Léiriú é breithiúnas Ard-Chúirte ar ‘neamhábaltacht’ an rialtais i leith na Gaeilge – Sinn Féin

Dúirt breitheamh Ard-Chúirte ag go bhfuil sé seafóideach a áiteamh go bhfuil feidhm dlí fós ag córas na scéimeanna teanga, an córas faoina ndaingnítí go leor de na dualgais ó thaobh na Gaeilge a bhíonn ar chomhlachtaí poiblí

Léiriú é breithiúnas Ard-Chúirte ar ‘neamhábaltacht’ an rialtais i leith na Gaeilge – Sinn Féin

Léiríonn tuairim breitheamh Ard-Chúirte faoi sheasamh chóras na scéimeanna teanga “neamhábaltacht” an rialtais i leith na Gaeilge, dar le Sinn Féin.

Rinne an Breitheamh Richard Humphreys spior spear ag deireadh na bliana seo caite de mhaíomh na Roinne Gaeltachta go raibh feidhm i gcónaí ag an gcóras faoina ndaingnítí na dualgais teanga a bhíonn ar chomhlachtaí poiblí.

Dúirt sé go raibh sé “seafóideach” agus “áiféiseach” a áiteamh go bhfuil feidhm ag córas na scéimeanna teanga fós, – breithiúnas a tháinig salach ar dhearcadh na Roinne Gaeltachta.

Faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, a leasaíodh ag deireadh 2021, rinneadh aisghairm ar an reachtaíocht a thug feidhm do na scéimeanna teanga agus bhí córas nua bunaithe ar chaighdeáin le teacht i bhfeidhm ina n-áit roimh dheireadh 2024 ar a dhéanaí.

Nuair a loic an Rialtas ar an sprioc reachtúil sin, chuir Roinn na Gaeltachta leasú i mBille Údarás na Gaeltachta a chuirfeadh síneadh reachtúil le córas na scéimeanna.

Nuair nár achtaíodh bille an Údaráis in am chun síneadh a chur leis na scéimeanna teanga, scríobh an Roinn litir chuig comhlachtaí poiblí mí na Nollag 2024 “le meabhrú dóibh nár chóir aon laghdú a theacht ar leibhéil na seirbhísí i nGaeilge atá á soláthar acu le linn na hidirthréimhse seo”.

Dúirt urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh,

le Tuairisc go raibh an “bunús dlíthiúil” bainte de chóras na gcearta teanga.

“Léiriú atá sa mhéid a dúirt an Breitheamh ar neamhábaltacht an Aire agus na Roinne atá tar éis an bunús dlíthiúil a bhaint ó chosaint ríthábhachtach ar a raibh pobal na Gaeilge ag brath agus iad ag lorg aitheantais dá gcearta teanga ón státchóras.

“Ní féidir easaontú leis an méid a dúirt an Breitheamh, toisc go raibh a fhios againn go raibh sé seo chun tarlú gan dlí nua ag tabhairt feidhm ar ais do na scéimeanna teanga,” a dúirt Ó Snodaigh.

Dúirt an Teachta Dála do Bhaile Átha Cliath Theas Láir gur thuig a pháirtí “ón gcéad lá” go raibh baol ann go dtarlódh a leithéid agus gur éiligh Sinn Féin “arís agus arís eile” go bhfoilseofaí na caighdeáin teanga a bhí le teacht in áit na scéimeanna teanga.

“Gheall an tAire Jack Chambers ag an am go mbeadh dréacht-chaighdeáin foilsithe fiú roimh achtú Acht na dTeangacha Oifigiúla 2021, ar nós go raibh siad beagnach réidh, ach anois cúig bliana níos déanaí agus tá an dréachtú seo fós ‘ag teacht chun críche’ agus tá na scéimeanna bainte ón dlí.

“Sampla eile le cur ar an liosta fada samplaí de spriocdhátaí reachtúla nach bhfuil meas madra léirithe ag an rialtas orthu maidir le cás na Gaeilge agus na Gaeltachta, ar nós na dtreoirlínte pleanála a bhí geallta agus scéim na mbóithre áise,” a dúirt Ó Snodaigh.

Foilsíodh an Plean Gníomhaíochta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge an tseachtain seo caite, plean a bhfuil go leor de na beartais ann ag brath ar chóras nua na gcaighdeán a bheith bunaithe.

Dúirt Ó Snodaigh go gcaithfí na caighdeáin a fhoilsiú “gan a thuilleadh moille”.

Dúirt Aire na Gaeltachta Dara Calleary le Tuairisc an tseachtain seo caite go bhfoilseofaí na dréachtchaighdeáin roimh an samhradh seo chugainn.

“Tá an fhoireann ag obair agus tar éis an-obair a dhéanamh leis an bplean gnímh agus tá sé sin críochnaithe anois. Tá plean againn chun díriú isteach ar na caighdeáin sin. Tá siad tábhachtach agus tá muinín agam go mbeidh dréacht againn, le caint agus comhairliúchán [a dhéanamh fúthu], roimh an samhradh,” arsa an tAire Calleary.

Nuair nár achtaíodh bille an Údaráis in am chun síneadh a chur leis na scéimeanna teanga, scríobh an Roinn litir chuig comhlachtaí poiblí mí na Nollag 2024 “le meabhrú dóibh nár chóir aon laghdú a theacht ar leibhéil na seirbhísí i nGaeilge atá á soláthar acu le linn na hidirthréimhse seo”.

Fuair an Roinn comhairle dlí faoin scéal chomh maith.

I mí Feabhra seo caite, dúirt urlabhraí ón Roinn le Tuairisc go bhféadfadh sé “go bhfanfaidh scéimeanna teanga reatha i bhfeidhm go dtí go ndéanfar caighdeáin teanga a fhorordú ina n-áit do na comhlachtaí poiblí ábhartha sin”.

Fág freagra ar 'Léiriú é breithiúnas Ard-Chúirte ar ‘neamhábaltacht’ an rialtais i leith na Gaeilge – Sinn Féin'