ASNC: Lucht na Gaeilge ar bís agus scuad na British and Irish Crocodiles le fógairt inniu ag Arlene Foster

Thug Arlene Foster le fios do lucht na n-eagraíochtaí Gaeilge inné gur chóir dóibh a bheith ullamh pé acu an bhfuil sé i ndán dóibh bualadh léi ar a turas nó nach bhfuil

ASNC: Lucht na Gaeilge ar bís agus scuad na British and Irish Crocodiles le fógairt inniu ag Arlene Foster

Tá lucht na Gaeilge ó thuaidh ar bís ar maidin agus iad ag súil le scéala inniu ó Arlene Foster maidir le cé atá roghnaithe aici ar scuad Chrogaill na Breataine agus na hÉireann dá turas mór teanga.

Thug Foster le fios do lucht na n-eagraíochtaí Gaeilge inné gur chóir dóibh a bheith ullamh pé acu an bhfuil sé i ndán dóibh bualadh léi nó nach bhfuil.

“Beidh údar ceiliúrtha ag daoine áirithe agus beidh údar díomá ag daoine eile, ach sin nádúr an ghnó seo. Níl dada éasca faoi seo, ach táim cinnte gur maith a thuigeann gach duine gur onóir mhór dóibh go bhfuilim fiú ag smaoineamh ar dheis a thabhairt dóibh bualadh liom,” a dúirt Foster aréir le Ar Son na Cúise agus le Ar Son na Cúise amháin.

Dúirt saineolaí amháin ar chúrsaí teanga linn gur “ar éigean” a éireoidh leis na Crogaill ar an turas seo is cuma “cé a roghnaítear”.

“Nuair a fhéachann tú ar na roghanna atá ann, is léir go mbeidh go leor fadhbanna ag Crogaill na Breataine agus na hÉireann. Ní bheidh siad iontach agus iad ar an ionsaí ná ní bheidh siad thar mholadh beirte i mbun na cosanta ach an oiread,” a dúirt an saineolaí.

Idir an dá linn, meastar go roghnóidh Foster daoine ó na móreagraíochtaí atá cáilithe chun imirt do na Crogaill faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta.

“Measaim go bhfuil seans maith ann go roghnófar duine nó beirt ó Fhoras na Gaeilge cé go sílfeá nach bhfuil an téagar iontu siúd a chuirfeadh an freasúra dá mbuille. B’fhéidir go roghnóidh sí duine nó beirt ó Chonradh na Gaeilge, in ainneoin iad a bheith meata go maith le tamall agus imní ar dhaoine go bhfuil an iomarca ama á chaitheamh acu ag cur a mbranda chun cinn ar Twitter seachas a bheith i mbun diantraenála. Bheadh seans áirithe chomh maith ag Pobal, cé nach gcuirfidh sé mórán as dóibh mura roghnaítear iad. Bealach amháin nó bealach eile, féachfaidh siad air mar bhua do Phobal.”

“Tá tú ag caint ina dhiaidh sin ar leithéidí lucht na Cultúrlainne agus Cumann Chluain Aird agus dreamanna eile ar fada an lá ó bhí siad ar fónamh. Faraor, is dóigh liom go bhfuil an caighdeán chomh bocht céanna ó thuaidh agus atá sé ó dheas faoi láthair,” a dúirt an saineolaí.

Idir an dá linn, tá ráflaí láidre ann gurb é an scríbhneoir Ciarán Ó Crogaill, an Taig is ansa le hArlene Foster, a roghnófar mar chaptaen na foirne.

Fág freagra ar 'ASNC: Lucht na Gaeilge ar bís agus scuad na British and Irish Crocodiles le fógairt inniu ag Arlene Foster'

  • Braoin Ó Braoin

    Is mór an onóir d’imreoirí an chluiche seo bualadh le Arlene agus tá súil agam go n-éistfidh siad leis an saineolaí sin más ag iarraidh sprioc a turais teanga féin a bhaint amach atá siad. Beidh Ciarán in ann muid a choinneáil ar an eolas idir an dá linn, bail ó Dhia air.