Léamhthuiscint – Éachtaint ar shaol eachtrúil conspóideach Denis O’Brien

Léamhthuiscint 05 – Léigh an t-alt agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

Léamhthuiscint – Éachtaint ar shaol eachtrúil conspóideach Denis O’Brien
  1. Is é Denis O’Brien an tÉireannach ó dhúchas is saibhre i láthair na huaire, dar le liosta rachmais Forbes, agus é in áit a 456. Is fiú tuairim is $4.6 fear Dhroichead na Dortha agus is é boc mór na meán in Éirinn agus piarda mór na teileachumarsáide sa Mhuir Chairib. Thug Denis O’Brien – The Story so Far (RTÉ 1, aréir) éachtaint ar a shaol agus a shaothar. Ní hé go dtugtar aon ní úrnua chun solais ach bailítear meitheal chuidsúlach de chloigne cainte le chéile le hiarracht a dhéanamh cíoradh oibiachtúil, cuimsitheach a dhéanamh ar na gaiscí, na haighnis agus na conspóidí a bhaineann leis an bhfear gnó cáiliúil.
  2. Mar is dual do tháirge mar seo, tosaítear amach le  laethanta a óige, a chuid scolaíochta agus an chéad phost a bhí aige. Chaith Denis dhá bhliain mar dhíoltóir taistil i Meiriceá ag iarraidh táirgí eachaí a athar a dhíol. Aon oíche amháin agus é ar a sháimhín só in Kentucky chonaic sé cainéal siopadóireachta ar an teilifís agus gineadh an smaoineamh a mhacasamhail a chur ar fáil i Sasana. B’eo leis ar bhóthar na fiontraíochta. Cé go ndein sé “a complete bollocks” den fhiontar sin níor tháinig aon lagmhisneach air agus nuair a d’éirigh córas na gceadúnas níos scaoilte bhunaigh sé 98FM i 1989.
  3. Ba é Esat a dhein a chóta bán dó, áfach, agus ba é freisin a chuir tús le conspóidí agus aighnis a mhaireann go dtí an lá atá inniu ann. Bhí Esat Telecom tar éis guailleáil isteach sa mhargadh teileachumarsáide nuair a d’fhógair an rialtas go raibh ceadúnas do ghnó gutháin phóca le bronnadh ionas go mbeadh iomaíocht sa mhargadh ag Eircell. Tháinig uisce le fiacla chomhlachtaí gnó ar fud an domhain ach i ndeireadh na dála ba é Esat Digifone le O’Brien a thug an svae leo. I gcaitheamh na mblianta, agus go dtí an lá inniu fiú, tá amhras á chaitheamh ar ionracas an phróisis, é á mhaíomh go raibh tionchar míchuí ag an Aire Cumarsáide Michael Lowry ar chúrsaí. Thug binse fiosraithe an Mhuircheartaigh íde na muc agus na madraí don bheirt acu agus luadh  “[a] cynical and venal abuse of office” le Lowry.
  4. Dhírigh an clár go mór ar an tréimhse sin agus tugadh chun cuimhne an binse fiosraithe a mhair ceithre bliana déag agus na hionsaithe fíochmhara binbeacha a dhein O’Brien air. Bhí an bhinb chéanna le feiceáil sa chomhrac leanúnach idir é féin agus muintir O’Reilly. D’éirigh le O’Brien an fear maith a fháil orthu sa deireadh agus muintir O’Reilly anois imithe go hiomlán ó Independent News and Media. I rith an ama bhí fás ollmhór ag teacht ar Digicel sa Mhuir Chairib. Lena chois sin ar fad bhí Siteserv agus Anglo. Ní saol eachtrúil gnó go dtí é.
  5. Tá an t-iliomad cásanna dlí tógtha ag O’Brien ó 2005 lena cháil a chosaint. É ag maíomh go minic go raibh éagóir á déanamh ag na meáin air. Dhein an clár seo iarracht mhór léargas a thabhairt chomh maith ar obair dhaonchairdiúil O’Brien; an bhaint a bhí aige leis na Cluichí Oilimpeacha Speisialta agus an obair mhór atá déanta ag a fhondúireacht sa Mhuir Chairib, in Háítí ach go háirithe. Tugadh cuireadh don fhear é féin a bheith páirteach ach thug sé an t-eiteach dóibh. Tá raidhse ábhar cartlainne ag RTÉ, áfach, agus rinneadh é seo a chniotáil leis na hagallaimh agus tráchtaireacht David Murphy.
  6. Ina measc siúd a labhair ar dhá thaobh an chlaí bhí: Conor Lenihan, Mark Cagney, Justine McCarthy, Sam Smyth, Michael Lowry, Michael McDowell, Bill Clinton agus Usain Bolt. Léiríodh O’Brien mar fhear gnó coráistiúil cumasach a raibh seans leis uaireanta agus mar dhuine a bhfuil na milliúin tugtha aige do dhea-oibreacha. Ag an am céanna déanann sé na fiacla a dhrannadh go minic go mórmhór nuair a bhíonn sé ag iarraidh a cháil a chosaint agus a chéilí comhraic a chloí. Faoi mar a thugann teideal an chláir le fios níl deireadh tagtha leis an scéal go fóill.

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna Tuisceana:

Déan na ceisteanna seo leat féin agus déan do chuid freagraí a roinnt le do pháirtí.

  1. Cad dó a thagraíonn an figiúr 456? (alt 1)
  2. Cén bhaint atá ag Droichead na Dortha le Denis O’Brien? (alt 1)
  3. Cén bhaint a bhí ag Kentucky leis an gcainéal siopadóireachta a bhunaigh sé? (alt 2)
  4. Cén chaoi ar éirigh leis an bhfiontar sin? (alt 2)
  5. Cérbh iad Eircell? (alt 3)
  6. Cén fáth a bhfuil amhras á chaitheamh go fóill ar an bpróiseas tairisceana a bhuaigh Esat? (alt 3)
  7. Cén fáth a luaitear ‘binb’ in alt 4?
  8. Cad é dearcadh O’Brien i leith na meán? (alt 5)

Gníomhaíocht 2 – Ceisteanna Léirthuisceana agus Tuairimíochta:

Déan na ceisteanna seo le do pháirtí agus déan na freagraí a roinnt le beirt eile.

  1. Céard is brí leis an bhfrása ‘piarda mór na teileachumarsáide sa Mhuir Chairib’?
  2. Cén fáth, meas tú, a bhfuil The Story so Far mar theideal ar an gclár seo?
  3. Ar thaitin an clár seo leis an léirmheastóir, meas tú? Cuir fáthanna le do fhreagra.
  4. Cén sórt duine é Denis O’Brien, dar leat?

Gníomhaíocht 3 – Cleachtadh léitheoireachta:

  • Léigh an chéad alt os ard don duine ina aice leat. Léifidh sé/sí an dara halt os ard duitse. Lean oraibh mar sin go deireadh an ailt.
  • Úsáid an uirlis fuaime ar teanglann.ie le cabhrú libh leis an bhfoghraíocht.

Gníomhaíocht 4 – deis taifeadta:

  • Tá teacht ar uirlis taifeadta ar bharr an leathanaigh ar chlé.
  • Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh ceann de na hailt.
  • Éist siar leis.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 5 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh:

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.
  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.
  • Ná dearmad gur féidir míniú a fháil ar fhocal tríd an gcnaipe ‘FOCLÓIRÍ’ a bhrú ar dtús agus ansin cliceáil ar an bhfocal féin.

Gníomhaíocht 6 –  Cúinne na Gramadaí:

  • Aimsigh sampla d’ainmfhocal firinscneach in alt 1.
  • Aimsigh sampla de chéim chomparáide na haidiachta in alt 1.
  • Aimsigh sampla d’ainmfhocal sa tuiseal ginideach uatha in alt 2.
  • Aimsigh sampla d’aidiacht bhriathartha in alt 5.
  • Sracfhéachaint ar an aimsir fháistineach:
    • (Fógair) na buaiteoirí an tseachtain seo chugainn.
    • (Tabhair) an múinteoir na torthaí amach amárach.
    • An (tar) mórán daoine ag an dráma, meas tú?
    • (Dírigh + muid) ar an ábhar sin arú amárach.
    • Ní (bailigh) siad na cótaí go dtí deireadh an lae.

Gníomhaíocht 7 – Bí ag scríobh agus ag caint:

  • Scríobh cúpla pointe faoin ábhar thíos:
    • Clár teilifíse a chonaic tú le déanaí.
  • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs a úsáid.
  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.teanglann.ie agus www.focloir.ie.
  • Nodanna: tabhair achoimre ghearr ar an gclár, inis an raibh sé go maith nó go holc agus cuir fáthanna leis na tuairimí sin, cé a bhí páirteach sa chlár? cén uair a craoladh é? ar chuala tú éinne eile ag caint faoi?
  • Arís is féidir leat tú féin a thaifeadadh.

Fág freagra ar 'Léamhthuiscint – Éachtaint ar shaol eachtrúil conspóideach Denis O’Brien'