Maireann cuimhne John Joe ‘Goggles’ Doyle i gcónaí

Inniu ní bheadh air ach a dhul chuig an radharceolaí ba ghaire dó ach an uair sin ní raibh ag John Joe ach aithris a dhéanamh ar an gCircín Bheag Rua agus a dhul i mbun cruthaitheachta é féin

Maireann cuimhne John Joe ‘Goggles’ Doyle i gcónaí

Éamonn De Valera agus John Joe ‘Goggles’ Doyle sular cuireadh tús le Cluiche Ceannais Iomána na hÉireann 1932. ‘Uachtarán Ardchomhairle Shaorstát Éireann’ atá i gceist leis an teideal atá tugtha do De Valera sa ngriangraf – ‘Taoiseach’ a thabharfaí inniu air a leithéid

Chaith John Joe Doyle dhá bhliain déag i mbun iomána ar fhoireann an Chláir. Ba é a bhí ina chaptaen nuair a chliseadar de chúl in aghaidh Chill Chainnigh i gCluiche Ceannais na hÉireann. Le linn a chuid imeartha bhuaigh sé craobh a chontae leathdhosaen uair le Cora Chaitlín.

Ceithre scór go leith bliain tar éis dó a fhoireann a thabhairt amach ar Pháirc an Chrócaigh i 1932 maireann cuimhne Doyle i gcónaí. Má iarrann tú ar Chláiríneach ar bith cúpla duine de na hiománaithe sin a ainmniú, tá seans láidir ann gurb iad Doyle agus an báireoir Tommy Daly is túisce a luafaidh siad.

Bhí an Dálach ar an mbáireoir ab fhearr in Éirinn lena linn féin. Bhuaigh sé ceithre bhonn Chraobh na hÉireann le hÁth Cliath agus é ag freastal ar an ollscoil ansiúd, sular fhill sé ar an Tulach agus ar chluiche ceannais 1932. Faoin tráth sin bhí sé bliana caite ag Mac Uí Dhúill i líne lánchúil an Chláir agus an t-achar céanna amach roimhe.

Ach anuas ar a gcumas iomána, thit rud éicint eile amach i saol na beirte a dhaingnigh a gcáil i measc lucht leanta chluiche na fuinseoige.

Ar an drochuair maraíodh Tommy Daly i dtimpiste bhóthair cúpla bliain tar éis dó seasamh idir na postaí sa gcluiche mór i 1932 agus bliain tar éis dó réiteoireacht a dhéanamh ar Chluiche Ceannais na hÉireann idir Cill Chainnigh agus Luimneach i 1936.

Is ina chuimhne a cumadh rosc catha iomána an Chláir, an t-amhrán breá sin ‘The Windswept Hill of Tulla’.

Buíochas le Dia, níl aon tragóid ag baint leis an dara cúis go bhfuil ainm John Joe Doyle níos beoichte sa bpobal inniu ná atá ainmneacha cuid mhaith díobh siúd a chuaigh chun páirce leis. Bhí seisean 92 bliain d’aois nuair a bhásaigh sé in 2000.

Ba é a leasainm a chuidigh leis – John Joe ‘Goggles’ Doyle.

Fiú agus é ag dul ag an scoil, ní go maith a bhí amharc na súl ag John Joe. Agus é ina dhéagóir, bhí sé ar dhuine de na hiománaithe óga ab fhearr ina cheantar.

Fós agus é ag déanamh ar aois fir, bhí brath air éirí as an imirt ar fad mar go raibh a amharc chomh dona sin.

As spócaí rothair a rinne sé an fráma, ar an gcuntar nach ndéanann siad aon mheirg. Tar éis iad sin a mhúnlú ar chuma a bhí oiriúnach dá chás, chas sé bindealáin a chuirfeá ar ghearrthacha chun tosaigh agus píosa leaistice ar a gcúl lena choinneáil ar a chloigeann.

Bhí an chéad ghaireas cosanta i stair Chumann Lúthchleas Gael ceaptha ag fear óg an Chláir nárbh léir dó an clár dubh agus é ag freastal na scoile.

Ar do chéad chuairt eile ar Inis, beidh sé le feiceáil agat i Músaem an Chláir atá i gceartlár an bhaile sin.

Ní féidir ach gur áit mhór leasainmneacha é Cora Chaitlín. Ar an bhfoireann le John Joe nuair a bhuaigh siad craobh an chontae i 1931, bhí Mick ‘Mower’ McMahon agus Patrick ‘Hound’ McNamara sa líne lánchúil; Michael ‘Bocky’ Conroy i lár na páirce agus Joe ‘Edgy’ McMahon sa líne lántosach.

Chomh fada siar leis an mbliain 1912 bhí Micko ‘Whale’ Killeen sa lánlíne chosanta acu.

Tá barúil mhaith againn céard a thuill a gcuid leasainmneacha don ‘Míol Mór’ agus do ‘Goggles’.

Tomhaisigí féin an chuid eile.

Fág freagra ar 'Maireann cuimhne John Joe ‘Goggles’ Doyle i gcónaí'

  • Mugadh magadh

    Uachtarán ar ‘his majesty’s government in the Irish free state’. Tráth dá raibh bhí an focal ‘saorstát’ ina leagan Gaeilge ar phoblacht.