‘Má dhéantar diagnóis sách sciobtha, seans go mbeidh saol saor ó dhamáiste inchinne ag an páiste’

Cuireann lucht na ‘Blood Bikes’ seirbhís seachadta in aisce ar fáil d’ospidéil agus do dhreamanna eile

‘Má dhéantar diagnóis sách sciobtha, seans go mbeidh saol saor ó dhamáiste inchinne ag an páiste’

Ar nós go leor daoine eile, bhí mo chara ón gclub bád dragain ag cuartú rud fiúntach le déanamh le linn na dianghlasála. Altra a bhí inti a d’éirigh as an obair bliain nó dhó ó shin.

Chláraigh sí ar dtús don scéim a bhain le teagmhálacha duine a raibh Covid air, ‘lorg agus aimsiú’ (Track and Trace). Ach nuair a fuair sí conradh don phost thuig sí gurb amhlaidh go raibh sí le fostú arís agus nach ag obair go deonach a bheadh sí. Bhí a saol caite aici ag obair go crua ach fós féin bhí sí ag iarraidh obair fhiúntach gan pá a dhéanamh faoin tráth sin.

Ansin chuala sí cara léi ag caint faoin dream ar ghluaisrothair a thugann seirbhís in aisce d’ospidéil agus do dhreamanna eile. ‘Blood Bikes’ an teideal atá orthu agus cé go n-iompraíonn siad ábhar fola den chuid is mó, tugann siad cabhair ar go leor bealaí eile do na seirbhísí sláinte.

Chuala mé féin faoin dream seo cheana agus bhí a fhios agam nach bhfaigheann siad aon chabhair airgid ón Stát. Chuaigh mé chun cainte le mo chara. Go deimhin, d’fhéadfainn ‘leathbhádóir’ a thabhairt uirthi toisc go suíonn muid le chéile sa bhád dragain go minic.

‘Is breá liomsa labhairt faoi na ‘Blood Bikes’,’ arsa sise. ‘Ceapaim go bhfuil obair iontach ar bun acu agus táim mórtasach go bhfuil páirt bheag bhídeach agamsa san obair sin.’

Is le ‘Blood Bikes East’ a oibríonn mo chara. As is san iarthar a bunaíodh an chéad cheann – Blood Bike West. Tá gach duine atá ag obair dóibh ag obair go deonach agus oibríonn siad de réir sceidil – iarrtar ar dhaoine ar a laghad dhá sheal oibre a dhéanamh chuile mhí.

Tá grúpaí ‘rothair fola’ in áiteacha éagsúla ar fud na tíre agus feidhmíonn siad ina gceantair féin go príomha ach feidhmíonn siad ar bhonn náisiúnta freisin agus iad ag comhordú lena chéile le samplaí a bhailiú ó áiteacha i bhfad ó bhaile.

Mar shampla, má tá tástáil fola le dhul chuig ospidéal a bhfuil speisialtóireacht ar leith ann- abraímis ospidéal do pháistí – caithfear an tástáil a bhailiú ón áit ar glacadh é agus a chur go Baile Átha Cliath, Ospidéal Shráid an Teampaill b’fhéidir. 

Sa gcás sin, baileoidh duine ar rothar é thíos faoin tír agus stopfaidh sé ag pointe a bheidh aontaithe i lár tíre. Tiocfaidh rothar eile ó Bhaile Átha Cliath, piocfaidh sé suas an sampla uaidh agus tabharfaidh seisean an chuid eile den bhealach é.

Tá an obair ar fad eagraithe go pointeáilte agus gach rud in ord agus in eagar ó thaobh rialacha, dlí agus riaracháin. 

Ar ndóigh ní ar ghluaisrothar a dhéanann mo chara an bailiú agus an seachadadh ach sa gcarr. Tá an eagraíocht chomh mór agus chomh cruógach anois go bhfuil a gcuid rothar agus carranna féin acu. Bíonn siad ag brath ar shíntiúis agus cabhair ó chomhlachtaí agus i gcás ‘Blood Bikes East’, thug an comhlacht Annesley Motors carranna Skoda dóibh. Tá seacht gcinn de rothair agus cúig charr ag grúpa an oirthir anois.

Toisc gur seirbhís ‘as uaireanta’ é oibríonn siad san oíche den chuid is mó agus ag an deireadh seachtaine.

‘Is breá le chuile dhuine acu an obair – go háirithe an dream atá gafa leis na gluaisrothair. Tugann sé deis dóibh an caitheamh aimsire is ansa leo a chleachtadh agus iad ag obair ar leas an phobail,’ arsa mo chara.

Bíonn orthu tástálacha diana a dhéanamh sula gceadaítear dóibh an obair a dhéanamh. Caithfidh siad a bheith ar an gcaighdeán céanna le póilíní ar ghluaisrothair agus ar ndóigh, a bheith grinnfhiosraithe iad féin ag na Gardaí.

Is cabhair an-mhór é, agus cúrsaí tráchta ina gcíor thuathail arís, gur ar ghluaisrothair a thaistealaíonn na samplaí tábhachtacha seo. 

D’inis sí dom faoi fhear amháin agus é ar a chéad turas riamh, agus pacáiste ar iompar aige, nuair a shroich sé tranglam mór tráchta ar an M50. 

D’éirigh leis a bhealach a dhéanamh chomh fada le garda agus d’inis a scéal dó. Ní raibh nóiméad le spáráil. Léim an garda suas ar a ghluaisrothar féin, chas air na soilse agus an bonnán garda, agus ‘away’ leis síos an mótarbhealach, sa treo mícheart agus thug tionlacan don ghluaisrothar fola chomh fada le slí éalaithe.

‘Agus cé chomh tábhachtach is atá sé an sampla a chur chuig an ospidéal gan mhoill?’ arsa mise.

‘Bhí mé ag smaoineamh air sin agus mé ar mo bhealach ó chontae Laoise an lá cheana. Bhí ‘tástálacha sála’ ar iompar agam.’ (Seo an tástáil ‘heel prick’ a chuirtear ar leanaí nuabheirthe). 

‘Agus séard a bhí mise ag rá liom féin ná, má dhéantar diagnóis ar an tástáil seo sách sciobtha, seans go mbeidh saol saor ó dhamáiste inchinne i ndán don pháiste seo.’

Bhuel, sin rud nár thuig mé riamh faoin tástáil sála sin. Insíonn sé don dochtúir go bhfuil nó nach bhfuil, easpa einsíme áirithe ag an bpáiste a chabhraíonn leo próitéin, mar shampla, a bhriseadh síos. Mura bhfaigheann siad amach faoi sin, éiríonn sé nimhneach insan bpáiste agus d’fhéadfadh damáiste inchinne a bheith i gceist.

‘Ach má fhaigheann siad amach faoi in am, le cóir bhia speisialta, beidh saol normálta ag an bpáiste sin. Is cúis mhór sásaimh é a bheith in ann cabhrú le páistí agus tuismitheoirí ar an gcaoi seo,’ arsa sise.

Agus í ar a turas chuig an ospidéal bhí sí ag machnamh ar an €18 a chaith sí ar pheitreal. ‘Sular bunaíodh na ‘Blood Bikes’ bheadh turas tacsaí i gceist leis an tástáil sin – sampla ta bailíodh ar dtús i gCorcaigh. Smaoinigh cé mhéad a chosnódh sé sin.’

Ó bunaíodh an grúpa in oirthear na tíre, tá méadú as cuimse tagtha ar an líon turas agus bailiúchán atá déanta acu. In 2021 d’iompair Blood Bikes East os cionn 33,000 pacáiste agus thaistil beagnach 300,000 km. 

In ainneoin an teidil atá orthu ní fuil agus tástálacha fola amháin a iompraíonn siad. 

Níl ach aon ionad amháin sa tír a choinníonn bainne cíche i gcomhair leanaí a bheirtear roimh am, sin an tIonad in Inis Ceithleann.

Gach Domhnach téann rothair ar fud na tíre ag bailiú ó mháithreacha a chuireann bainne cíche ar fáil don tseirbhís. Tugtar chuig Inis Ceithleann é, áit a ndéantar paistéaradh air. Ansin tugtar amach arís é do lucht na rothar le dáileadh ar na hospidéil. 

Dar le cara eile liom a oibríonn in Ospidéal an Rotunda, obair fhíorthábhachtach í seo toisc nach féidir tada eile a thabhairt do leanaí beaga bídeacha atá tugtha ar an saol róluath. ‘Is geall le ‘leigheas’ speisialta é,’ deir sí. Agus geallaim daoibh go bhfuil leanaí go dona tinn feicthe ag an mbean seo.

Tá na daoine a fhaigheann cabhair ó na rothair fola an-bhuíoch. Bhí deacrachtaí go leor ag an eagraíocht le bliain anuas, aon airgead a bhailiú. Cé nach bhfaigheann éinne aon íocaíocht, fós féin tá billí le n-íoc, agus costais ag dul in airde go síoraí. Nach breá an rud é go bhfuil daoine ann a oibríonn go deonach, gach oíche den tseachtain, agus gach deireadh seachtaine agus a shábhálann méid ollmhór airgid ar na seirbhísí sláinte – agus orainne uilig. 

Gura fada buan iad. 

Fág freagra ar '‘Má dhéantar diagnóis sách sciobtha, seans go mbeidh saol saor ó dhamáiste inchinne ag an páiste’'