LÉAMHTHUISCINT: Lá an daonlathais – Joe Biden insealbhaithe ina uachtarán

Léamhthuiscint – Léigh an t-alt agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

LÉAMHTHUISCINT: Lá an daonlathais – Joe Biden insealbhaithe ina uachtarán

Dé Céadaoin seo caite an lá a raibh cead ag “cailín óg tanaí dubh de shliocht sclábhaithe a thóg máthair aonraic a bheith ag brionglóideach go mbeadh sí ina huachtarán, agus gur éirigh léi a bheith ag aithris filíochta d’uachtarán”. 

Tuar dóchais is misnigh a bhí sna focail thábhachtacha sin ag Amanda Gormon, Laureate Náisiúnta na nÓg sna Stáit Aontaithe, sméar mhullaigh insealbhú an Uachtaráin Joe Biden ag an gCaipeatól in Washington.

Macalla a bhí i ndán na mná óige ar fhís Joe Biden, an 46ú Uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá, agus é ag achainí ar dhaoine oibriú as lámha a chéile leis na dúshláin atá roimh an tír a shárú.

 “Seo é lá Mheiriceá, seo é lá an daonlathais,” a dúirt Biden agus é ag cur tús lena chéad óráid.  “Tá an lá leis an daonlathas,” a dúirt an tUachtarán nua agus é ag aithint san am céanna go raibh “go leor le déanamh geimhreadh seo na contúirte agus na féidearthachta”.

“Leis na dúshláin sin a shárú, leis an spiorad a athbheochan  agus todhchaí Mheiriceá a shlánú, teastaíonn i bhfad níos mó ná caint, teastaíonn an rud is deacra a aimsiú i dtír dhaonlathach, an t-aontas.”

Dúirt sé gur lá dóchais a bhí ann agus go gcuideodh sé féin le “fórsa ar son na maitheasa a dhéanamh de Mheiriceá arís” sa domhan. “Tabharfar cluas don éileamh ar chearta gach cine, ní chuirfear fís an chirt ar an méar fhada níos mó,” a dúirt sé.

Gheall Biden go gcuirfí an sceimhlitheoireacht laistigh den tír agus an forchiníochas geal faoi chois.

Dúirt sé go raibh fórsaí ann a chothaíonn deighilt i Meiriceá a bhí “dáiríre agus domhain” ach nach aon “rud nua” é sin. Is fada an lá an cath i gcoinne an “dúchasachais agus an chiníochais” ag dul ar aghaidh, a dúirt sé.

Aontas agus deireadh leis na heasaontais a bhí sa tír le tamall a bhí á n-éileamh ag an Uachtarán nua agus é ag déanamh a chéad óráid ó éadan thiar an Chaipeatóil in Washington.

Tamall gearr roimhe sin chuir an seanadóir agus an dlíodóir Kamala Harris a hainm sa Táin agus í ar an gcéad bhean a cuireadh faoi mhionn na leasuachtaránachta i Meiriceá.  Ba dheacair gan cuimhneamh ar The Color Purple, leabhar mór le rá an fheiminigh Alice Walker agus an dath corcra á chaitheamh go bródúil ag mná cumasacha ar chéimeanna an Chaipeaóil.

Tá sé 212 bliain ó ceapadh John Adams ina chéad leas-uachtarán ar Mheiriceá ach lá stairiúil, an 20 Eanáir 2020, a insealbhaíodh an chéad bhean agus an chéad duine den chine dubh is Áiseach mar Leas-Uachtarán.

Dúirt Joe Biden nach raibh sé dall ar na dúshláin a bhí roimhe, ach dúirt sé nach bhfuil rud ar bith nach féidir le Meiriceánaigh a dhéanamh ach comhoibriú le chéile. Ar chneasú agus tús nua lán dóchais a labhair sé tráth a bhfuil géarchéim sláinte, aighneas ciníoch agus easaontas go leor sa tír.

Gheall Biden go mbeadh sé féin ina Uachtarán do chuile dhuine sa tír. Thug sé gealltanas chomh maith do na daoine sin a vótáil do Donald Trump, a lán acu a chreideann go fóill gur ghoid Biden an toghchán, agus dúirt sé go seasfadh sé do gach Meiriceánach cibé ar vótáil siad ar a shon nó ina choinne.

Thagair sé do na dúshláin atá le sárú ag na Stáit Aontaithe agus na hathruithe móra polasaí atá le déanamh le déileáil leis an  bpaindéim agus le cúrsaí amhail an t-athrú aeráide.

Agus é ina sheasamh sa spota céanna inar thug léirseoirí ruathar faoin gCaipeatól coicís ó shin, dúirt an tUachtarán go raibh sé in am éirí as reitric na deighilte, an cantal a mhaolú, éisteacht a thabhairt dá chéile agus meas a bheith ag daoine ar a chéile.

“Tá ceacht pianmhar foghlamtha againn le cúpla seachtain agus cúpla mí. Tá an fhírinne ann agus tá an bhréag ann,” a deir Biden.

Thug an tUachtarán faoina chuid oibre láithreach bonn ar pholasaithe nua a thabhairt isteach le déileáil le paindéim an choróinvíris, an cúlú eacnamaíochta, an inimirce agus cúrsaí éagsúlachta agus athraithe aeráide.

I bhfocail Amanda Gormon, an dúshlán atá roimhe “tír a chruthú a bheas ann do gach dath, gach carachtar agus gach bail atá ar an duine” nó mar a chan Lady Gaga san amhrán náisiúnta “tír na saoirse, tír an laochais”. 

Ní beag sin mar dhúshlán.

Gníomhaíocht 1 Triail Tuisceana

  1. Cén fáth go gceapann an t-údar gurbh iad focail an fhile óig sméar mhullaigh na hócáide insealbhaithe in Washington? 
  2. ‘Tá an lá leis an daonlathas’ a dúirt an tUachtarán Biden. Mínigh céard a cheapann tusa a bhí i gceist aige.
  3. Gheall Biden go gcuirfí an forchiníochas geal faoi chois. Céard é an forchiníochas geal agus cén chaoi a léirítear é i Meiriceá?
  4. Cad atá réabhlóideach faoin Leas-Uachtarán nua i Meiriceá? An dóigh leat go bhfuil tábhacht ar leith leis sin?
  5. An bhfuil siombalachas ar leith ag baint leis an dath corcra i stair ghluaiseacht chearta ban? Déan beagán taighde agus cuir do thuairimí féin faoin traidisiún sin in iúl.
  6. Labhair Joe Biden ar an téarnamh nó an cneasú. Cad is dóigh leatsa atá le leigheas i Meiriceá?
  7. Cén “ceacht pianmhar” atá foghlamtha ag Meiriceánaigh?
  8. Tá paindéim an choróinvíris an-dona i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Cén difríocht is suntasaí idir polasaí Biden ina leith agus polasaí an Uachtaráin Trump?
  9. Tá polasaí éagsúil ag an Uachtarán nua freisin faoin athrú aeráide mar a léirigh sé an chéad oíche. Cén t-athrú is mó atá déanta aige?
  10. Agus dán Amanda Gormon ‘The Hill We Climb’ léite agat féin, an dóigh leat go mbeidh Biden agus a rialtas ábalta na haislingí atá sa dán sin a fhíorú? Mínigh do thuairim.

Gníomhaíocht 2 Nathanna le cur in abairtí

tuar dóchais
ainm a chur sa Táin
sméar mhullaigh
láithreach bonn
ní beag sin
ar son na maitheasa

Gníomhaíocht 3 Cúinne na Gramadaí

  • Faigh sampla den mhodh coinníollach sa gcéad abairt.
  • Faigh sampla d’aidiacht san uimhir iolra sa dara habairt.
  • Aimsigh sárchéim aidiachta sa téacs seo.
  • Faigh sampla d’aidiacht bhriathartha sa téacs.
  • Sracfhéachaint ar an tuiseal ginideach:

Cneasú (an pobal) agus (an tír) is aidhm do Joe Biden.

Géarchéim is costas (an phaindéim) an chéad dúshlán roimhe.

D’ardaigh filíocht (an bhean óg) mo mhisneach.

Cosc (an sceimhlitheoireacht) an rud is práinní.

Smál (an ciníochas seanbhunaithe) atá le glanadh.

Fág freagra ar 'LÉAMHTHUISCINT: Lá an daonlathais – Joe Biden insealbhaithe ina uachtarán'

  • Evan Hession

    Is fuath liom Joe Biden. Trump abú mar a deirtear

  • Padraigín-Seán

    Tá an léamhthuiscint seo deacair by god

  • Joe

    Ceann Deacair!!!!!