Mar bhainisteoir rinne mé aithris ar Van Morrison mar is binn béal ina thost…

Is fearr don bhainisteoir a bhéal a choimeád dúnta mar ní fada go mbeidh brú mór orthu ceisteanna a fhreagairt

Mar bhainisteoir rinne mé aithris ar Van Morrison mar is binn béal ina thost…

Pictiúr: INPHO/James Crombie

Tá trí seachtaine den bhliain nua caite agus cuid maith cluichí, idir pheil agus iomáint, imeartha cheana féin. Is cosúil nach mbíonn mórán saoire ag tuairisceoirí CLG na linne seo. Le breith ar lucht na meán sóisialta ní foláir a bheith síoraí ag  cur eolais amach ar líne. Le linn an dá thréimhse mar bhainisteoir idirchontae a d’fhoghlaim mé gur fearr aithris a dhéanamh ar an gceoltóir Van Morrison agus gan mórán a rá go poiblí riamh. Mar a deir an seanfhocal ‘Is binn béal ina thost’ , nó mar a deir an seanfhocal eile ‘is minic a bhris béal duine a shrón’ . B’fhearr liom bheith i gcampa an tosta bhinn.

Mar sin, i láthair na huaire, is fearr don bhainisteoir a bhéal a choimeád dúnta mar ní fada go mbeidh na cluichí sraithe linn agus brú mór orthu ceisteanna a fhreagairt.

Más eolas, fíor nó bréagach, atá ag teastáil uait níl aon easpa de sin ar an idirlíon, ar leithéidí Twitter agus Facebook agus ar an t-uafás suíomhanna eile.

Ní thuigimse, in aon chor, cén fáth go mbíonn daoine sa chibearspás den tuairim gur gá dóibh insint don saol mór cad a bhí acu don bhricfeasta nó cad atá ag cur isteach ar an madra.

Tá a fhios agam gur maith le daoine fáil amach conas mar a mhaireann na réalta scannán, spóirt agus ceoil agus tuigim é sin go pointe. Ach ní thuigim in aon chor cén fáth go bhfuil ar dhaoine áirithe rud éigin a rá faoi gach a mbíonn ag tarlú timpeall orthu ina saol féin agus sa domhan mór.

Tá riail de shórt ag lucht spóirt nach sceitear rúin an tseomra feistis – an méid a tharlaíonn sa seomra feistis, fanann sé sa seomra feistis. Ach minic go leor cuirtear amach eolas ó na seomraí sin ar Twitter. I mo thuairimse, cuireann sé sin isteach go mór ar an ngaol  idir lucht bainistíochta agus na himreoirí .

Ach an rud is measa ar fad ná na suímh idirlín ar a mbíonn ainmneacha cleite á n-úsáid ag daoine.

Tríd is tríd, is iontach an áis é an t-idirlíon. Tá suíomh ann anois do gach uile ábhar ar domhan. Tá suíomh idirlín ag beagnach gach club sa CLG agus cuid acu ar fheabhas ar fad.  Is iontach freisin go mbíonn daoine ábalta éisteacht le cluichí ar an idirlíon, pé áit ar domhan a mbíonn siad. Dar ndóigh, is iontach freisin go bhfuil na daoine céanna ábalta na nuachtáin náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúla a léamh ar líne agus an chuid is mó acu saor in aisce chomh maith. Ar an taobh eile den scéal sin, ar ndóigh ní léir dom conas a thiocfaidh tionscal na nuachtán slán nuair is féidir iad a léamh gan pingin rua a íoc.

Níl aon dabht ach go bhfuil buntáistí móra agus míbhuntáistí móra do chách ag baint leis an teicneolaíocht seo, lucht spóirt san áireamh.

Mar fhocal scoir, is mithid filleadh ar na seanmheáin agus an clár thar a bheith taitneamhach a bhí ar RTE le déanaí faoi dhuine de ríthe na Ríochta. ’Sea bhaineas an-taitneamh as Micko, scéal  Mick O Dwyer. Dúirt sé ar an gclár go raibh sé tugtha don chaid agus a leithéid de shaol caide a bhí aige, saol a bhí lán le curiarrachtaí.

Bhíos féin ag imirt le Corcaigh ar feadh cuid de ré ghlórmhar na ríochta ó lár na seachtóidí go dtí lár na n-ochtóidí agus cé gur bhuamar craobh na Mumhan uair amháin, i 1983, is beag cuimhne dhearfach eile atá agam ó na cluichí sin eadrainn.

Bhí Micko agus Kevin Heffernan ina saineolaithe agus ina gceannródaithe ag an am, ach is ag Micko atá an churiarracht ó thaobh líon na gcraobhacha uile-Éireann a buadh. 

Saol fiúntach lán eachtraí, agus saol spéisiúil éagsúil a chaith Micko. Rinne lucht an chláir éacht an saol sin a léiriú dúinn. 

Fág freagra ar 'Mar bhainisteoir rinne mé aithris ar Van Morrison mar is binn béal ina thost…'

  • léitheoir

    ‘Béal ina thost’? Ní ag teacht romhat é a John ach bíonn tú féin ar na meáin chlóite i nGaeilge is i mBéarla, ar an teilifís go minic is ar an raidio chomh maith. B’fhéidir go mbíonn tú ar a thuilleadh acu ach ní haon duine tostach tú! Agus is léir ‘go gcothaíonn na briathra na bráithre’.