‘Má bhuann Gaoth Dobhair inniu bheadh sé galánta, ach mura mbuann tarlóidh sé amach anseo’

Labhair Tuairisc.ie le roghnóir Ghaoth Dobhair, John ‘Bosco’ Ó Gallchóir roimh chluiche ceannais shinsir Dhún na nGall idir Gaoth Dobhair agus Naomh Conaill

‘Má bhuann Gaoth Dobhair inniu bheadh sé galánta, ach mura mbuann tarlóidh sé amach anseo’

Seán Ó Baoill (Gaoth Dobhair). Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Gaoth Dobhair v Naomh Conaill – Páirc Mhic Cumhaill, 4pm. (Beo ar TG4)

Tráthnóna, rachaidh peileadóirí Ghaoth Dobhair chun páirce i gcluiche ceannais shinsir an chontae den chéad uair ó 2006 agus níl aon amhras ach go bhfuil áit sa chluiche ceannais tuillte acu.

Tháinig siad slán ó ghrúpa fíorchrua ina raibh péire de na foirne is fearr sa chontae le deich mbliana anuas chomh maith, Naomh Adhamhnáin agus Naomh Conaill.

Rinne siad scrios ansin sna babhtaí ceathrú ceannais agus leathcheannais, bua 16 cúilín a bhí acu ar Bhun Dobhráin ar dtús agus bhí farasbarr 13 pointe acu ansin ar Sheán Mac Cumhaill chun áit sa chluiche ceannais a bhaint amach.

Níl baol ar bith ann go mbeidh coimhlint an lae inniu chomh hoscailte agus a bhí an cúpla cluiche is deireanaí a bhí ag Gaoth Dobhair, áfach. Is i gcoinne Naomh Conaill a bheidh foireann Mhachaire Gathlán arís agus tá seantaithí ag na foirne seo ar a chéile.

Bhí bua sé chúilín ag Gaoth Dobhair orthu nuair a chas siad ar a chéile i nGrúpa B mí Mheán Fómhair ach tá fir na nGleanntach neartaithe ó shin. Is cinnte nach mbeidh peileadóirí Ghaoth Dobhair réchúiseach roimh an gcluiche seo ach an oiread, go háirithe tar éis ar tharla i gcraobh na bliana seo caite.

Chas na foirne céanna ar a chéile i gcluiche leathcheannais 2017, an chéad uair go raibh an babhta sin bainte amach ag Gaoth Dobhair ó thug siad leo an chraobh aon bhliain déag roimhe sin. Bhí cuma na maitheasa orthu agus iad sé chúilín chun ag leath ama ach tháinig Naomh Conaill ar ais go láidir sa dara leath chun an bua a fháil le haon phointe amháin, 1-13 in aghaidh 1-12. Briseadh croí a bhí ann do Ghaoth Dobhair agus ní haon iontas go mbeadh tine ar a gcraiceann agus iad ag iarraidh cúrsaí a chur ina gceart tráthnóna.

“Ábhar mór spreagtha cinnte,” a deir John ‘Bosco’ Ó Gallchóir, duine de roghnóirí Ghaoth Dobhair.

“Bhraith muid anuraidh gur chaith muid ar shiúl é, bhí muid sé phointe chun tosaigh. D’fhoghlaim muid cuid mhór ón gcluiche sin, fá dtaobh muid féin mar fhoireann. D’amharc muid ar an gcluiche agus ar an áit a bhféadfaimis feabhas a chur ar rudaí chun déanamh cinnte nach dtarlódh sé arís. D’oibrigh muid go mór ar an gcosaint, chun rudaí a dhéanamh níos teannta agus d’oibrigh sé sin dúinn i mbliana.”

Is cinnte gur oibrigh. Agus iad i ngrúpa deacair, níor ghéill Gaoth Dobhair ach 1-6, 0-6 agus 0-5, sna trí chluiche a d’imir siad. Tá na tosaithe ag imirt go maith freisin. D’éirigh le haon imreoir déag scór a aimsiú nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Bhun Dobhráin sa chluiche ceathrú ceannais agus bhí ochtar ar éirigh leo an sprioc a bhaint amach in aghaidh Sheáin Mhic Cumhaill.

Cé go raibh Gaoth Dobhair an-mhaith sna cluichí sin, deir Ó Gallchóir nach féidir mórán a fhoghlaim uathu agus go mbeidh an cluiche in aghaidh Naomh Conaill inniu go hiomlán difriúil.

“Ní bheidh scór millteanach ann. Beidh sé iontach teannta, níl aon dabht faoi sin. Ag deireadh an lae, cibé foireann a bhainfidh an cluiche, ní bheidh ann ach pointe,” a cheapann sé.

“Tá taithí iontach ag Naomh Conaill. Tá siad seanaimseartha, tá a fhios acu cén chaoi cluichí a bhaint. Bhí siad i gcluichí ceannais agus leathcheannais nuair nach raibh muidne agus cé go bhfuil daoine ag rá gur cheart dúinne an cluiche a bhaint, ní thugann muidne mórán airde ar an gcaint sin.”

Cúis amháin atá ag daoine a bheith ag caint faoi Ghaoth Dobhair i mbliana ná an scata imreoirí óga cumasacha atá tagtha chun cinn sa chumann le blianta beaga anuas.

Bhuaigh foireann den scoth ón gcumann, a bhí faoi cheannas Tom ‘Beag’ Mac Giolla Easpaig, craobh an chontae ag gach leibhéal ó Faoi-14 ar aghaidh agus bhain siad a mbuaic amach nuair a bhuaigh siad Craobh Faoi-21 Uladh níos luaithe i mbliana. Cé go raibh cuid mhaith de na himreoirí sin ag imirt do na sinsir anuraidh, tá taithí bliana eile acu anois agus iad réidh chun an chéad chéim eile a thógáil, dar leis an nGallchórach.

“Peileadóirí iontacha atá iontu. Micheál Ó Cearbhaill, Ciarán Mac Giolla Easpaig, Niall Ó Fríl, Dáire Ó Baoill. Tá an méid sin acu ann,” a deir sé.

“Uaireanta, glacann sé cúpla bliain ar leaids óga dul i dtaithí ar na sinsir. Ní rómhinic a fhaigheann tú scaifte mór ó fhoireann mhionúir a thagann isteach go dtí foireann shinsir. B’fhéidir go bhfaighfeá beirt nó triúr ó fhoireann mhionúir agus b’fhéidir an méid céanna ó fhoireann Faoi-21 ach tháinig na leaids seo uile tríd le chéile agus obair mhór déanta faoi aois leo.

“Tá siad bliain níos sine anois. Cé go bhfuil siad óg ó thaobh na taithí atá acu ar chraobh an chontae, tá siad réidh le bogadh ar aghaidh go dtí an chéad céim eile. Mura mbainfidh siad í i mbliana, bainfidh siad craobh an chontae amach anseo. Má tharlaíonn sé i mbliana, bheadh sé galánta, mura dtarlaíonn, tarlóidh sé faoi cheann tamall eile.”

Admhaíonn Ó Gallchóir go mbíonn níos mó ná tallann ag teastáil chun craobh a bhuachan ach is cinnte go bhfuil neart taithí san fhoireann chomh maith faoi láthair agus leithéidí Kevin Cassidy, Eamonn McGee, Neil McGee agus Criostóir Mac Suibhne ina seanfhondúirí. Deir sé gur thug teacht na glúine nua peileadóirí seo spreagadh do na fir sin, a bhí uile ag imirt in 2006.

“Thug cinnte. Tháinig muid le chéile ag tús na bliana agus dúirt siad go raibh siad chun iarracht mhór a chur isteach i mbliana, gur chaith muid uainn anuraidh é agus go raibh siad ag iarraidh é sin a chur ina cheart i mbliana agus dul céim níos faide.”

Tá siad anois imithe céim chun cinn agus cluiche ceannais an chontae bainte amach acu ach, agus deis díoltais faighte acu anois ar Naomh Conaill, is cinnte nach sásóidh an méid sin peileadóirí Ghaoth Dobhair.

Fág freagra ar '‘Má bhuann Gaoth Dobhair inniu bheadh sé galánta, ach mura mbuann tarlóidh sé amach anseo’'

  • Pól Réamonn

    Ba bua cuimsitheach a bhí ann do Ghaoth Dobhair inniu. Maith síbh!