Má táthar chun dul i ngleic le hoidhreacht nimhe na dTrioblóidí, déantar é gan a thuilleadh moille

Tá i bhfad an iomarca daoine ag fanacht i bhfad rófhada le freagraí ar cheisteanna a bhaineann le foréigean na dTrioblóidí

Má táthar chun dul i ngleic le hoidhreacht nimhe na dTrioblóidí, déantar é gan a thuilleadh moille

Ba thráthúil mar a d’eisigh Coimisinéir na nÍobartach abhus moltaí chun a dhul i ngleic le hoidhreacht na dTrioblóidí an tseachtain seo. Tháinig an spreagadh sin do rialtas na Breataine chun stop a chur leis an bhfaillí sna híobartaigh an tseachtain chéanna a bhfuil an cheist sin ag dó na geirbe ag níos mó daoine ná mar a bhí an Breatimeacht féin, fiú agus an scéal sin ag druidim le cnámh na huillinne.

Bhí sé fós ina raic faoi ráiteas an Státrúnaí Karen Bradley nár choireanna iad na maruithe a rinne saighdiúirí na Breataine agus b’éigean di a dhul ar ais chun na Parlaiminte chun a leithscéal a ghabháil faoin gcaint chonspóideach mhícheart sin agus an taifead oifigiúil a cheartú den dara huair. I nDoire bhíothas ag fanacht le fógra an lae amárach ó na Seirbhíse Ionchúisimh féachaint an gcúiseofar saighdiúirí as sléacht Dhomhnach na Fola i 1972 nuair a mharaigh Paratrúpaí na Breataine trí dhuine dhéag neamharmtha.

Agus ag ionchúiseamh Bhaile Uí Mhurchú chualathas fianaise den chéad uair ó iarshaighdiúir. Chuir an fear a bhí i gceannas na bparatrúpaí nuair a maraíodh deichniúr ansin i 1971 a chomhbhrón in iúl do na teaghlaigh agus dúirt sé gur thuig sé, i ndiaidh na heachtra, nár bhaill den IRA iad na daoine go léir a maraíodh.

Ní raibh an admháil sin ón iarGhinearál Geoffrey Howlett chomh poiblí, chomh huileghabhálach ná chomh drámatúil leis an gcraoladh beo ar scáileán mór i gCearnóg an Guildhall i nDoire ar fhógra David Cameron, Príomh-Aire na Breataine sa Pharlaimint go raibh marú trí dhuine dhéag ar Dhomhnach na Fola do-chosanta agus gan údar. Ach fearacht ráiteas Cameron i gcás mhuintir íobartaigh an tsléachta i nDoire, ba mhór an faoiseamh é do mhuintir Bhaile Uí Mhurchú gur glanadh cáil a muintire.

Tá náisiúnaithe agus daoine nach iad ag tabhairt foláirimh do Karen Bradley agus Theresa May gan a dhul siar ar bhreithiúnas David Cameron agus thug páipéar an Choimisinéara Judith Thompson rabhadh go neamhbhalbh faoi. Níor cheart don Rialtas aird a thabhairt ar mholtaí breise nach raibh i gcomhaontú polaitiúil Stormont House, a deir an Coimisinéir. Tagairt é sin don chaint i measc Tóraithe, saighdiúirí agus iarshaighdiuirí gur cheart lucht míleata a bheith saor ó chúiseamh, nó go deimhin saor ó fhiosruithe.

Thiocfadh Reacht na dTréimhsí nó pardún ginearálta salach ar dheiseanna íobartaigh nó daoine a tháinig slán chun an fhírinne, an chóir nó an t-aitheantas a d’aimseodh fiosrú a fháil. Tá Judith Thompson agus saineolaithe ar chearta an duine ar nós Kieran McEvoy as Ollscoil na Ríona meáite de gur pardún ginearálta do gach dream, na paraimíleataigh go léir san áireamh, an toradh a bheadh ar phardún do shaighdiúirí. Masla i gceann na héagóra d’íobartaigh a bheadh ansin. Má táthar á bheartú níl éinne á admháil.

Bhunaigh Judith Thompson a páipéar comhairliúcháin ar thuairimí a bhailigh sí ó fhóram íobartach. Dúirt sí go soiléir nach é an réiteach céanna atá ó gach duine ná ó gach dream. Dá bhrí sin moladh aonad fiosrúcháin agus bhí an seans ann go leanfadh cúisimh, aonad bailithe eolais do dhaoine nach suim leo cúisimh, pinsean agus seirbhís sláinte agus tráma do dhaoine a gortaíodh, chomh maith le cúram d’íobartaigh sa Phoblacht agus sa Bhreatain Mhór. Teastaíonn méadú ar an mbuiséad chun dul i ngleic le hoidhreacht na dTrioblóidí agus go nglacfaí freagracht as an bpróiseas ar an dá thaobh den teorainn, dar le Thompson.

Leagadh béim go trom sa tuairisc ar easpa an muiníne i measc sciar mór de na híobartaigh. Tá amhras ar roinnt go mbainfear leas as ‘slándáil náisiúnta na Breataine’ chun eolas a cheilt agus ar roinnt eile nach n-admhóidh paraimíleataigh na fíricí go deo na ndeor.

Dúshlán mór a bheidh ann ag cibé institiúidí fiosrúcháin a bhunófar iontaoibh na n-íobartach a shaothrú. Ní cabhair ar bith don obair sin í baothchaint Karen Bradley, caoineadh Theresa Mayfaoi shaighdiúirí a bheith á gciapadh le fiosruithe ná ráitis an Státrúnaí Cosanta Gavin Williamson faoi reacht na dtréimhsí nó cosaint éigin eile.

Chuir easaontas idir rialtas na Breataine agus Sinn Féin maidir leis an gcur chuige i leith eolas a cheilt ar bhonn na slándála náisiúnta socrú Stormont House dá bhonn. Mhol Sinn Féin agus foinsí eile go gceapfaí breitheamh nó duine údarásach éigin chun faisnéis a bheadh á ceilt ag rialtas a scrúdú ar bhonn rúnda féachaint an cinneadh bailí a bhí ann. Caithfear srianta dochta a chur ar an díolúine slándála agus ní mór dianphróiseas achomhairc ina aghaidh a chinntiú.

Tá i bhfad an iomarca daoine ag fanacht i bhfad rófhada le freagraí ar cheisteanna a bhaineann le foréigean an IRA, an INLA, an UVF, an UDA agus fhórsaí na Breataine –  an tArm, póilíní agus na seirbhísí faisnéise a bhí sáite i gclaonpháirteachas le paraimíleataigh ar an dá thaobh.

As an leathmhilliún marthanóir, tá thart ar 200,000 díobh a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte acu de dheasca na dTrioblóidí, tá 40,000 a bhfuil gortuithe a bhain dóibh fós ag goilliúint orthu agus ansin tá gaolta is cairde an 3,720 duine a fuair bás foréigneach. Má táthar chun fónamh orthu – déantar é gan a thuilleadh moille. Mura bhfuiltear chun aon rud a dhéanamh tá sé thar am é a admháil agus a dhul i ngleic leis sin. Dá fhaide dá leantar ag geallúint gníomhartha oifigiúla ar mhaithe le híobartaigh agus gan aon cheo á dhéanamh, is ea is mó an coimhthíos a chothófar agus ise a is lú an seans go ndéanfar sochaí bhisiúil a chruthú anseo.

Fág freagra ar 'Má táthar chun dul i ngleic le hoidhreacht nimhe na dTrioblóidí, déantar é gan a thuilleadh moille'