LITIR Ó MHEIRICEÁ THEAS: Morales éirithe as agus Lula scaoilte saor

Tá beirt seanfhondúirí de chuid na heite clé i Meiriceá Theas ag iarraidh teacht slán mar pholaiteoirí, ach is cuma céard a tharlóidh beidh polaitíocht na Brasaíle agus na Bolaive faoina n-anáil go lá a mbáis

LITIR Ó MHEIRICEÁ THEAS: Morales éirithe as agus Lula scaoilte saor

Uachtarán na Bolaive, Evo Morales le iar-uachtarán na Brasaíle, Lula

Níor thúisce iar-uachtarán iomráiteach na Brasaíle, Lula, ligthe amach as an bpríosún nó tá uachtarán na Bolaive, Evo Morales, tar éis éirí as i ndiaidh do cheannairí an airm, na bpóilíní agus go deimhin do chuid de phobal na tíre brú a chur air é sin a dhéanamh. 

Ar ndóigh níl aon bhaint dhíreach idir an dá eachtra – tíortha éagsúla atá i gceist – ach tá rudaí i gcoitinne ag an dá scéal.

Tráthnóna Dé Domhnaigh, d’fhógair Evo Morales, an t-uachtarán bundúchasach Aymara a bhí i gceannas ar an mBolaiv ó bhí 2006 ann, go raibh sé ag éirí as. Atoghadh Morales ar an 20 Deireadh Fómhair i gcéad bhabhta an toghcháin uachtaránachta ach chuir an freasúra faoi cheannas Carlos Mesa caimiléireacht vótaí ina leith; scaip léirsithe foréigneacha fud fad na tíre agus i ndeireadh na dála b’éigean do Morales géilleadh don bhrú ó chuid den phobal agus ó na fórsaí armtha. ‘Coup d’état sibhialta’ agus ‘ionsaí ar an daonlathas’ a thug Morales ar an eachtra san aitheasc teilifíse inar fhógair sé féin agus a leas-uachtarán Álvaro García Linera go raibh siad ag éirí as.

Más buille don eite chlé i Meiriceá Theas éirí as Morales Dé Domhnaigh, bua ollmhór don eite chéanna ab ea é gur ligeadh iar-uachtarán iomráiteach na Brasaíle, Lula, amach as príosún an Aoine roimhe sin. Bhí Lula i bpríosún le bliain agus seacht mí anuas, é ciontaithe faoi dhó as coireanna caimiléireachta a shéanann sé féin go láidir. Tá achomharc ar bun ag an iar-uachtarán agus, a bhuíochas do rialú a rinne Cúirt Uachtarach Fheidearálach na Brasaíle Déardaoin na seachtaine seo caite, b’éigean gach príosúnach sa tír a mbeadh deiseanna achomhairc aige go fóill a scaoileadh saor. Bhí Lula i measc os cionn 5,000 duine a ligeadh amach as príosún sa Bhrasaíl ag an deireadh seachtaine.

Níor thúisce scaoilte amach as an bpríosún é nó chuaigh Lula i mbun feachtasaíochta i gcoinne uachtarán fíorchoimeádach na Brasaíle, Jair Bolsonaro – a raibh an bua aige i dtoghchán uachtaránachta na bliana seo caite a bheadh buaite go héasca ag Lula, de réir gach pobalbhreithe, mura mbeadh é a bheith i bpríosún. Fiú agus achomharc ar bun aige ní bheadh cead ag Lula seasamh in aon toghchán agus é ciontaithe faoi dhó – agus anuas air sin níl aon toghchán uachtaránachta beartaithe sa Bhrasaíl go dtí an bhliain 2022 – ach mar sin féin beidh tionchar ollmhór aige ar pholaitíocht na Brasaíle agus ceannaire láidir arís ag an eite chlé sa tír sin.

Ní léir agus an t-alt seo á scríobh an seasfaidh Evo Morales sa toghchán uachtaránachta a bheidh le reachtáil sa Bholaive amach anseo. Ach fiú mura seasfaidh beidh tionchar ollmhór aige ar pholaitíocht a thíre go lá a bháis, fearacht Lula sa Bhrasaíl. 

Tháinig Lula agus Morales i gcumhacht thart ar an am céanna agus cé go bhfuil difríochtaí móra eatarthu – fear radacach é Morales ar go leor slite agus fear pragmatach é Lula thar aon rud eile – is laochra de chuid na heite clé agus an chosphobail iad, ní hamháin ina dtíortha féin ach go hidirnáisiúnta. 

An fhadhb a bhaineann leis an mbeirt acu, áfach, ná go ndearna siad botúin – agus an botún ba mhó a rinne an bheirt acu ná iarracht a dhéanamh fanacht i gcumhacht rófhada. Sin é, thar aon rud eile, ba chúis leis an míshástacht choiteann sa Bhrasaíl ba chúis le toghadh Jair Bolsonaro anuraidh agus leis na léirsithe foréigneacha sa Bholaiv ba chúis le héirí as Evo Morales.

Fág freagra ar 'LITIR Ó MHEIRICEÁ THEAS: Morales éirithe as agus Lula scaoilte saor'