LITIR ÓN INDIA: Mná ag seasamh an fhóid le chéile i ndiaidh éigniú agus dúnmharú eile

An lá céanna a raibh ár gcolúnaí ag smaoineamh ar phíosa a scríobh faoi na céimeanna dearfacha a bhí á dtógáil san India ó thaobh stádas na mban, tharla eachtra uafásach a chuir alltacht ar chách

LITIR ÓN INDIA: Mná ag seasamh an fhóid le chéile i ndiaidh éigniú agus dúnmharú eile

Tréidlia a bhí inti. Frítheadh marbh í ag crosbhóthar, áit a raibh sí ag fanacht ar thacsaí. Bean 27 bliain d’aois as cathair Hyderabad a bhí inti. Bhí sí ar a bealach chuig coinne agus  bhí roth ar a  gluaisrothar pollta. An teachtaireacht dheireanach a chuir sí ag a muintir, dúirt sí go raibh tiománaí leoraí ag cuidiú léi agus go raibh tacsaí ordaithe aici. Ní raibh gíog as an bhfón nuair a thriail siad glaoch ar ais uirthi.

Ba chosúil gur éigníodh í sular dódh a corp go hiomlán.

An lá céanna bhí mé ag smaoineamh ar phíosa a scríobh faoi na céimeanna dearfacha a bhí á dtógáil san India ó thaobh stádas na mban i gcoitinne.

Roinnt blianta ó shin tarraingíodh aird an domhain ar an India tar éis uafáis a tharla do bhean óg i gcathair Delhi a bhí ag taisteal lena fear ar an mbus poiblí. Chuir an méid a tharla di alltacht ar dhaoine ó gach cearn den domhan.

Tháinig na sluaite ban amach ag agóidíocht faoin drochmheas, dar leo a bhí ag fir ar mhná.

In áiteanna, tá máirseálacha agus siúlóidí oíche fós á n-eagrú ag mná chun an ‘oíche a athghabháil,’ mar a deir siad.

Ach ná ceapadh éinne go bhfuil deireadh tagtha leis an ráta uafásach foréigin in aghaidh ban. Tuairiscíodh an tseachtain seo, i ndiaidh mharú na mná in Hyderabad, go raibh 33,658 cás maidir le héigniú ar mhná ann in 2017 san India.

Sular fhág mé stát Kerala, d’fhiosraigh mé anseo is ansiúd scéal stádas na mban ansin. Thuairisc mé cheana faoin ráta ard oideachais ann – idir fhir agus mhná.

Ach taobh thiar de na staitisticí ar fad, tá fírinne nach féidir a shéanadh.

“Airíonn muid an-sábháilte,” a dúirt bean óg amháin liom. (Tá Béarla ar ceann de na trí theanga oifigiúla sa stát). “Ach sin sna bailte móra agus sna cathracha,” a dúirt sí. “Scéal eile ar fad é amuigh faoin tuath. Ní ghabhfainn amach i m’aonar.”

Córas taistil an-choitianta sna bailte agus sna cathracha is ea an bus poiblí. Ag féachaint amach as fuinneog mo bhus féin (ar leis an gcomhlacht saoire é), chonaic mé na sluaite ban ag fanacht ag na stadanna bus. Go hiondúil, seasann siad le chéile, ina mbaiclí beaga.

Dúradh liom go bhfuil sé mar pholasaí anois ar an mbus poiblí go gcoinnítear na suíocháin chun tosaigh sa bhus do mhná amháin. Ní cheadaítear d’fhear suí sna suíocháin ‘in áirithe’ seo. Agus b’fhíor don té a d’inis sin dom.  Chonaic mé uaidh sin amach go raibh na busanna lán chun deiridh le fir.

Rud eile a rinneadar in Kerala le tamall anuas, ná buíon póilíní ban a earcú. Tugtar na ‘Pink Police’ orthu. Go deimhin, nuair a chonaiceamar iad an tseachtain seo caite, bhíodar ar patról i gcarr bándearg póilíní.

Tá ag éirí go maith leis an iarracht áirithe seo. Nuair a tharlaíonn eachtra nó coir, a bhfuil baint aige le mná, is féidir anois leis na mná glaoch díreach ar an mbuíon bhándearg. Dúirt m’eolaí liom go mbaineadh na póilíní fireann pléisiúir as a bheith ag ceistiú na mban, san am a  caitheadh. Anois is féidir leis na mná a scéal a inseacht do mhná. Agus tá seans níos fearr ann go ngabhfaidh an cás cúirte chun cinn.

Agus mé ar an eitleán amach as Kerala, chonaic mé suaitheantas ar mhuinchille an aeróstaigh. Ansin chonaic mé ar an dara duine é. ‘Girl Power,’ a bhí scríofa air.

Labhair mé le beirt acu. Bhíodar breá sásta labhairt liom faoi.   “‘Girl Power’ – sin an mana atá againn,” arsa duine acu. “Thosaigh sé tar éis na heachtra uafásaí sin ar an mbus, roinnt blianta ó shin.”

Ach bhí níos mó ná suaitheantas muinchille i gceist. Comhlacht neamhspleách Indiach is ea an comhlacht aeir Indigo. Dúirt na mná óga liom go bhfuil sé mar pholasaí ag Indigo gur mná ar fad a bheas ar an bhfoireann sa chábán.

Bhí an t-am ann go gceapfadh daoine gur céim ar gcúl a bheadh sa mhéid sin.  Ach ceapann na mná iad féin gur dul chun cinn mór é agus go dtugann sé sórt ‘cumhacht’ dóibh. Tá beagán dul chun cinn déanta freisin ó thaobh na bhfoirne píolótaí agus roinnt ban ina measc siúd anois freisin.

Sá tír féin táthar ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh maidir le stádas na mban, ó stádas an chailín bhig aníos.  Níl aon dabht ach go bhfuil an coibhneas idir líon na mban agus líon na bhfear sa daonra as alt. Anois, tá an rialtas ag iarraidh an coibhneas a leigheas trí pholasaithe éagsúla gríosaithe. Tugtar airgead agus cabhair oideachais do lánúin a mbíonn páiste baineann acu. Mura mbíonn acu ach páiste amháin agus gur cailín í, is amhlaidh is fearr a bhíonn an gríosadh oifigiúil sin.

Tá na póilíní ag iarraidh a ráta earcaíochta i measc na mban a fheabhsú freisin. Beidh le feiceáil cé chomh maith agus a éireoidh leis na polasaithe seo ar fad.

Ach ní go luath a stopfaidh an mháirseáil agus an agóidíocht.

Fág freagra ar 'LITIR ÓN INDIA: Mná ag seasamh an fhóid le chéile i ndiaidh éigniú agus dúnmharú eile'

  • Niall na Naoi bPiontaí

    Caithfidh mé a rá gur thaithin sé seo liom chomh mór agus a thaithin an píosa eile faoin India – maith thú a Mhairéad! :-)

  • Niall na Naoi bPiontaí

    Ach ba uafásach an scéal é ag an am céanna… an bhean bhocht :-(