Má tá an Ghaeltacht le teacht slán, caithfear rud éigin radacach a dhéanamh…

Cé go raibh géarghá le forbairt eacnamaíoch sa Ghaeltacht nuair a cuireadh Údarás na Gaeltachta ar bun i 1980, ní hé sin an príomhghá a thuilleadh

Má tá an Ghaeltacht le teacht slán, caithfear rud éigin radacach a dhéanamh…

Fiche bliain ó shin, scríobh Pádraig Ó hAoláin na focail seo a leanas: ‘there is an urgent need to develop the social infrastructure where the young, the old and the working population can avail of the social services that are essential to maintaining a high quality of life. The future of Irish as a community language in the Gaeltacht depends in no small degree on a vigorous response to addressing these needs.’

Is fíre agus is práinní iad na focail sin inniu.

Tá an-chuid cainte (agus beagán déanta) faoi sheirbhísí rialtais a chur ar fáil do phobal na Gaeltachta trí mheán na Gaeilge. Ach fiú dá ndéanfaí é sin, níor leor é má bhíonn na seirbhísí atá i gceist á gcur ar fáil ó shuíomhanna lasmuigh den Ghaeltacht.

Tá sé bunriachtanach iad a bheith lonnaithe sa Ghaeltacht féin, ionas gur féidir leis an gcuid thábhachtach seo de shaol an ghnáthdhuine (.i. úsáid seirbhísí poiblí) a bheith mar chuid den saol laethúil áitiúil.

Níl aon amhras go bhfuil sé sin indéanta. I gcás na Sualainne, cuirtear formhór mór na seirbhísí laethúla pobail ar fáil ag an leibhéal is ísle (.i. an leibhéal is áitiúla) den rialtas.

Ina measc siúd tá bunoideachas agus meánoideachas, cúram leanaí agus seandaoine, leas sóisialach agus cúnamh dífhostaíochta, áiseanna siamsaíochta (cultúrtha agus coirp), sláinte phoiblí agus seirbhísí éigeandála, soláthar uisce agus séarachais, cothabháil na timpeallachta, pleanáil fhisiciúil agus iompar poiblí áitiúil.

Ach in ainneoin an raon leathan cúraimí a bhíonn orthu, is eagraíochtaí beaga iad formhór na n-údarás áitiúil (ar a dtugtar ‘comúin’) sa tSualainn. Tá thart ar thrí chéad díobh ann ar fad, ach tá daonra faoi bhun 15,000 ag a leath díobh.

Níl aon chúis theicniúil ná eagraíochtúil nach bhféadfaí údarás den saghas seo a chur ar bun i gCorca Dhuibhne (agus é ag freastal, leis, ar na ceantair Ghaeltachta i ndeisceart Chiarraí, i gCorcaigh agus na Déise), le dhá cheann ar a laghad i gConnachta agus i dTír Chonaill araon, chun freastal ar na ceantair Ghaeltachta sna réigiúin sin.

D’fhéadfaidís siúd, dá réir sin, a bheith freagrach d’údarás Gaeltachta nua a bheadh i bhfad níos láidre ná an ceann reatha, agus go mbeadh freagracht as na feidhmeanna éagsúla sin aistrithe chuige ag an rialtas i mBaile Átha Cliath. Ach bheadh soláthar na bhfeidhmeanna curtha ar aghaidh go dtí an leibhéal áitiúil, agus feidhmeanna comhordaithe agus soláthar seirbhísí speisialta amháin ag an údarás lárnach.

Bheadh toil láidir pholaitiúil ag teastáil chun scéim den saghas seo a chur i gcrích, go príomha toisc nach bhfuil aon amhras ach go gcuirfeadh an maorlathas lárnach – agus an-chumhachtach – i mBaile Átha Cliath go láidir ina choinne.

Ní hamháin nach maith leis an maorlathas sin cumhachtaí de shórt ar bith a ghéilleadh, ach bheadh eagla orthu go dtabharfadh cás na Gaeltachta léiriú ar thairbhí an díláraithe don chuid eile den tír.

Cé go bhfuil neart tuarascálacha agus ráiteas ó pholaiteoirí, síos trí na blianta ag moladh an díláraithe, is sa treo eile atá rudaí tar éis a bheith ag gluaiseacht ó bhunú an stáit, le feidhm i ndiaidh feidhme á n-aistriú go dtí an lár.

Ach má tá aon deis mhaireachtála le bheith ag an nGaeltacht, caithfear rud éigin radacach den saghas seo a dhéanamh.

Léachtóir sinsearach Emeritus i roinn na tíreolaíochta in Ollscoil Mhá Nuad é údar an ailt seo atá bunaithe ar aiste leis sa leabhar Ag cur chun fónaimh: Údarás na Gaeltachta ó 1980 i leith. Tá an leabhar ar fáil anseo.

Fág freagra ar 'Má tá an Ghaeltacht le teacht slán, caithfear rud éigin radacach a dhéanamh…'

  • Criostóir Ó Maonaigh, An Astráil

    Cuireann an t-alt seo i gcuimhne dom alt a scríobh Desmond Fennell [nach maireann] san ‘Irish Times’ i mBéarla timpeall 1969 agus alt i nGaeilge ó Fennell ar ‘INNIU’ ar an 28/02/1969. B’é tuairim Fennell san am sin go raibh rud fíor ‘fíor-radacach’ ag teastáil, sé sin sampla Israel a chruthú chun borradh nua a chur faoi Gaeltacht na Gaillimhe. Déarfadh daoine go raibh sé dulta thar fóir le smaoineamh mar sin ach nuair a léigheann tú cad atá á dhéanamh i dtíottha beaga mar Latvia, Lithuania agus Estonia chun a dteangacha náisiúnta a chaomhnú – cuireann sé abhaile ort b’fhéidir, nach i ndáiríre atá muintir na hÉireann. Ar ndóigh bhí an cheart ag an tUas. Fennell a chuid smaointe a scríobh i mBéarla chomh maith leis an mBéarla os i mBéarla a bheadh an seans is fearr aige iad a nochta do formhór muintir na hÉireann.

  • CCc

    “Ní hamháin nach maith leis an maorlathas sin cumhachtaí de shórt ar bith a ghéilleadh, ach bheadh eagla orthu go dtabharfadh cás na Gaeltachta léiriú ar thairbhí an díláraithe don chuid eile den tír.”

    Ní maith le Stát na hÉireann a bheith ag tabhairt daonlathas áitiúla ná aon cumhacht do phobail bheaga…

    Ba mhaith an rud é ní amháin ó thaobh cosaint teanga de ach ó thaobh go leor rudaí eile chomh maith.

    Ach is dóigh liom nach bhfaighfí ach leagan bréagach den díláraithe dá gcuirfí brú ar an rialtas, cosúil lena dheineadar le ‘Údarás’ na Gaeltachta, a bhí in ainm is a bheith ag feidhmiú mar údarás áitiúil go fírinneach sa chéad áit.

    An stát is lárnaí san Eoraip agus is lú ó thaobh daonlathas aitiula de atá againn anseo, de réir Fórsa agus an AILG.

    Thar am go n-athrófaí sin, ar a laghad sna Gaeltachtaí (catagóir A/B) le haghaidh seans a thabhairt dóibh teacht slán as an ngéarchéim teanga.

  • Christina Chen

    The people in Dublin have been making Ireland into England’s image even more successfully than the English ever did.
    Sin ó thaobh na teanga de, agus ó thaobh an riaracháin lárnaithe de. Agus ó chuile thaobh de le bheith fírinneach.