Leo agus Micheál – an chaint agus an cur i gcéill

Tá gach cosúlacht ar an scéal faoi láthair gur túisce a bheidh toghchán uachtaránachta againn ná olltoghchán

Leo agus Micheál – an chaint agus an cur i gcéill

Pictiúr: RollingNews.ie

Déantar gach iarracht an focal ‘nuapholaitíocht’ a sheachaint sa cholún seo, ach uaireanta is deacair déanamh dá uireasa.

Is beag athrú ar an tseanpholaitíocht a tugadh faoi deara i gcur chuige ár máistrí i dTeach Laighean le cúpla bliain. Sin ráite, tá mórghaisce amháin déanta acu. Tá an rialtas mionlaigh is lú agus is laige dár cuireadh le chéile ó bunaíodh an stát coinnithe ar snámh acu.

Cibé locht atá ar an ‘nuapholaitíocht’, ní féidir neamhsheasmhacht a chur ina leith. Chuir an socrú muiníne agus soláthair a rinne Fine Gael agus Fianna Fáil dhá bhliain ó shin tús le ré nua comhoibrithe idir an dá pháirtí.

Faraor, níor neartaigh an comhoibriú ná an cur chuige nua cumas an Rialtais tabhairt faoi easpa dídine agus tithíochta. Níl dul chun cinn déanta acu ach oiread sa tseirbhís sláinte, agus na liostaí feithimh ag fadú i gcónaí.

Taobh istigh de gheataí Theach Laighean áfach, tá an saol ag athrú, mar is léir ó thosaigh caint ar olltoghchán le gairid. Níl an focal ‘olltoghchán’ féin luaite ag Leo Varadkar ná ag Micheál Martin, ach níl focal ráite ag ceachtar acu le mí anuas nár bheathaigh an tuairimíocht ina thaobh. 

Tá an scéal amhlaidh in ainneoin nós a bhí coitianta i ngach Dáil eile a bheith casta bunoscionn sa 32ú Dáil. De ghnáth, tar éis do rialtas a bheith in oifig ar feadh cúpla bliain, nó roimhe sin uaireanta, is ar thaobh an fhreasúra amháin a chloistear caint ar olltoghchán, caint nach n-oireann riamh don rialtas.

Faoi láthair áfach, níl focal faoi olltoghchán ráite ag Micheál Martin ná ag duine ar bith eile i bhFianna Fáil, má fhágtar na gnáthráitis gan bhrí i leataobh – ‘we’re not afraid of an election’, ‘it won’t be our fault if there’s an election’ agus a leithéid.

Tá briatharchath ar bun ceart go leor idir é féin agus an Taoiseach. Ba chóir do Leo Varadkar dul i gcomhairle leis roimh an gcáinaisnéis, dar le Micheál Martin. Ba chóir d’Fhianna Fáil a rá cé acu an bhfuil siad toilteanach nó nach bhfuil leanacht ar aghaidh leis an gcomhréiteach idir an dá pháirtí, dar le Leo Varadkar.

Ba chóir don Taoiseach a bheith béasach, a dúirt Micheál Martin, agus cur chuige na cáinaisnéise a phlé le Fianna Fáil in ionad a bheith ag iarraidh comhréitigh le haghaidh na tréimhse ina diaidh.  Is féidir síneadh an chomhréitigh a phlé ar ball, mar a socraíodh, a deir ceannaire Fhianna Fáil. Ba chóir don Mháirtíneach a rá anois, a deir ceannaire Fhine Gael, go bhfuil sé toilteanach leanacht ar aghaidh leis an gcomhréiteach, is é sin má tá sé toilteanach.

Agus mar sin de.

Ní gá leanacht leis an gcur síos ar an díospóireacht seo nach díospóireacht i dáiríre í. Oireann an chaint do Leo agus do Mhicheál ar bhealaí éagsúla. Tá míshásamh teoranta á fhógairt ag an mbeirt acu. Agus chomh maith leis sin tá leathimpleacht i ráitis an Taoisigh go mb’fhéidir go bhfógródh sé olltoghchán dá bhféadfaí an milleán a chur ar Fhianna Fáil.

An fhírinne nach gceileann cogadh seo na mbó maol? Ní oireann olltoghchán do leas Fhine Gael ná do leas Fhianna Fáil, de réir an chuma atá ar an saol polaitiúil faoi láthair. Ní imeoidh an socrú muiníne agus soláthair idir an dá pháirtí as feidhm go rithfear an bille airgeadais agus an bille leasa shóisialaigh tar éis an bhuiséid.

Is ionann sin agus a rá go mbeidh an comhshocrú i bhfeidhm go deireadh na bliana. Ina dhiaidh sin, ní léir aon chúis, seachas místuaim as cuimse nó tubaiste gan choinne, nach n-oirfeadh sé dóibh araon leanacht ar aghaidh le socrú den sórt céanna, ar bhonn foirmiúil nó neamhfhoirmiúil.

Ní cóir místuaim ná tubaiste a chur as an áireamh riamh agus cúrsaí polaitíochta á bplé. Ach tá gach cosúlacht ar an scéal faoi láthair nach olltoghchán ach toghchán uachtaránachta b’fhéidir (rud a bheadh folláin, dar le Mary Lou McDonald) atá ag teannadh linn.

Fág freagra ar 'Leo agus Micheál – an chaint agus an cur i gcéill'