Má leanann cúrsaí mar atá ní fada go dtiocfaidh meath ar líon na n-imreoirí club

Tá plean céad lá leagtha amach ag Cumann na nImreoirí Club agus é ag teastáil go géar

Má leanann cúrsaí mar atá ní fada go dtiocfaidh meath ar líon na n-imreoirí club

Kevin Nolan, Declan Brennan, Michael Briody agus Aaron Kernan ó Chumann na nImreoirí Club. INPHO/Ryan Byrne

Nuair a shuigh mé síos an tseachtain seo caite chun mo chéad cholún don bhliain nua seo a scríobh ní raibh a fhios agam go mbeadh Cumann na nImreoirí Club á sheoladh an Luain dár gcionn. Sa chéad alt sin, scríobhas mórán faoin méid agus an saghas traenála atá á dhéanamh ag an imreoir club agus rinne mé tagairt de na sealanna fada idir cluichí don imreoir club céanna.

Ba thráthúil freisin gur labhair iarstiúrthóir iomána CLG, Paudie Butler amach an lá céanna faoin bhfíor-dhrochmheas atá ag an gCumann ar an imreoir club. 

Bhuel, i mBaile Baodáin cúpla lá ó shin bhí preasócáid inar deineadh Cumann na nImreoirí Club a sheoladh.

Labhair an rúnaí nuathofa, Declan Brennan agus an Cathaoirleach, Micheál Briody amach go láidir faoi chinniúint an imreora club agus dúirt siad go raibh an dóigh a gcaitheann an CLG leis na himreoirí seo scannalach.

Tá sé i bhfad níos measa le scór bliain anuas ó thosaigh ré na gairmiúlachta agus na gcluichí cáilithe.

Nach mór deich mbliana ó shin, bhí cruinniú mór i gCill Airne chun plé a dhéanamh ar chlubanna an Chumainn agus gach a mbaineann leo. Cheapas go ndearnadh cinneadh cúrsaí a fheabhsú dóibh, go háirithe ó thaobh cluichí agus iad a bheith á gcur ar ceal go rialta de bharr na gcluichí idirchontae. Ach is chun donais atá an scéal imithe. Nach dtuigeann na húdaráis in aon chor nach bhfuil formhór na n-imreoirí ag imirt leis an bhfoireann chontae agus go bhfuil siad ina suí timpeall ag feitheamh go mífhoighneach? Tá a fhios agam go dtuigeann, ach tógann na cluichí idirchontae an phríomháit sa bhféilire bliantúil agus tá an iomad cumhachta ag na bainisteoirí contae. 

Tá sé thar a bheith deacair freisin ar bhainisteoirí na gclubanna atá ag iarraidh pleanáil a dhéanamh agus suim a chothú, nuair nach mbíonn aon chluiche acu ar feadh dhá mhí nó trí  mhí, mar a tharlaíonn go minic. Freisin ní féidir leis na himreoirí club aon réamhphleanáil a dhéanamh faoi laethanta saoire a thógáil. Tríd is tríd, tá an chuid is mó de na himreoirí an–dílis don chlub ach má leanann an córas seo ar aghaidh ní fada go dtiocfaidh meath ar an méid imreoirí a bheidh sásta traenáil an–dian a dhéanamh agus ansin a bheith ag feitheamh ar bhord nó ar bhainisteoir an chontae.

Gné eile den fhadhb, i mo thuairimse, go bhfuil sé in am gach cluiche a chríochnú ar an lá a imrítear é, rud eile atá ráite go láidir ag an gcumann nua. Tá sé damanta ar fad nuair a chríochnaíonn cluiche craoibhe idirchontae ar chomhscór agus go gcuirtear cluichí na gclubanna ar ceal dá bharr. Ní bhíonn de rogha ag imreoirí agus bainisteoirí na gclubanna ach a mbéal a choimeád dúnta agus cur suas leis na hathruithe.

Tá réiteach amháin ar an bhfadhb seo agus sin go gcríochnófaí gach cluiche ar an lá, cluichí na gclubanna san áireamh. 

Deirtear go mbíonn gach tosach lag ach is cuma lag nó láidir an tosach seo, tá sé ag teastáil go géar.

Is maith an rud go bhfuil ainmneacha Liam Griffin agus Máirtín McHugh luaite leis an bhfiontar seo. Is daoine measúla iad beirt agus tugann siad stádas don fheachtas tábhachtach seo.

Tá plean céad lá leagtha amach ag Cumann na nImreoirí Club agus tá siúil agam go mbeidh dea-thoradh ar an tús maith atá déanta acu.

Cinnte tá sé ag teastáil go géar.

Fág freagra ar 'Má leanann cúrsaí mar atá ní fada go dtiocfaidh meath ar líon na n-imreoirí club'