Liodáin de cheisteanna gan fhreagairt agus an éiginnteacht i réim ó thuaidh

D’ainneoin a bheith sáite i gcogadh cathartha faoin mBreatimeacht, ní féidir leis na polaiteoirí leanúint leis an marbhántacht agus díomhaointeas a bhí mar chomhartha sóirt orthu abhus le dhá bhliain

Liodáin de cheisteanna gan fhreagairt agus an éiginnteacht i réim ó thuaidh

Pictiúr: Mark Stedman/Photocall Ireland

Táimid faoi gheasa aige le dhá bhliain go leith agus caolseans go scaoilfear uaidh sinn go luath: an Breatimeacht – an gad is giorra don scornach don bhliain 2019.

’Sé an 29 Márta an spriocdháta d’imeacht na Breataine as an Aontas Eorpach. Thairis sin, ní bheadh fáidh ná draoi ábalta a rá linn céard atá i ndán dúinn. Cé a bheas in uimhir a 10 Sráid Downing? Cén faicsean sa pháirtí Caomhach a mbeidh an lámh in uachtar aige? Céard a dhéanfaidh comhghuaillíocht aduain d’fheisirí Parlaiminte den lucht fanta san AE nó díorma dalba de lucht fágála?

Cén tionchar a bheidh ag an mbrachán orainne? Ar Thuaisceart Éireann? Agus ar an bPoblacht? Tá liodáin de cheisteanna gan fhreagairt. Éifeacht ar thrádáil? Ar allmhairiú agus onnmhairiú? Ar shábháilteacht bia? Ar scéimeanna sláinte trasteorann? Tá gá le cinnteacht nach mbeidh teorainn chrua ann, go mbeidh an 300,000 daoine agus 110,000 feithicil a thrasnaíonn í gach lá in ann leanúint ar aghaidh mar is gnách. An mbeidh ganntanas oibrithe ón AE abhus? ’Sé Tuaisceart Éireann an réigiún den Ríocht Aontaithe is mó a bhíonn ag brath ar oibrithe ón iasacht.

Cad iad na ciallachais don chaidreamh AnglaÉireannach? Is léir go bhfuil dochar déanta dó cheana féin. Tá gá le biseach ach tá cúrsaí íogair. Níor mhór don dá rialtas teacht le chéile chun iarracht a dhéanamh polaitíocht Stormont a tharrtháil. Ní haon ribín réidh é sin in am ar bith ach i bhfianaise na guagachta sa chaidreamh tá sé fíordhúshlánach.

Tá an scéal níos casta de bharr an Bhreatimeachta agus seasamh an DUP ina fhabhar d’ainneoin móramh an phobail agus páirtithe leasmhara a bheith ina choinne agus ag fáiltiú roimh an gcúlstad. Cor diúltach eile sa scéal is ea an méid a nochtadh ag fiosrú an RHI i dtaca le fheidhmiúlacht Stormont faoi cheannas an DUP agus Sinn Féin. Is beag seans go bhféadfaí an Tionól agus an Feidhmeannas a chur ar ais ar a mboinn go dtí go mbeidh tuarascáil an Bhreithimh Coghlin foilsithe agus na hiarmhairtí curtha ina gceart.

Beidh áisitheoir/cathaoirleach cumasach neamhspleách riachtanach chun gortghlanadh a dhéanamh le gurbh fhéidir tús a chur le cainteanna ollpháirtí. Ansin féin beidh obair radacach de dhíth agus gach seans go dtógfadh sé achar níos faide ná an bhliain seo chugainn.

I gceann coicíse, ar an 16 Eanáir 2019, beidh sé dhá bhliain ó thit Stormont. Áiríodh le déanaí go raibh 160 céim reachtúil nár glacadh sa tréimhse sin. Baineann siad sin le sláinte, timpeallacht, póilíneacht, gníomhaíocht in aghaidh paraimíleatach, leathanbhanda agus oideachas. Tá cuid acu an-tromchúiseach – easpa gnímh faoi shláinte agus scoileanna go háirithe. Cruacheist do rialtas na Breataine is ea é sin cheal rialtas díláraithe in Stormont. D’ainneoin a bheith sáite i gcogadh cathartha faoin mBreatimeacht ní féidir leo leanúint leis an marbhántacht agus díomhaointeas a bhí mar chomhartha sóirt orthu abhus le dhá bhliain.

Tá ceisteanna eile níos faide fós gan réiteach. Ina measc tá oidhreacht na dtrioblóidí, íobartaigh gan faisnéis ná fírinne, gan an chóir nó fiú coiste cróinéara go minic agus go leor gan cóir leighis. Ritheadh próiseas comhairliúcháin faoin scéal sa bhfómhar; beifear ag éileamh gnímh go luath.

Sa chomhthéacs sin ba mhór an faoiseamh é do mhuintir Bhaile Uí Mhurchú gur cuireadh tús le hionchoisne faoin sléacht i 1971 nuair a maraíodh deichniúr an deireadh seachtaine a cuireadh imtheorannú gan triail i bhfeidhm. Leanfaidh na héisteachtaí nuair a osclóidh an chúirt tar éis shaoire na Nollag. Cuireadh an milleán ar pharatrúpaí as Arm na Breataine as an deichniúr a mharú. Tá suim mhór i leagan amach na n-údarás míleata i dtaca leis an ionchoisne mar go bhfuil iarrachtaí ar siúl chun saighdiúirí a choinneáil saor ó chúiseamh.

I mí Feabhra beidh sé scór go leith bliain ó mharaigh dílseoirí, i gclaonpháirt le seirbhísí faisnéise rúnda na Breataine, an dlíodóir Pat Finucane. Rithfear imeachtaí chun béim a leagan ar éileamh an teaghlaigh ar fhiosrú dlíthiúil neamhspleách faoin dúnmharú agus claonpháirtíocht.

I mí Eanáir seo caite b’éigean don fheisire Parlaiminte d’iarthar Thír Eoghain, Barra Mac Giolla Dhuibh ó Shinn Féin éirí as an bpolaitíocht tar éis pictiúr a chur ar mheán sóisialta a mhaslaigh íobartaigh shléacht Kingsmill i gCo. Ard Mhacha ar an 5 Eanáir 1976. Mharaigh an IRA deichniúr san ionsaí seicteach ar oibrithe, mhair Alan Black a buaileadh le 16 piléar. Dúirt Mac Giolla Dhuibh nach raibh aon chuimhne aige ar Kingsmill, cothrom an lae ar tharla an sléacht agus gur de thaisme a bhí builín aráin Kingsmill ar a chloigeann.

Le déanaí d’fhógair sé go raibh sé ag filleadh ar an bpolaitíocht agus go mbeadh sé ina iarrthóir don chomhairle áitiúil sa Bhealtaine seo chugainn. Beidh suim freisin i gcinneadh Fhianna Fáil faoin toghchán sin i bhfianaise na conspóide ar an Ómaigh faoi Shorcha McAnespie. An mbeidh iarrthóirí acu? An ndéanfaidh siad margadh leis an SDLP roimhe sin –tar éis comhráite atá gaibhte i bhfad – agus i bhfuaire, seans. D’fhógair páirtí nó gluaiseacht Pheadar Tóibín go mbeadh iarrthóirí acusan go cinnte; is cosúil go bhfuil daoine abhus atá in éadan ginmhillte ag tacú le Tóibín.

Tá rialú in athbhreithniú breithimh ar cheist an ghinmhillte abhus geallta ag an ArdChúirt i mBéal Feirste faoi dheireadh Eanáir. Tugadh cead i mí Dheireadh Fómhair do Sarah Ewar dúshlán a thabhairt don toirmeasc ar ghinmhilleadh i ngach cás ach amháin nuair atá beatha na máthar i mbaol. B’éigean do Ewart a dhul go Sasana in 2013 nuair a bhí foirceannadh uaithi mar nach raibh an féatas a bhí sí a iompar inmharthana. Tá sí ag éileamh athrú ar an dlí ó shin chun go bhféadfadh bean cóir leighis a fháil sa bhaile. Ceist thar a bheith conspóideach í abhus, an DUP agus eagraíochtaí ‘ar son na beatha’ an-ghníomhach in aghaidh leasú ar an dlí; is cinnte go mbeidh an díospóireacht teasaí arís in 2019.

Fág freagra ar 'Liodáin de cheisteanna gan fhreagairt agus an éiginnteacht i réim ó thuaidh'