Léargas taitneamhach suimiúil ar Lord Haw-Haw na Gaeilge

Rinne clár faisnéise ar an BBC cur síos ar an gcainteoir líofa Gaeilge agus oifigeach sinsearach san SS a chaith tréimhse sa Ghaeltacht

Léargas taitneamhach suimiúil ar Lord Haw-Haw na Gaeilge

Teileann i nGaeltacht Dhún na nGall.

Ollamh le léann Ceilteach, bailitheoir béaloidis, Naitsíoch, cainteoir líofa Gaeilge, bolscaire agus oifigeach de chuid an SS. Is mó cló a chur an an Dr. Ludwig Mühlhausen air féin i gcaitheamh a shaoil. Agus teideal air a ghreamódh id aigne déanann an clár faisnéise uair an chloig Nazi sa Ghaeltacht (Dé Domhnaigh, BBC2) iniúchadh ar scéal an fhir seo agus a nasc le hÉirinn, ceantar Theilinn go háirithe.

Sé Caoimhín Mac Aoidh a bhí mar threoraí agus bleachtaire againn. Thug sé féin aghaidh ar Theileann tuairim is daichead bliain ó shin le Gaeilge a fhoghlaim agus tá sé ag triall ar an gceantar Gaeltachta sin ó shin. I gcaitheamh na mblianta chuaigh seanchas an cheantair faoi Mühlhausen i bhfeidhm air agus chinn sé bunús an tseanchais a fhiosrú.

Vae linn ansin agus is mó cor agus casadh a chuir an scéal de. Ar dtús bhíos in amhras go ndéanfaí cnocáin do chnapáin agus go gcuirfí an clár thar a fhulaingt. Ní hamhlaidh a bhí, dhein Caoimhín an seanchas áitiúil a shníomh le hionchur saineolaithe agus cáipéisí oifigiúla éagsúla; cuntais áirithe ag teacht ó pheann an Ghearmánaigh féin.

Go deimhin thug Mac Aoidh geábh ar an nGearmáin agus labhair as Gaeilge le beirt saineolaithe Gearmánacha.

Dúradh linn gur thosaigh Mühlhausen ag foghlaim na Gaeilge ar an mBlascaod agus gur chaith sé seal i gceantair éagsúla in iarthar na hÉireann sular leaindeáil sé i dTeileann in 1937, mar ar chaith sé seachtaine.

Ba ollamh leis an Léann Ceilteach é in Ollscoil Bheirlín agus is ar iarratas ó Shéamus Ó Duilearga, stiúrthóir Choimisiún Béaloideasa Éireann, a thóg an bailitheoir áitiúil Seán Ó hEochaidh an Gearmánach faoina chúram. Glacadh leis go fonnmhar cé go raibh sé deacair ag muintir na háite ar dtús Gaeilge Chiarraí, le tuin Ghearmánach a thuiscint. Ba léir go raibh dúil áirithe aige sa chultúr agus sa bhéaloideas agus ba léir óna scríbhinní féin gur mór a mheas ar obair an Choimisiúin.

Ba mhó a mheas ar an Naitsíochas agus a chuid aidhmeanna, áfach. Mheas sé go raibh na hÉireannaigh an-neamhéifeachtúil i mbun talmhaíochta agus go mbeadh an tÉireannach i bhfad níos fearr as faoi chúram na nGearmánach. Ní haon iontas sin ó fhear a raibh pictiúr de Hitler crochta ar an bhfalla aige ina lóistín i dTeileann. Tháinig amhras ar mhuintir na háite nuair a bhíodh sé ag tógaint pictiúirí agus ag póirseáil timpeall na cé. Mheabhraigh Caoimhín dúinn an tábhacht a bhainfeadh le cuanta chósta thiar na hÉireann i rith chogadh an Atlantaigh.

Thug Caoimhín faoina chúram go tomhaiste agus méadaíodh ar an teannas de réir a chéile is é ag teacht ar cháipéisí agus fianaise eile a thacaigh leis an seanchas áitiúil. Leis an dlaoi mhullaigh a chur ar cúrsaí chuaigh Mühlhausen i mbun bolscaireachta don Tríú Reich as Gaeilge i 1939. Lord Haw-Haw na Gaeilge más maith leat.

É ag ainmniú a chairde Éireannacha agus ag trácht ar a bheith “cois tine agus boladh na móna i mo shrón”.

Ní fhéadfaí a leithéid a chumadh. Clár taitneamhach suimiúil tugtha ar an bport go cáiréiseach.

Fág freagra ar 'Léargas taitneamhach suimiúil ar Lord Haw-Haw na Gaeilge'

  • Gabriel Rosenstock

    Tá go leor eile faoin mboc céanna ar AINM.IE:
    https://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=1132
    Is ionadh liom nach mbaineann taighdeoirí leas as an acmhainn áirithe sin.