Lucht an fheachtais ar son an achta Ghaeilge le díriú ar rialtas Westminster, ach an DUP rompu arís

Deir Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn go bhfuil 'díomá' ar lucht an fheachtais nár éirigh le Sinn Féin agus an DUP teacht ar réiteach mar gheall ar an éileamh ar reachtaíocht teanga, ach go mbeifí ag meabhrú arís do Rialtas na Breataine a ndualgais maidir le ceist an achta

Lucht an fheachtais ar son an achta Ghaeilge le díriú ar rialtas Westminster, ach an DUP rompu arís

Díreofar an feachtas ar son an achta Ghaeilge ó thuaidh ar Rialtas na Breataine agus teipthe ar na cainteanna is déanaí maidir le hathbhunú Stormont mar gheall ar cheist na teanga.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn le Tuairisc.ie aréir go raibh “díomá” ar lucht an fheachtais nár éirigh le Sinn Féin agus an DUP teacht ar réiteach mar gheall ar an éileamh ar reachtaíocht teanga ach go mbeifí ag meabhrú arís do Rialtas na Breataine a ndualgais maidir le ceist an achta sa chás go dtabharfaí an riail dhíreach ó Westminster isteach ó thuaidh.

“Tá díomá orainn ach táimid ullamh dó seo. Bhí an baol ann i gcónaí nach dtiocfaí ar réiteach agus sin an fáth gur mheabhraigh muid don Státrúnaí ag an gcruinniú a bhí againn léi le déanaí gur féidir léi leas a bhaint as an chumhacht atá aici agus cearta teanga phobal na Gaeilge a chinntiú.

“Táimid ag súil le cruinniú eile leis an Státrúnaí go luath agus beimid ag díriú anois ar Rialtas na Breataine, a gheall breis agus deich mbliana ó shin i gComhaontú Chill Rímhinn go dtabharfaí acht Gaeilge isteach,” a dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn aréir.

Bhí cruinniú stairiúil i dtús na míosa seo ag Conradh na Gaeilge le Státrúnaí an Tuaiscirt Karen Bradley, an chéad uair riamh ag toscaireacht de chuid na heagraíochta a leithéid de chruinniú a bheith acu.

D’fhéadfadh áfach go gcuirfeadh an DUP ó mhaith aon iarracht a dhéanfaí brú a chur ar Rialtas na Breataine acht Gaeilge a thabhairt isteach faoin riail dhíreach, ó tharla go bhfuil rialtas Theresa May ag brath ar thacaíocht fheisirí parlaiminte an pháirtí aontachtaigh.

Thug an polaiteoir sinsearach de chuid an DUP Gregory Campbell le fios ar an gclár Newsnight ar an BBC aréir go mbeadh “deacracht mhór” ag a pháirtí dá dtabharfadh Rialtas Theresa May “buntáiste breise eile” don Ghaeilge. Nuair a cuireadh ceist ar Campbell an mbeadh an DUP sásta an bonn a bhaint de Rialtas May dá socródh siad ‘an dualgas atá orthu faoi chonradh idirnáisiúnta a chomhlíonadh’ agus acht Gaeilge a thabhairt isteach, dúirt an Feisire Parlaiminte do Dhoire Thoir “nach aon chabhair é” a bheith ag cur deireadh le rialtais.

Meastar go raibh Sinn Féin agus an DUP an-ghar do theacht ar mhargadh faoin acht Gaeilge sular fhógair ceannaire an DUP Arlene Foster tráthnóna inné go raibh deireadh leis na cainteanna.

Deir Sinn Féin gur éirigh leo teacht ar shocrú le Foster agus lucht idirbheartaíochta an DUP, ach gur theip ar an DUP an margadh a chríochnú. Meastar gur brú ó chosmhuintir an DUP gan glacadh leis an reachtaíocht Ghaeilge a chuir an socrú ó mhaith.

Tuairiscíodh roimhe seo gur trí phíosa reachtaíochta ar leith a moladh mar leigheas ar an tsáinn pholaitiúil– reachtaíocht don Ghaeilge amháin, reachtaíocht don Ultais agus reachtaíocht do chúrsaí cultúir.

Tá ceannaire an UUP, Robin Swann, ag iarraidh go bhfoilseofaí sonraí an tsocrú a bhí déanta idir Sinn Féin agus an DUP sular theip ar na cainteanna.

Dúirt ceannaire Shinn Féin sa Tuaisceart Michelle O’Neill tráthnóna inné gur ar an DUP a bhí an milleán maidir le stad a bheith curtha leis na cainteanna.

“Le 13 mí anuas tá Sinn Féin ag obair chun feidhmeannas a athbhunú, a bheadh bunaithe ar mheas, ionracas agus comhionannas do gach dream sa tsochaí,” a dúirt sí.

Dúirt O’Neill gur ghlac Sinn Féin páirt sna cainteanna “le dea-chroí” agus go ndearna siad “níos mó ná a gceart”.

“D’éirigh linn teacht ar shocrú le lucht ceannais an DUP. Theip ar an DUP an margadh a chríochnú,” a dúirt sí.

Dúirt ceannaire an DUP Arlene Foster nach raibh aon seans ann go n-athbhunófaí an feidhmeannas agus thug sí le fios arís nach bhféadfadh a páirtí glacadh le hacht don Ghaeilge amháin.

“Le ceithre seachtaine nach mór, tá idirbheartaíocht dhian ar siúl againn le Sinn Féin. Rinneamar iarracht teacht ar bhunús margaidh, maidir leis an déabhlóid a chur ar ais ar a boinn ar bhealach a bheadh seasmhach agus inmharthana. Níor éirigh leis an bplé sin.

“D’ainneoin go ndearnamar ár ndícheall, tá bearnaí suntasacha agus tromchúiseacha idir muide agus Sinn Féin, go háirithe i dtaobh cheist na Gaeilge,” a dúirt Arlene Foster.

I dteachtaireacht a chuir siad amach ar na meáin shóisialta tráthnóna, dúirt an Dream Dearg, an grúpa is mó atá i mbun feachtais faoi cheist an achta, gur mó ag an DUP cearta a shéanadh ná an feidhmeannas a athbhunú.

Dúirt Janet Muller ón eagraíocht POBAL gur oth leo diúltú an DUP d’acht Gaeilge.

‘Taispeánann diúltú an DUP nárbh fhiú éilimh réasúnta an phobail, a ullmhaíodh le comhairle ó shaineolaithe idirnáisiúnta ar dhlí agus teanga, a mhaolú ar mhaithe leis an DUP a mhealladh. An bhliain seo caite, dúirt Comhairle na hEorpa nach raibh ach seicteachas taobh thiar de na constaicí a cuireadh roimh acht na Gaeilge le deich mbliana anuas. Arís eile, cruthaíodh gurb amhlaidh atá,” a dúirt Janet Muller, stiúrthóir POBAL.

Luaitear Acht Gaeilge go sonrach faoin gceannteideal ‘Cearta an Duine, Comhionannas, Íospartaigh agus Ceisteanna eile’ i gComhaontú Chill Rímhinn.

“Tabharfaidh an Rialtas Acht Gaeilge isteach bunaithe ar thaithí na Breataine Bige agus na hÉireann agus oibreoidh i gcomhar leis an bhFeidhmeannas nuathofa le forbairt na Gaeilge a chur chun cinn agus a chosaint,” a deirtear sa Chomhaontú.

Glactar leis gur ag tagairt do Rialtas na Breataine atá an focal ‘Rialtas’ sa mhéid sin.

Fág freagra ar 'Lucht an fheachtais ar son an achta Ghaeilge le díriú ar rialtas Westminster, ach an DUP rompu arís'

  • An Teanga Bheo

    Gaeilge ar son na cúise agus lastigh den Ríocht Eas- aontaithe ar fud 32 condae
    Act Teanga de dhíth ar Westminster agus ar fud na h Eorpa go beo práinneach anois

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Ag an bpoinnte seo ba cheart dearmad a dhéanamh ar réiteach a fháil óna ‘cainteanna’ idir Sinn Féin agus an DUP. Tá a dhícheall déanta ag Sinn Féin, le bheith cothrom. Tá faitíos ar an DUP aon ghéilleadh a dhéanamh i leith na Gaeilge. Ach mar a léiríodh ar Newsnight (BBC 2) aréir (14 Feabhra) agus Gregory Caimbéil faoi agallamh, tá socrú déanta ag Rialtas na Breataine le Rialtas na hÉireann agus aitheantas idirnáisiúnta ag an socrú sin, go mba chóir Acht Teanga a bheith ar fáil do chainteoirí Gaeilge i dTuaisceart Éireann. Más amhlaidh atá, b’fhearr ag an bpoinnte seo deireadh a chur le Tionól Stormont agus Tuaisceart Éireann a rialú ó Westminister agus brú a chur ar Rialtas na Breataine, an Acht Teanga atá á cheilt ar cainteoirí Gaeilge i dTuaisceart Éireann a achtú. An t-aon dream i Westminister a bheadh ina aghaidh ná an DUP, roinnt aontachtóirí eile agus corr duine sna Tóraithe. Sin a chuirfeadh smacht ar an DUP! An mbeadh sé de mhisneach ag Theresa May é sin a dhéanamh? Sin í an cheist.

  • Fearn

    Sea, muise!

    Ní thuigeann an tAontachtaí an Náisiúnaí , agus a athrach, ach mar chéile chomhraic. Bíonn gach beart sa “chluiche” ina chéim buachaint nó cailliúint. Mar adeir Donncha , ba straitéiseach gur imir SF an lámh seo. Ach cuireadh ina choinne. Tuige nach gcuirfeadh?

    Tá lámh ag an pairtí seo ar chlaíomh Domacléis ar Rialtas reatha na Breataine, agus sochair le héileamh. Bíonn an tAontachaí ina stollaire cionn is a noibríonn sé mar straitéis.

    Aontú Aoine an Chéasta? An t-orlach is lá a ghéilleach ar son an duais is mó, dallmullóg a chur ar an Náisiúnaí, agus col a chur air i leith a lámh láidir fhéin. D’éirigh leis an straitéis seo.

    Agus brú ó Rialtas na hÉireann? Is beag meas ag an Sasanach ar “eachtranaigh”. Is lú fós a meas ar an Éireannach, ach mar sléibhín lústrach !!