Léarscáil i mBéarla amháin gan aon ‘Mumbo-Jumbo to offend or confuse the traveller’

Chruthaigh Andy Arthur ‘Not spoken here - a Monoglot’s railway map of central and east Scotland’ chun léargas a thabhairt ar a bhoichte is a bheadh oidhreacht na hAlban gan a logainmneacha dúchasacha

Léarscáil i mBéarla amháin gan aon ‘Mumbo-Jumbo to offend or confuse the traveller’

Tá scaipeadh mear á dhéanamh ar líne ar léarscáil bhréige Bhéarla á cruthaíodh chun aird a tharraingt ar shaibhreas logainmneacha dúchasacha na hAlban.

Níl aon lorg den Gàidhlig, nó ‘foreign Mumbo-Jumbo’, ar an léarscáil d’iarnród na hAlban a rinneadh mar scigmhagadh ar mheon an aonteangachais.

Andy Arthur a chruthaigh an léarscáil chun léargas a thabhairt ar a bhoichte is a bheadh oidhreacht na hAlban dá mbeifí ag brath ar an Bhéarla amháin.

 

Ag labhairt dó leis an nuachtán The National, dúirt Arthur gur chruthaigh sé an léarscáil aonteangach le cur abhaile ar lucht ‘an Bhéarla amháin’ a áiféisí is atá sé a bheith i gcoinne an Gàidhlig nó teanga ar bith eile. 

Dúirt Arthur go bhfuil eolas “luachmhar” sna logainmneacha Gàidhlig, agus i logainmneacha teangacha eile, faoin  “tírdhreach”, agus faoi “na daoine a d’imigh romhainn”.

Ar léarscáil Arthur, ‘Not spoken here – a Monoglot’s railway map of central and east Scotland’ baintear úsáid as leaganacha nua Béarla atá bunaithe ar bhunbhrí na logainmneacha Gàidhlig.

Mar sin, ‘Church of Speckled Stone High’ an t-aistriúchán nua atá ag Arthur ar An Eaglais Bhreac, seachas Falkirk High, an logainm oifigiúil Béarla.

Dúirt sé nach mbíonn mórán eolais sna logainmneacha oifigiúla Béarla faoi na háiteanna lena mbaineann siad agus gur ar mhaithe le “pointe a dhéanamh” a chruthaigh sé an léarscáil.

“Is é an pointe ná gur bhronn an Gàidhlig, agus teangacha eile, orainn oidhreacht shaibhir ó thaobh na logainmneacha de, agus d’uireasa tuiscint a bheith againn orthu ní bheadh a fhios againn cén áit go díreach in Albain a bhfuil muid, agus is ar an chúis sin a roghnaigh mé léarscáil scéimreach, ionas nach mbeadh aon leideanna tíreolaíochta le feiceáil,” a dúirt Arthur.

Tá sé ina raic faoi cheist na gcomharthaí dátheangacha in Albain le tamall.

Tharraing alt faoin gcomharthaíocht dhátheangach le Brian Beacom, colúnaí de chuid The Herald, go leor conspóide an mhí seo caite. Mhaígh Beacom gur cheart ligint don Ghàidhlig, “bás a fháil mar a fuair an Laidin roimpi”.

Fág freagra ar 'Léarscáil i mBéarla amháin gan aon ‘Mumbo-Jumbo to offend or confuse the traveller’'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Is trua nach dtuigeann muintir na hÉireann agus rialtas na hÉireann chomh luachmhar is atá ár gcuid logainmneacha.

    Is trua nach dtugtar comhionannas don leagan Gaeilg de logainmneacha na hÉireann ar chomharthaí bóithre. Is trua nach dtugtar aitheantas do, agus nach n-úsáidtear, logainmneacha Gaeltachta ar achan rud. B’fhéidir dá mbeadh dea-shampla ón rialtas…

  • tommy

    ‘Baile na Carraige’ nó ‘Rockenham’? ‘Glenanaar’ nó ‘Gleann an Áir’? ‘Sceichín a’ Rince’ (‘ai’…..canúint na Rinne) nó ‘Skeheenarink’? ‘Lios Carragáin’ nó ‘Liscarragane’? ‘Dún Bóinne’ nó ‘Dunboyne’? srl srl. Is i bhFlóndrais amháin a bhíonn na comharthaí bóthair i dtuaisceart na Beilge. Tóg nó fág.

  • Síle Ní Chathasaigh

    “Is i bhFlóndrais amháin a bhíonn na comharthaí bóthair i dtuaisceart na Beilge. Tóg nó fág.”
    Bhíos fhéin ag smaoineamh ar gcás na Beilge; áit in a bhfuil leagan Fraincis agus leagan Isiltíris ar uile logainm. Ta muintir na tíre agus cuairteoirí sa tír in ann déileáil leis.
    Nach é an Béarla an Mumbo-Jumbo maidir le logainmneacha na hÉireann agus na hAlbain agus é ag cur saibhreas agus stair na háite i gceilt?