtas na gCaomhach, caitheadh siad i dtraipisí an t-acht seo

Bhí a fhios ag gach duine do dtiocfadh an tAcht Thrioblóidí Thuaisceart Éireann, Oidhreacht agus Athmhuintearas salach ar an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine, mar a rialaigh an Ardchúirt i mBéal Feirste an tseachtain seo

Más é riar na córa an aidhm a bhí ag rialtas na gCaomhach, caitheadh siad i dtraipisí an t-acht seo

Raiméis áiféiseach ab ea maíomh rialtas na Breataine gurb é leas na n-íobartach agus na sochaí an reachtaíocht chonspóideach, Acht Thrioblóidí Thuaisceart Éireann, Oidhreacht agus Athmhuintearas. Nuair a rialaigh an Ardchúirt i mBéal Feirste gur cheart forálacha san reachtaíocht a chur ar ceal mar go raibh siad ag teacht salach ar an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine cothaíodh dóchas go ndéanfadh na Caomhaigh rud ar an gcúirt.

Má shíl na híobartaigh a thug dúshlán na reachtaíochta san athbhreithniú breithiúnach go raibh siad ag druidim le ceann cúrsa is cosúil gur tuilleadh díomá atá i ndán dóibh. Dúirt Státrúnaí Thuaisceart Éireann go raibh siad tiomanta don reachtaíocht, é ag caint ar achomharc.

Ina rialú Dé Céadaoin ar an athbhreithniú a mhair ocht lá i mí na Samhna seo caite chinn an Breitheamh Colton gur shárú ar airteagail a 2 agus a 3 den Choinbhinsiún agus ar Chreat Windsor é an díolúine ó chúiseamh do chiontóirí. Ina theannta sin chinn sé nach raibh fianaise ar bith ann go gcothódh an reachtaíocht athmhuintearas; a mhalairt a bhí feicthe, ar sé. Rialaigh sé freisin gur sháraigh bac ar chásanna sibhialta an Coinbhinsiún agus creat Windsor. Chothaigh sé deacrachtaí do Jeffrey Donaldson laistigh agus lasmuigh den DUP gur nochtadh gné na gcearta daonna de Chreat Windsor; scéal do lá eile é.

Ní bhfuair na híobartaigh gach ar éiligh siad.

Theastaigh uathu go rialófaí go raibh an reacht ina iomláine mídhleathach. Údar imní dá lán agus crá croí do ghaolta na marbh ab ea aidhm an reachta chun cosc a chur ar ionchoisní. Chinn an breitheamh áfach go mbeadh Coimisiún an ICRIR (Independent Commission for Reconciliation & Information Recovery) a bunaíodh faoin Acht in ann fiosruithe atá ag teacht leis an gCoinbhinsiún a rith. Deirtear go ndéanfaidh sin an gnó in ionad ionchoisní, más fíor.

Bhí an díolúine ó chúiseamh fite fuaite le ról an Choimisiúin – bheadh an tsaoirse ó chúiseamh le fáil ag ciontóir a thabharfadh faisnéis go hionraic don Choimisiún faoi choir a rinne sé/sí. Bhíothas amhrasach ariamh an dtabharfadh paraimíleatach poblachtach nó dílseach nó ball/iarbhall d’fhórsaí an stáit eolas don gCoimisiún; cén fáth a ndéanfadh siad é mura rabhthas sa tóir orthu? Bheadh sé soineanta a mheas go ndéanfaidís é mar go raibh a gcoinsias ag cur as dóibh. Is mó go mór an t-amhras sin anois; cén fáth a mbacfaidís ó tá an díolúine mídhleathach?

Ba iad an tsaoirse ó chúiseamh agus an maíomh go gcothódh an plean athmhuintearas bunchloch na reachtaíochta, dar leis na Caomhaigh. Ba é a mian, a dúirt siad, deis a thabhairt don tsochaí bogadh ar aghaidh ón ngreim atá ag oidhreacht na dTrioblóidí ar dhaoine nach bhfuair freagraí maidir le heachtraí foréigin stairiúla agus nach mbeadh ciontú sa chúirt le fáil acu de bharr imeacht ama.

Bhain rialú na hArd-Chúirte an bonn go hiomlán de na bunphrionsabail sin.

Dá réir sin, más é riar na córa an aidhm a bhí ag rialtas na gCaomhach leis an Acht lochtach seo, caithidís i dtraipisí é.

Beag an seans. Cúis leithleach a bhí leis an togra seo ón lá ar gheall Boris Johnson é do lucht feachtais chun iarshaighdiúirí a chosaint ó fhiosrú agus ó chúiseamh. Ní raibh blas náire ar an dream a tháinig i gcomharbacht air faoin éagóir a bhíodar a dhéanamh ar íobartaigh ar mhaithe le tacú lena gcairde. Níor dheargaigh siad fiú agus iad ag maíomh go raibh forálacha an Achta ag teacht le reachtaíocht chearta an duine.

Bhí a fhios acu go maith gur sháraigh an tAcht an Coinbhinsiún. Conas nach sáródh? Bhí a fhios ag íobartaigh é. Bhí a fhios ag eagraíochtaí cearta daonna sa bhaile agus i gcéin é. Bhí a fhios ag gach páirtí polaitíochta in Éirinn thuaidh agus theas é. Bhí na Caomhaigh ar buile nuair a thug rialtas na hÉireann cás chun na Cúirte Eorpaí ar an mbonn gur sháraigh an tAcht an Coinbhinsiún. Dúirt siad go gcosnódh siad a reachtaíocht go láidir.

Cífimid. Seans go mbeidh bata is bóthar tugtha ag vótóirí dóibh sula mbeidh éisteacht ann. Tá geallúint tugtha ag Páirtí an Lucht Oibre go gcuirfidh siad an tAcht ar ceal má bhíonn siad i rialtas. Ní bheadh ansin ach bunchéim. Sé bliana fichead tar éis Chomhaontú Aoine an Chéasta tá faillí á déanamh fós sna híobartaigh. Tá ceacht foghlamtha ó bheart suarach na dTóraithe (bímis buíoch as an mbeagán). Sé sin go gcaithfear éisteacht leis na híobartaigh, atá ilchineálach agus a easaontaíonn lena chéile go minic, chun iarracht ionraic a dhéanamh a dhul i ngleic le hoidhreacht na dTrioblóidí.

Fág freagra ar 'Más é riar na córa an aidhm a bhí ag rialtas na gCaomhach, caitheadh siad i dtraipisí an t-acht seo'