Mac Dé nó mac Daei – Dzeko an tosach is déanaí chun eagla a gcroí a chur ar Éireannaigh

Is é Edin Dzeko an tosach is déanaí atá ag fágáil daoine sa tír seo lena gcroíthe ina mbéal. Breathnaíonn Tuairisc.ie siar ar na tosaithe eile a raibh muid scanraithe rompu roimh chluichí cáilithe

Patrick Kluivert, Ali Daei, Edin Dzeko, Luc Nilis agus Hakan Sukur
Patrick Kluivert, Ali Daei, Edin Dzeko, Luc Nilis agus Hakan Sukur

An bhfuil aon duine ar cuimhin leis Ali Daei? Bhí lá ann, cothrom an ama seo ceithre bliana déag ó shin, nuair a bhí Daei ar dhuine de na tosaithe is dainséaraí ar domhan, nó b’shin a cheapfá i ndiaidh na cainte uile a bhí déanta faoi sa tír seo.

Dóibh siúd nach cuimhin leo é, bhí Daei mar thosach ar fhoireann na hIaráine nuair a chas siad ar Éirinn sa bhabhta cáilithe do Chorn an Domhain 2002. Tar éis dó imirt i Sraith na gCuradh le Bayern Munich agus Hertha Berlin, ba é an t-aon imreoir ón Iaráin a raibh aon fhocal cloiste againn faoi agus mar gheall air sin, ba dhóigh leat gurbh é an t-aon dris chosáin bhí idir muid agus áit i gCorn an Domhain.

An tseachtain seo, is é Edin Dzeko an Daei againn agus eagla an domhain orainn roimhe. Amhail an Iaráin i 2001, níl mórán cur amach againn ar an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin ach tá a fhios againn cé hé Dzeko, a chaith seal ag imirt i Sasana le Manchester City, nó ar an mbinse do City, ba cheart a rá.

Chun a cheart a thabhairt dó, níl aon dabht ach gur imreoir cumasach é Dzeko agus go gcaithfear súil ghéar a choinneáil air, go háirithe agus cúpla cúl aimsithe aige do Roma le coicís anuas, ach tá de nós againn dul thar fóir leis na rudaí seo.

Leis an áibhéil uile agus an chaint ag an gcuntar, níor thóg sé i bhfad ar Ali Daei cáil a bhaint amach mar an té a dhéanfadh scrios ar chosaintóirí na hÉireann. Mar a tharla sé, ar an dea-uair do Mick McCarthy agus dúinn uile, is ar éigean go dtabharfá go raibh Daei ag imirt sa dá chluiche sin i 2001 agus d’éirigh le hÉirinn áit a bhaint amach i gCorn an Domhain an samhradh dár gcionn.

Ar an gcaoi chéanna, sé bliana déag ó shin, nuair a thug muid aghaidh ar an Tuirc sna cluichí cáilithe do Euro 2000, ba é Hakan Sukur a raibh muid uile ag díriú air. Ach an oiread le Dzeko, is imreoir cumasach a bhí i Sukur agus measadh nach raibh bealach ar bith go mbeadh Gary Breen nó Steve Staunton in ann an ‘Bull of the Bosphorus’ a stopadh. Ar deireadh, cúl amháin a scóráil an Tuirc inár gcoinne sa dá chluiche. Tháinig sé sin ó chic éirice agus ní Sukur fiú a scóráil ná a bhuaigh é.

Uaireanta eile, faraor, bíonn cúis mhaith lenár n-imní. Nuair a ainmníodh an Bheilg mar an fhoireann a bheadh ag seasamh eadrainne agus áit ag Corn an Domhain sa Fhrainc i 1998, bhí muid uile sásta go maith leis an réiteach. Arís, áfach, déanadh dia beag de Bheilgeach agus is ar Luc Nilis a cuireadh an choróin an t-am seo. Ar an drochuair, thaispeáin Nilis go raibh an cháil sin tuillte aige, agus scóráil fear PSV sa chluiche i mBaile Átha Cliath agus sa cheann sa Bheilg chun muidne a fhágáil in ísle brí arís.

Ba é an scéal céanna dhá bhliain roimhe nuair a thug Éire aghaidh ar an Ísiltír agus iad ag iarraidh cáiliú do Euro 96 i Sasana. Bhí Patick Kluivert ar cheann de réalta Ajax a bhuaigh Sraith na gCuradh an bhliain roimhe agus cé go raibh a fhios againn go gcaithfí an tosach óg a stopadh le go mbeadh aon seans againn féin, chinntigh dhá chúl Kluivert in Anfield gur leis an Ísiltír a bheadh an lá.

Rachaidh Dzeko chun páirce amárach don Bhoisnia agus an Heirseagaivéin gan fios againn cén chaoi a n-éireoidh leis ach beidh súil ag gach duine sa tír seo gur níos cosúla le mac Daei ná mac Dé a bheidh sé san Aviva.

Fág freagra ar 'Mac Dé nó mac Daei – Dzeko an tosach is déanaí chun eagla a gcroí a chur ar Éireannaigh'