LITRÍOCHT BHÉIL: Pósadh

Thíos tá leagan trascríofa d'ábhar ó Bhailiúchán na Scol ar dúchas.ie mar aon le hacmhainní, gníomhaíochtaí agus smaointe don seomra Gaeilge

LITRÍOCHT BHÉIL: Pósadh

Gníomhaíocht 1: Cur in Ord:

Thíos tá cuid de chuntas ó dúchas.ie ar na nósanna a bhain le cleamhnais agus póstaí. Níl sé san ord ceart. Ag obair le do pháirtí déan iarracht teacht ar an ord ceart.

  1. Faigheann siad beirt a sheasfaidh leo.
  2. Bíonn an fear an-sásta ansin agus téann sé féin go teach na mná
  3. an bpósfaidh sí a leithéid seo d’fhear.
  4. Téann siad abhaile agus insíonn siad don fhear é.
  5. agus déanann siad suas an lá a phósfar iad.
  6. Nuair a bhíonn fear ag dul ag pósadh cuireann sé beirt nó triúr
  7. Nuair a thagann siad abhaile agus iad pósta,
  8. Déarfaidh sí go bpósfaidh.
  9. tugann siad cuireadh dá ndaoine muinteartha a theacht chun na bainise.
  10. go teach na mná la galún uisce beatha, agus fiafraíonn den bhean

Gníomhaíocht 2 – Fuaim:

Éist leis an taifeadadh den scéal.

Gníomhaíocht 3 – Léitheoireacht:

  • Seo an leagan athscríofa iomlán den chuntas.
  • Léigh an chéad leath os ard don duine atá ina aice leat. Léifidh sé/sí an dara cuid os ard duitse.
  • Ná dearmad gur féidir míniú a fháil ar fhocal tríd an gcnaipe ‘FOCLÓIRÍ’ a bhrú ar dtús agus ansin cliceáil ar an bhfocal féin.
  • Úsáid an uirlis fuaime in teanglann.ie le cabhrú leat leis an bhfoghraíocht.

Pósadh

Deir na seandaoine gurb iad mí Lúnasa agus mí an Mheithimh an dá mhí is ádhúla le pósadh. Deir siad an duine a phósann i mí Lúnasa go mbíonn an Fómhar le crapadh aige. Is í mí na Bealtaine an mhí is mí-ádhúla le pósadh.

Nuair a bhíonn fear ag dul ag pósadh cuireann sé beirt nó triúr go teach na mná la galún uisce beatha, agus fiafraíonn den bhean an bpósfaidh sí a leithéid seo d’fhear. Déarfaidh sí go bpósfaidh. Téann siad abhaile agus insíonn siad don fhear é. Bíonn an fear an-sásta ansin agus téann sé féin go teach na mná agus déanann siad suas an lá a phósfar iad. Faigheann siad beirt a sheasfaidh leo.

Nuair a thagann siad abhaile agus iad pósta, tugann siad cuireadh dá ndaoine muinteartha a theacht chun na bainise. Nuair a bhíonn an oíche tite tagann seanchleamairí agus iad gléasta suas in éadaí mná, agus bíonn hataí cocháin orthu sa gcaoi is nach n-aithneoidh muintir an tí iad.

Nuair a bhíonn siad istigh scaitheamh beag tagann fear de mhuintir an bhaile isteach agus gléas ceoil leis. Tosaíonn na cleamairí ag damhsa. Bíonn siad ag damhsa tamall maith. Ansin tosaíonn siad ag ceoltóireacht agus ag insint scéalta. In éis tamaill téann fear thart le buidéal uisce beatha agus tugann sé cúpla gloine do gach fear. Faigheann na mná neart le n-ithe agus le n-ól chomh maith.

Gníomhaíocht 4 – Deis Taifeadta:

  • Tá teacht ar uirlis taifeadta ar bharr an leathanaigh ar chlé.
  • Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh ceann de na hailt.

  • Éist siar leis.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 5 – Ceisteanna tuisceana, léirthuisceana agus tuairimíochta

  1. Cén fáth a luaitear mí an Mheithimh?
  2. “Deir siad an duine a phósann i mí Lúnasa go mbíonn an Fómhar le crapadh aige.” Céard is brí leis an abairt sin?
  3. Cén bhaint atá ag an uisce beatha leis an gcuntas?
  4. Céard a tharlaíonn oíche na bainise?
  5. Cén fáth nach n-aithnítear na cleamairí?
  6. Cén tuiscint atá agat anois ar céard is cleamhnas ann?

Gníomhaíocht 6 – Taighde sa Phobal Teanga

  • Téigh chun cainte le duine éigin sa phobal agus faigh cuntas uathu faoi na nósanna/piseoga a bhain le pósadh san am a caitheadh.

Spreagcheisteanna:

Cad iad na nósanna a bhain leis an gcleamhnas?
Cad iad na nósanna a bhain leis an bpósadh?
Cad iad na nósanna a bhain leis an mbainis?

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag déanamh achoimre ar an gcuntas a fuair tú. Is féidir an taifeadadh sin a roinnt leis an rang.

Gníomhaíocht 7 – Taighde ar Líne:

  • Téigh chuig logainm.ie agus faigh a thuilleadh eolais faoi logainm atá luaite sa chuntas. An bhfuil aon logainm cosúil léi i do cheantar féin?
  • Téigh chuig dúchas.ie agus déan iarracht teacht ar scéalta/cuntais faoi phóstaí, cleamhnais agus bainiseacha i do cheantar.

Gníomhaíocht 8 – Téigh i mBun Pinn

  • Chuaigh tú chuig pósadh le duine muinteartha le déanaí agus tharla eachtra shuimiúil. Déan cuntas a scríobh do do leathanach Facebook.
  • Déan focail/nathanna a chuardach agus a sheiceáil ar www.teanglann.ie agus www.focloir.ie
  • Déan do chuntas a roinnt le daoine eile sa rang.
  • Cuir ceisteanna orthu faoinar scríobh siad.

Gníomhaíocht 9 – Naisc ábhartha eile:

  • Seo nasc chuig clár ar Raidió na Gaeltachta mar a bhfuil cur síos ar chúrsaí cleamhnais agus pósta.
  • Seo nasc chuig clár eile ar Raidió na Gaeltachta mar a bhfuil cúrsaí grá idir chamáin.
  • Seo nasc chuig an suíomh gaois.ie mar a bhfuil cur síos ar chleamhnais.
  • Seo naisc chuig ábhar gaolmhar ó dúchas.ie a foilsíodh ar tuairisc.ie

    •  Seo nasc Ó DÚCHAS.ie: ‘Nuair a théann daoine ag iarraidh mná tugann siad buidéal uisce beatha leo chun muintir na mná a chur ar meisce…’
    •  Seo nasc Ó DHÚCHAS: ‘Luan na bPus’ a thugtaí air, mar bhíodh ‘pus’ ar na cailíní inphósta nach bhfuair fear go fóill
    •  Seo nasc Ní thugtar an spré don fhear óg go mbíonn an lánúin bliain pósta

Gníomhaíocht 10 – Cúpla Ceist Agam Ort!

D’fhéadfadh an múinteoir a cheisteanna féin nó ceisteanna breise a chumadh anseo

Fág freagra ar 'LITRÍOCHT BHÉIL: Pósadh'