Martin O’Neill agus Roy Keane éirithe as a gcúram le foireann na hÉireann

Dheimhnigh an FAI ar maidin go raibh Martin O’Neill ag éirí as tar éis cúig bliana agus gur socrú é sin a raibh an dá thaobh sásta leis

Martin O’Neill agus Roy Keane éirithe as a gcúram le foireann na hÉireann

Martin O'Neill agus Roy Keane. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

Martin O’Neill ag ceiliúradh ag deireadh na himeartha sa chluiche i gcoinne na hIodáile ag Euro 2016. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Tá foireann bainistíochta fhoireann sacair na hÉireann éirithe as agus deireadh tagtha le ré Martin O’Neill agus a leasbhainisteoir Roy Keane i bhfeighil na foirne idirnáisiúnta.

Dheimhnigh an FAI ar maidin go raibh O’Neill ag imeacht tar éis cúig bliana sa phost agus dúradh gur de réir comhaontaithe a thángthas ar an socrú sin.

I ráiteas an FAI, ghabh Príomhfheidhmeannach an FAI John Delaney buíochas le O’Neill, Keane agus a gcomhbhádóirí.

“Is mian liom buíochas a ghabháil le Martin, Roy agus an fhoireann bainistíochta as an tionchar a bhí acu ar fhoireann na hÉireann.

“Is iomaí buaicphointe a bhí ann le linn ré Martin – agus an ceann is fearr acu Euro 2016 sa bhFrainc, a mhairfidh ar feadh i bhfad i gcuimhne an uile dhuine de lucht tacaíochta na hÉireann,” arsa Delaney.

Dúirt Delaney go ndearna O’Neill sárjab bua a fháil ar churaidh an domhain, an Ghearmáin, chun teacht slán ó ghrúpa deacair agus áit a bhaint amach sa chomórtas sin. Luaigh sé chomh maith “bua stairiúil” na foirne in aghaidh na hIodáile i Lille le linn an chomórtais féin, comórtas inar éirigh leis an bhfoireann cáiliú don dara babhta.

Is beag dul chun cinn atá déanta ag an bhfoireann ó shin, áfach, agus míshástacht ann go háirithe le tamall anuas faoi chur chuige coimeádach leamh na foirne agus a n-easpa cúl. Ceithre chúl i naoi gcluiche a fuair siad i mbliana agus gan ach ceann amháin de na cluichí sin buaite acu.

Mar sin féin, seans go bhféachfar amach anseo ar an gcluiche cáilithe do Chorn an Domhain 2018 in aghaidh na Danmhairge mí na Samhna seo caite mar an cluiche a chuir tús le meath na foirne. Chaill an fhoireann an cluiche sin i mBaile Átha Cliath, 5-1, agus ba léir gur fhág sé a lorg ar an bhfoireann agus ar an bhfoireann bainistíochta. 10 mí ina dhiaidh sin, chaill siad an chéad chluiche iomaíoch eile a bhí acu nuair a fuair an Bhreatain Bheag an ceann is fearr orthu, 4-1.

Cé gur tháinig feabhas orthu ó thaobh na cosanta ina dhiaidh sin, ba bheag údar dóchais eile a bhí ann ó shin i leith agus díbríodh iad ó Roinn B sa chomórtas nua, Sraith na Náisiún UEFA.

Tuairiscítear gur thángthas ar shocrú maidir le himeacht O’Neill a raibh an dá thaobh sásta leis i ndiaidh cainteanna le John Delaney.

Tuairiscítear go raibh Delaney buartha go háirithe faoin dtitim ar líon na ndaoine a bhíonn ag freastal ar chluichí na hÉireann le tamall.

Cé nach eol na sonraí faoin socrú leis an FAI, d’fhéadfadh go mbeadh pacáistí iomarcaíochta móra le híoc ag an eagraíocht ó tharla gur shínigh O’Neill agus Keane conradh nua go dtí 2020 i mí Eanáir.

I measc na ndaoine atá á lua cheana féin leis an bhfolúntas, tá iarbhainisteoir na hÉireann Mick McCarthy, Stephen Kenny, bainisteoir Dundalk FC agus roinnt bainisteoirí as Sasana, ina measc Sam Allardyce, Steve Bruce agus Harry Redknapp.

Meastar gur beag seans atá ann go mbeidh bainisteoir nua ag foireann na hÉireann in am don  tarraingt i mBaile Átha Cliath ar an 2 Nollaig do bhabhtaí cáilithe Euro 2020.

Pé duine a fhaigheann an post, is cinnte go mbeidh dúshlán mór roimhe nó roimpi tráth a bhfuil fíorbheagán imreoirí ag Éirinn a bhfuil glaoch orthu ag na clubanna is fearr i Sasana.

Fág freagra ar 'Martin O’Neill agus Roy Keane éirithe as a gcúram le foireann na hÉireann'

  • Pádraig O Muircheartaigh

    Cén fáth go gcríochnaítear an t-alt leis na focail roimhe nó roimpi?Ceart de réir na polaitíochta de.Seafóideach.

  • Roibeard Ó Ceannabháin

    Ní dhéanfaidh mé dearmaid faoin oíche a raibh an bua againn i ndiadh an Ghearmáin. GRMA, MO’N!